Shílfeá go mbeadh ómós faoi leith againne don asal sa taobh seo den domhan

Dá mbeadh caint ag na hasail bheadh scéal cráite go leor le n-inseacht ag cuid mhaith acu

Shílfeá go mbeadh ómós faoi leith againne don asal sa taobh seo den domhan

Dream a rinne achainí ar son na n-asal a ghoin m’aire an lá faoi dheireadh. Donkey Sanctuary Ireland an teideal atá orthu. Tá 1,800 asal faoina gcúram a mbeadh drochbhail orthu murach iadsan a bheith ann le haire a thabhairt dóibh.

Deir an dream seo go bhfuil níos mó faillí ná riamh déanta ar chuid de na hasail le tamall anuas, go mór mór in iarthar na hÉireann.

Shílfeá go mbeadh ómós faoi leith againne don asal sa taobh seo den domhan mar gur mhaith a d’fheil sé dhúinn san am a caitheadh.

I gcléibh ar an asal a thugadh muid móin den phortach agus feamainn as an gcladach. Cén bhrí ach nuair a chuirtí an t-asal faoi chairrín le hualaí a iompar ó áit go háit.

Seo é an t-am de bhliain is géire a dteastaíonn aire ón asal, a deir Donkey Sanctuary Ireland. Ainmhí fuar é, ní shileann an braon báistí de agus is maith a fheileann foscadh dó.

Is dócha nach bhfuil asal is cáiliúla i litríocht na Gaeilge ná an t-asal beag dubh a ndearna Pádraic Ó Conaire trácht air.

Déarfadh daoine go leor nach raibh asal ar bith aige ach is cosúil gur chreid fear na scannán as Meiriceá Orson Welles go raibh. Deirtear go ndeachaigh sé féin ag taisteal trí Chonamara ar chairrín asail ag aithris ar an gConaireach.

Seo é an cur síos a rinne Pádraic Ó Conaire ar an asal beag dubh.

I gCinn Mhara bhíos nuair chuireas aithne ar m’asal beag dubh i dtosach. Lá aonaigh a bhí ann, agus bhí sé ina sheasamh ansin cois claí agus a thóin le gaoth, gan aird aige ar an saol ná ag an saol air. Ach chuir mé féin suim ann ón tús. Bhí asal uaim, bhíos tuirseach den tsiúlóid—nach n-iompródh seisean mé féin agus mo mhála agus mo chóta mór, agus gach aon tsórt? Agus cárbh fhios nach bhfaighinn saor go leor é?

Luaigh Máirtín Ó Cadhain an t-asal sa gcur síos a rinne sé ina léacht Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca ar na cineálacha daoine a bhí sa bpobal inar tógadh é.  Seo mar a mhínigh sé é:

Bhí an leadaí agus an bradaí ann, an fear a chuimhneodh dá bhfaigheadh sé t’asal ina gharraí go raibh asal sa stábla agus Críost dhá bhreith ann. Agus an ceann eile dá ndeireadh an t-asal suas lena bhéal gurb air féin thar asail an domhain agus na staire a bhí Críost ag marcaíocht ag dul isteach go Ierusalem, go dtiomáinfeadh sé táirní cruithe capaill thríd an droim aige, ainneoin sin.

Níor chuala mé ariamh gur chuir aon duine tairní trí dhroim asail ach is cuimhin liom go maith an t-am a gceanglaítí canna stáin de dhrioball asail agus a ligtí soir nó siar an bóthar sna feire glinntí é agus é líonraithe ag an torann.

Dá mbeadh caint ag na hasail bheadh scéal cráite go leor le n-inseacht ag cuid mhaith acu.  Tá cur síos sa Sean-Tiomna ar asal a raibh an bua sin aige. Seo mar a tharla:

Ansin d’oscail an Tiarna béal an asail agus dúirt sé le Balám: ‘Cad tá déanta agat orm, a rá is gur bhuail tú mé trí huaire mar seo?” Dúirt Balám leis an asal: “Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!’

Dúirt an t-asal le Balám:

‘Nach mise d’asal? Nach orm a rinne tú marcaíocht ó d’óige go dtí seo? I gcaitheamh an ama sin go léir ar theip mé riamh ort ag freastal ort?’

‘Ní dhearna tú,’ ar sé.

Fág freagra ar 'Shílfeá go mbeadh ómós faoi leith againne don asal sa taobh seo den domhan'

  • An Teanga Bheo

    M’asal beag dubh slan go raibh sé.