Shílfeá gur ómós a bheadh ag daoine do Liz Cheney

Tá dílseoirí MAGA meallta i gcónaí ag Donald Trump mar a léiríodh in Wyoming

Shílfeá gur ómós a bheadh ag daoine do Liz Cheney

Tá greim an fhir bháite ag Donald Trump ar pháirtí Poblachtánach Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is dóigh gur aisteach a bheith ag tagairt do chúrsaí uisce i Stát nach luaitear leis go minic ach sléibhte agus buachaillí bó ach léirigh toradh an réamhthoghcháin i Wyoming an tseachtain seo go bhfuil dílseoirí an pháirtí agus iad siúd a chreideann gur déanadh éagóir ar Trump sa toghchán uachtaránachta in 2020 ceannasach sa bpáirtí ansin.

Níl ach suíochán comhdhála amháin ag Wyoming mar gheall ar chomh beag is atá an daonra. Ba í sin Liz Cheney go dtí an tseachtain seo. Iníon an iar-leasuachtaráin Dick Cheney. Bean a bhfuil cúlra fada aice leis an bPáirtí Poblachtánach i stát nár vótáil riamh ach don pháirtí sin. Thug lucht tacaíochta Donald Trump droim láimhe léi mar go raibh sé de dhánaíocht aici bheith páirteach sa bhfiosrúchán faoi na círéibeacha in Washington ar lá chinn an dá lá déag in 2021. Thacaigh sí leis an rún go ndéanfaí Trump a tháinseamh freisin.

Nár cheart má chreideann tú sa daonlathas agus sa bpróiseas toghchánaíochta seanbhunaithe atá ag na Stáit Aontaithe go mbeifeá bródúil a leithéid de bhean mhisniúil a bheith mar ionadaí comhdhála agat?  Nár cheart go mbeadh ómós di as dúshlán an pháirtí a thabhairt leis an rud ceart a dhéanamh seachas géilleadh don slua atá faoi gheasa ag Trump? Ní mar sin a facthas an scéal do phobal Wyoming an tseachtain seo.

Bíonn Liz Cheney á cáineadh go fíochmhar ag Trump i rith an ama. Bíonn sé ag magadh agus ag fonóid faoin seasamh a ghlac sí.  An mbeidh sé amhlaidh dá gcinnfeadh aon cheann de na fiosrúcháin atá ar siúl faoi gur cheart cúiseanna a chur ina leith nó pionós a ghearradh air?

Tá feidhmeannach sinsearach amháin Allen Weissenberg le fianaise a thabhairt i mí Deireadh Fómhair faoi chúbláil agus mí-rialtachtaí airgeadais. Deir Trump go neamhbhalbh go bhfuil sé i gceist aige seasamh in 2024. Díol spéise go ndeir John Bolton – iar-ambasadóir de chuid na Stát Aontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe agus iarchomhairleoir náisiúnta slándála sa Teach Bán – nach dóigh leis féin go gcuirfidh Trump a ainm chun cinn.

Ní ar mhaithe le córas polaitiúil na Stát Aontaithe ná go mbeadh an aois ina aghaidh. An chúis, dar le Bolton? Bheadh faitíos ar go gcaillfeadh sé arís. Nach n-insíonn sin a scéal féin.

Má leanann an páirtí ag roghnú dílseoirí de chuid MAGA, mar a thugtar orthu sna Stáit Aontaithe, agus má thoghtar iad faoi Shamhain ag neartú a bheidh an ghluaiseacht in aghaidh leithéid Liz Cheney.  Agus an chóir le heite Trump sa bPáirtí Poblachtánach. Is deacair a shamhlú ag an tráth sin go mbainfear as greim é.

 

Fág freagra ar 'Shílfeá gur ómós a bheadh ag daoine do Liz Cheney'

  • Mise Áine

    Creideann siad i nDia. Creideann siad i dTrump. Creideann siad go bhfuil an ceart acu. Tá cumhacht ag creideamh.