Shlog sé braon tae agus canda de cháca agus chaith greim ag an ngadhar…

Rinne sé iontas faoina laghad de bhratacha a bhí le feiceáil ar an mbus – shíl sé go mbeadh corr-dhíthreabhach as a chontae le feiceáil uirthi

Shlog sé braon tae agus canda de cháca agus chaith greim ag an ngadhar…

Ní raibh an coileach féin cloiste nuair a bhuail an clog Dé Domhnaigh seo caite sa teachín leath bealaigh síos Chnoc Bhréanail. Tá sé tugtha faoi deara ón litriú agat nach é an ceann in Iarthar Duibhneach atá i gceist. Is é an ceann seo an cnoc is airde i gcontae Chill Chainnigh as a bhfaighidh tú amharc ar Cheatharlach ón taobh eile.

Ní raibh le dúiseacht ag an gclog céanna ach fear an tí agus gadhar. B’amhlaidh a bhí le ionann is dhá scór bliain ó bhásaigh an tseanbhean, trócaire uirthi.

Dá mba Domhnach ar bith eile a bhí ann b’fhéidir go ndéanfadh sé beagán eile de mhíogarnach. Ach ní inniu é.

Cén bhrí ach murar theastaigh a leithéid. Idir arbhar, lomadh caorach, uain, garraí agus portach bhí sé go hard tar éis an mheán oíche nuair a leag sé a chloigeann ar an bpiliúr chuile oíche le dhá mhí. Agus é ina shuí arís roimh fháinne an lae.

Eagrán amháin de Ear to the Ground ní raibh feicthe aige san achar sin, ní áirím scéalta an lae agus gan de thriail aige a dhul ag cuartú nuachtáin. Ar an Aifreann féin níor fhreastail sé. Ba chuma leis. Bhí an freagra ar cheist an tsagairt faoi réir aige. ‘Faitíos roimh an gCovid sin, a athair! ‘

Shlog sé braon tae agus canda de cháca, chaith greim ag an ngadhar, chuir an róisín a cheannaigh sé an lá ar chroch Noel Skehan Corn Uí Ógáin i 1972 i gcába a sheaicéid, chroith braon uisce coisricthe ar a bhaithis agus chuir tús lena thuras.

Thosaigh an Ford Anglia deiridh a bhí fanta sa bparóiste ar an gcéad iarraidh agus thug aghaidh ar an stáisiún.

Bhí aon éascaíocht bheag amháin ceadaithe aige dó féin i mbliana. Den chéad uair riamh ba trasna na teorann a chuirfeadh sé tús leis an oilithreacht seo a raibh sé ag tabhairt fúithi ar an gcéad Domhnach de Mheán Fhómhair le 50 bliain.

Chuile bhliain eile ba í an traein ó Stáisiún Bhaile Mhic Andáin an pointe tosaithe. Bhainfeadh sé an solamar as an aistear – muintir Chill Chainnigh a raibh cónaí orthu sna Déise ar bord ó d’fhág sí Port Láirge, bratacha dubha agus ómra amuigh sna fuinneoga.

Bhí uair nó dhó ann fadó nuair a d’ól sé ‘Danno’ ag an am sin den mhaidin, ach d’éirigh sé as sin nuair tháinig bliain ina ndeachaigh sé amú ag siúl as Heuston agus b’éigean dó íoc as tacsaí.

An traein a bheadh arís an babhta seo murach an aois. Bhí stáisiún an bhus i Ros Mhic Thriúin i bhfad ní ba ghaire do láthair ná Baile Mhic Andáin – seirbhís chuile uair an chloig le fáil agus i bhfad níos lú siúil le déanamh ar an mbealach abhaile – gan ann ach a dhul uirthi ag Cearnóg Mhuinseo, seachas a bheith ag tarraingt na gcos i do dhiaidh le hais na habhann gur bhain tú Heuston amach.

Rinne sé iontas faoina laghad de bhratacha a bhí le feiceáil ar an mbus – shíl sé go mbeadh corr-dhíthreabhach as a chontae le feiceáil uirthi, ach diabhal mac an pheata. Mná ba mhó a bhí ina thimpeall. Ní go Páirc an Chrócaigh a bhí siad sin ag dul ar chuma ar bith, málaí móra folmha acu agus gan de shuim i ndathanna acu ach ceann a raibh ‘Brown Thomas’ air.

Bhí Guaire sroichte acu nuair a thuig sé gurbh é Bóthar an Chósta a bhí an tiománaí a thabhairt air féin, rud a chur go mór lena aiféala gur shocraigh sé a nós a bhriseadh. Aon acra amháin féin dá chontae dúchais ní bheadh le feiceáil anois aige. Sa mullach ar sin ní raibh mac an pheata ina thimpeall a dhéanadh comhrá faoina raibh le theacht.

D’ardaigh a chroí de bheagán nuair a thuirling sé den bhus mar gur thuig sé nach raibh idir é féin agus Sráid Mhic Giobúin ach dhá nóiméad siúil. Fós bhí sé ag dul ó thuiscint air cén fáth a raibh an ceantar chomh folamh agus chomh marbh.

Le blianta fada anois ba é an socrú a bhí ann go gcasfadh sé ar dheartháir leis ag Stáisiún na nGardaí ansiúd, áit a mbíodh seisean (a chaith deich mbliana fichead sa bhfórsa) ag fanacht leis lena thicéad. Bhíodh an beartán ceapairí aige freisin – cothú ar an turas ar ais abhaile.

Ar shroichint na háite, bhí doirse an stáisiúin chomh dúnta le geataí Ifrinn agus gan mac an pheata ina sheasamh taobh amuigh dó, ní áirím duine muinteartha. Bhuail aiféala ansin é go mba sa mbosca a d’fhan an fón beag póca a cheannaigh bean an dearthára faoi Nollaig dó cúpla bliain ó shin.

Ach choinnigh sé an cloigeann. Bhí socrú seanbhunaithe idir é agus an t-iarGharda dá dtiocfadh an cruachás go mba ionann Plean B agus seasamh taobh amuigh d’Óstán Jury’s .

Ar a bhealach ansiúd, rinne sé tuilleadh iontais den easpa daoine agus scliúchais. Ní raibh an geata féin i bPáirc an Chrócaigh oscailte fós. ‘Sin a thagann as forlámhas a bheith ag foireann amháin mar atá ag Luimneach,’ a deir sé leis féin. ‘Fanann daoine sa mbaile.’

Sheas sé ina staic ag an ngeata ar feadh leathuaire, gan d’aicsean ina thimpeall ach plucacháin de Phoncánaigh ag dul isteach agus amach i dtacsaithe – feisteas orthu ba mhó a d’oirfeadh don fhear bréige a bhí i bpáirc sa mbaile, ach go raibh díol péire acu sin i dtomhais an éadaigh.

Faoi dheireadh chlis an fhoighid air agus isteach leis le fiafraí den doirseoir cén t-am a mbeadh an áit trasna an bhóthair ag oscailt.

Bhreathnaigh sé siúd go grinn air. ‘You don’t look like the Garth Brooks type, but if you are you’re a week too early. From your faded rosette I’d say it’s hurling you’re after. Sorry to tell you, it’s seven weeks too late.’

Fág freagra ar 'Shlog sé braon tae agus canda de cháca agus chaith greim ag an ngadhar…'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Íontach ar fad !

  • Colin Ryan

    Insint bhlasta.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Go hálainn, a Mhartain. An fear bocht.