Shlog an tsluaisteáil dóibe corp m’athar as m’amharc tráthnóna Oíche Nollag…

Ní bhíonn aon ómós ag an mbás don Nollaig mar a léiríonn an sliocht cumhachtach seo as leabhar nua Joe Steve Uí Neachtain, Mar a Bhí ar dTús: Cuimhní Seanghasúir

Shlog an tsluaisteáil dóibe corp m’athar as m’amharc tráthnóna Oíche Nollag…

Tá sé nádúrtha nuair a thosaíonn duine ag teannadh amach sna blianta go mbeadh doimhne na hintinne ag dul beagán chun seachmaill. Cuimhní cinn áirithe chomh follasach le solas an lae ach é ag cinnt ort cuimhní eile a thabhairt chun cruinnis. Cuimhní a bhí chomh goilliúnach is gur phlúch mé go brách i bpurgadóir na gcuimhní fáin iad, mar a tharlaíonn d’eachtraí i dtromchodladh na brionglóide.

Níl aon néal ag plúchadh súil m’intinne anois agus mé ag smaoineamh ar mo mháthair ag siúl soir trí aonach an Spidéil agus an gamhainín dubh á leanacht ó chois go cois. Gan aon dearmad déanta aige ar an láimh a chuir buicéad agus slám faoina cheann chuile thráthnóna. An mhám charraigín a bhíodh leáite trína chuid aici ag cur lonradh ina chóta fionnaidh. Gal ag éirí as le teann beathú. Ag an nóiméad sin a tuigeadh dom dháiríre go raibh mo dheaide básaithe agus imithe uainn go brách na breithe. Eisean a bheadh ag treorú an ghamhain dhuibh soir tríd an aonach murach go raibh an bás tar éis é sciobadh gan cás gan cuireadh.

An lao dubh a thug sé fhéin agus Pádraic ar an saol bliain agus ráithe roimhe sin á sháinniú isteach i leoraí thoir ar an airdín buí. Scéin ina dhá shúil nuair ba léir dó nach raibh mo mháthair le theacht i gcabhair air. É chomh dea-dhéanta bogchraicneach thar na gamhna eile a bhí á mbrostú suas an rampa le maidí.

Pian i mo chroí nuair a bhain buille crua léim agus géim fhaiteach as an ngamhain dubh s’againne. Fios agam go raibh allúntas de dheora mo mháthar ag dul go brónach ina dhiaidh nuair a sloigeadh isteach i mbolg bréan an leoraí é. Dúnadh suas an rampa, á scaradh go brách uainn, go díreach mar a shloig an tsluaisteáil dóibe corp m’athar as m’amharc tráthnóna Oíche Nollag.

Aisteach nach cuimhneach liom é a bheith ag éagaoineadh. Ró-óg is dócha in aois mo naoi mbliana nó b’fhéidir gur ceileadh an t-anó orainn mar ghasúir, ach cuimhním a bheith ag spréamh choirce ina theannta agus ag scaradh móna uaidh ar an bportach agus go glúine sa sáile ina theannta ag piocadh carraigín.

Mé fíorbhródúil nuair a thugadh sé claibín agus bolú na huibhe dom. Ubh iomlán lachan tugtha dom aige an lá ar spréigh muid garraí bharr an Tuair le chéile. Má bhí aon mhairg air níor roinn sé liomsa ariamh é. Nó má roinn ní chuimhním anois air. Cuimhním ar an lá a ndeachaigh sé san ospidéal, cuimhne scáinte, méir crochta orainn ó dhuine go duine ag cur comhairle orainn a bheith umhal do Mhama. Ní chuimhním cén bealach ar tugadh go dtí an t-ospidéal é, bus nó otharcharr nó b’fhéidir isteach ar an rothar. B’fhéidir go raibh muid imithe ag an scoil. Ní raibh an chuid ab óige ag an scoil. An chuid ba shine againn, seans, beirt bhuachaill a bhí ní ba sine ná mise agus triúr cailíní a bhí ní b’óige. An duine ab óige ina páiste.

Dá dtabharfaí ór na cruinne dom níl mé ábalta cuimhniú ar cén t-achar a chaith sé san ospidéal. Bím do mo chéasadh fhéin ag iarraidh an tráth sin a thabhairt chun cruinnis. Ní chuimhním go raibh aon mhór-imní ar dhaoine, ní chuimhním comharsana ag teacht chuig an teach ag cur a thuairisce, mar is dual. Ba é an tuiscint a bhí agam i gcaitheamh an tsaoil gur obráid bheag fhánach a bhí le cur ar a shrón. Níl mé in ann mionnú an isteach sa mbeairic nó isteach go dtí Chrissie Owens, aingeal mná a bhíodh ag obair i siopa Mhic Phroinsias, a chuaigh m’aint Bid maidin Domhnaigh tar éis an aifrinn. Glaoch gutháin a chur ar an ospidéal a d’impigh sí. Fios againn gur cuireadh an obráid ar shrón m’athar an lá roimh ré. Gan aon ghuthán ar an mbaile s’againne an tráth sin.

Ábhar deora a fuair sí mar fhreagra nuair a chuir an t-ospidéal in iúl go raibh m’athair básaithe tar éis na hoíche.

Cuimhním ar an rírá nuair a tháinig muid abhaile. Bid imithe as a cranna cumhachta ag bladhrúch. Pádraic agus sean-Pheige rite trasna na sráide. Ochón ag chuile dhuine. Mo mháthair ag iarraidh foighid a chur sa gcomhluadar.

“Ná scanraígí na gasúir,” ráite go cosantach caointeach aici. Ba mé a cuireadh síos Tigh Niocláis leis an scéala. Feicim fós éadan Niocláis ag bogadh chun dóláis nuair a dúirt mé leis go raibh mo dheaide básaithe. Níl de chuimhne agam ar an tórramh ach an seanteach ceann tuí a bheith lán go doras. An ghiúin ciúin i gcomórtas leis an oíche a raibh mo sheanathair á thórramh.

Joe Johnny a bhí sa mbaile le haghaidh saoire na Nollag ag tabhairt páipéar puint dom. Airgead ollmhór nár rug mé i mo láimh ariamh roimhe sin air. Ar ghuaillí daoine a thugtaí corp go dtí an séipéal agus as sin go dtí an reilig ag an tráth sin. Seisear fear ar a laghad ag uainíocht faoin gcónra.

Achar fada thart ar thrí mhíle sa gcás s’againne a bhí lonnaithe i gceann thoir an pharóiste. Sílim gur ar bharr an veain a bhí ag Máirtín Standún a tugadh corp mo dheaide amach ón ospidéal. Níl domhain m’intinne sách soiléir ach cuimhním go maith go mbíodh an chónra á ceangal le rópaí ar bharr veain nó cairr i gcásanna dá shórt. Gan an t-eileatram in úsáid beag ná mór gur cuimnheach liom. Bodhar agus balbh ar fad atá mo chuimhne ar aifreann na sochraide. Srama nó scamall ar shúil an fhochoinsiasa á cheilt orm. Ach cuimhneoidh mé go brách ar an gcónra á leagan síos i bpoll mór domhain. Torann bodhar ag na sluaiste dóibe a caitheadh síos ina mullach. Lagar dóláis ag teacht ar mo mháthair is muid mar áilín faoina cuid sciatháin.

Tá sé goilliúnach go fóill, na deora liom anois fhéin á scríobh. Ní taobh le duine nó beirt a bhí ag tuineadh le mo mháthair an cás a leanacht suas. Siléig san ospidéal, a mheas go leor. Oiread foirne ag ceiliúradh na Nollag is nár tugadh faoi deara an fhuil ag rith síos ina scornach tar éis na hobráide ar a shrón. Diúltú glan a rinne sí.

“Tá sé imithe anois agus tabharfaidh muid suaimhneas síoraí mar ómós dhó. Breathnú i ndiaidh na ngasúir an chloch is mó ar mo phaidrín.”

Pictiúr amháin atá againn de mo dheaide – duine de na banaltraí san ospidéal a thóg é an oíche sul má bhásaigh sé.

Ní chreidimse gur siléig aon oíche ba ciontsiocair leis an mbás atá ag dearcadh amach as a dhá shúil.

Stiofán Ó Neachtain a fuair bás ar an 21ú Nollaig 1951 in aois a 39 bliain atá scríofa ar leac bheag chloch aoil os cionn a uaighe.

– Tá Mar a Bhí ar dTús: Cuimhní Seanghasúir le Joe Steve Ó Neachtain (Cló Iar-Chonnacht) ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Shlog an tsluaisteáil dóibe corp m’athar as m’amharc tráthnóna Oíche Nollag…'