‘Sí an Ghaeilge an sciath agus an taca cosanta atá againne i gcoinne fhórsaí an diabhail’

Tá píosa cainte faoi athbheochan na Gaeilge a rinne Seanascal deireanach Shaorstát Éireann, Domhnall Ua Buachalla, le RTÉ i 1937 curtha ar fáil ar líne

‘Sí an Ghaeilge an sciath agus an taca cosanta atá againne i gcoinne fhórsaí an diabhail’

Tá píosa cainte a rinne ball den chéad Dáil agus Seanascal deireanach Shaorstát Éireann faoi athbheochan na Gaeilge curtha ar fáil ar líne ag RTÉ.

Sa mhír, a taifeadadh in 1937, deir Domhnall Ua Buachalla go bhfuil gá le haire rialtais a mbeadh an Ghaeilge mar phríomhchúram air.

Deir sé go bhfuil athbheochan na Gaeilge mar ghnáth-theanga na tíre “níos tábhachtaí do mhuintir na hÉireann ná ceist ar bith don linn seo, más mian leo Éire a chur thar n-ais ina sean-áit i measc náisiúin an domhain.”

Mhol Ua Bhuachalla do rialtas na hÉireann “an lámh láidir” a úsáid chun an Ghaeilge a chur i réim arís mar phríomhtheanga na tíre.

Agus é ag moladh don rialtas aireacht a bhunú a mbeadh “leas na Gaeilge mar phríomhchúram uirthi”, dúirt Ua Buachalla gur chóir don té a bhí i gceannas ar an aireacht sin cuimhneamh “gur leis an lámh láidir a cuireadh an Béarla i réim in Éirinn agus gur leis an lámh láidir i dteannta le dea-thoil na ndaoine a ruaigfear as é”.

Dá ndéanfaí sin, a dúirt sé níorbh fhada uainn “an uain nuair a fheicfimid an Éire a theastaigh ón bPiarsach – ní amháin saor ach Gaelach, ní amháin Gaelach ach saor”.

Dar le hUa Bhuachalla, ní smaoineofaí riamh ar Éirinn mar stát ann féin gan a dteanga féin a bheith á labhairt ag a saoránaigh.

“Aithnímid cine amháin seachas cine eile de réir na teanga a labhraíonn an cine. Mar sin, ‘fhad is a labhraímis Béarla, is cuma cé mhéad saoirse a bheidh againn, aithneofar sinn mar chuid de Shasana, nach bhfuil deighilt idir sinn agus Sasana ach deighilt farraige.”

Mheas Ua Buachalla go raibh cúrsaí cultúrtha fite fuaite le ceist na teanga chomh maith agus tionchar na meán Béarla.

Nuair a bhí a gcultúr féin ag na Gaeil, a dúirt sé, bhí Éire ina “seod” in iarthar na hEorpa chomh fada is a bhain sé le “léann, sibhialtacht agus cultúr”.

“Le teacht thar n-ais dom don am faoi láthair agus féachaint ar an saol atá timpeall orainn, cad atá le feiscint? Fórsaí an diabhail agus iad ag taispeáint a gcloigne i ngach ard agus ag cur cogadh ar Chríostaíocht,” a dúirt Ua Buachalla.

Dúirt sé gurb iad na páipéir nuachta agus scannáin na huirlisí is éifeachtaí a bhí ag na fórsaí sin chun a ndrochthionchar a scaipeadh agus go raibh an Béarla páirteach iontu go léir.

“Sí an Ghaeilge, teanga ársa naofa na nGael, an sciath agus an taca cosanta atá againne i gcoinne na bhfórsaí sin. Sí an Ghaeilge a mhúin glaine croí, fírinne focal agus beart de réir a mbriathar dár gcine san anallód agus má sheasamid an fód don Ghaeilge, díolfaidh sí an comhar linn ar ball.”

Gníomhaí teanga a bhí in Ua Bhuachalla a throid le linn Éirí Amach 1916 agus a toghadh chun na Chéad Dála i 1918 mar bhall de Shinn Féin. Throid sé leis na fórsaí a bhí i gcoinne an Chonartha Angla-Éireannaigh le linn an Chogaidh Chathartha agus cheap Éamon de Valera é ina Sheanascal Shaorstát Éireann i 1932, post a bhí aige go dtí gur cuireadh deireadh leis an ról i 1936, an bhliain sular taifeadadh an t-agallamh le RTÉ.

Fág freagra ar '‘Sí an Ghaeilge an sciath agus an taca cosanta atá againne i gcoinne fhórsaí an diabhail’'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.
    Tá a leithéidí eisean ag tastáil go dona anois.

  • jpmorley0@gmail.com

    Is léir mar sin go bhfuilimid go léir imithe in ainm phillíiní an diabhail le fada fianach an lá.