Shatter agus McDonald lán le díocas agus domhan saor ó thoghchán ag Bláthnaid dúinn

CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: In áit fiafraí cén taobh a raibh do dhream sa gcogadh cathartha féadfaidh tú comhairle a lorg ón teicneolaíocht. Is cosúil go bhfeilfeadh duine ár gcolúnaí nárbh eol di a bheith ann i nGaillimh Thiar...

Shatter agus McDonald lán le díocas agus domhan saor ó thoghchán ag Bláthnaid dúinn

000b0f97-642

D’éirigh leis an gcúléisteoir éisteacht le dhá chlár ar RnaG ag an deireadh seachtaine nár chuala mé cheana más sean nua iad. Thosaigh An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra le súil ar imeachtaí toghchánaíochta na seachtaine ó bheirt tráchtairí aitheanta agus rudaí níos práinní ar a n-intinn maidin Dé Sathairn. Chuamar as sin go 1916 agus cuileoga na Brasaíle. Bhí Seanán Ó Coistín ag Máirín Ní Ghadhra ansin ag caint faoin toghchánaíocht ar na meáin shóisialta agus thug sé dhá shuíomh dúinn le fáil amach cén dath atá ar ár gcuid polaitíochta, votamatic.ie agus smartvote.ie. In áit fiafraí cén taobh a raibh do dhream sa gcogadh cathartha féadfaidh tú comhairle a lorg ón teicneolaíocht. Is cosúil go bhfeilfeadh duine mise i nGaillimh Thiar nárbh eol dom a bheith ann. Bain geábh as.

Bláthnaid Libh a tháinig ina cuaifeach ansin le faisean, beoir, vodca, Barbie agus Ken, spórt, Raidió Raiméis agus scrúdú Gaeilge ar Nuala Carey! Domhan saor ó thoghcháin.

Alan Shatter, Aodhán O Ríordáin, Paul Murphy, Mary Lou McDonald agus Fionnán Sheehan (‘leis an gceo a scaipeadh’) a bhí ar Saturday with Clare Byrne agus Byrne den tuairim go bhfágfadh an t-uafás san óstán i mBÁC inné go mbeadh Gardaí agus coiriúlacht i mbarr láin arís. Tuilleadh gardaí ó Mhary Lou mar go bhfuil daoine ina pobal féin scanraithe roimh na maistíní atá ag tromaiocht orthu. Dúirt Shatter linn gur iarr an Troika orainn 1000 eile Garda a dhíbirt ach gur throid sé féin an dea-chath. Bhí Mary Lou agus Paul Murphy diongbháilte go bhfaigheadh gach duine triail os comhair giúiré i dtír dhaonlathach agus gur le linn cogaidh amháin is cuí cúirt choiriúl. Agus mise a cheapadh gur ceart ceart i gcónaí.

Mhol an Ríordánach go gcuirfí an dlí ar na mangairí seachas ar na handúiligh. Gan dabht rinneadh sacadh beag faoi chás cánach áirithe cois teorann. Beidh Sinn Féin ag iarraidh 6 cent eile san euro ar aon duine a shaothraíonn céad mile sa mbliain agus ní i lár na hoíche a sciobfaidh siad é, mar a cheap Burton. Beidh Murphy ag gabháil i ndiaidh Apple go n-íocfaidh siad a sciar. Bhí Shatter maraithe ag caitheamh Syriza na Gréige leis an mbeirt ach mhaígh bean Shinn Féin gur sháigh muide sa droim na Gréagaigh sa Bhruiséil.

Shatter agus McDonald ba mhó díocas sa chlár seo (cé go raibh Shane Ross sách cruógach ar an nguthán) agus rinne an láithreoir an-suntas den chaoi a raibh Sinn Féin agus Murphy ar aon fhocal agus d’fhiafraigh sí den Ríordánach ar chuir an gean sin aon imní air. Bhuel ar seisean – ‘Chuaigh John Terry ag an gceiliúradh cé nach n-imreodh sé sa gcluiche’! ‘Bhuel’ arsa Sheehan ‘is iomaí leaba ar thug Terry a aghaidh uirthi agus tá súil agam nach é a leithéid sin de chomhrialtas a bheas againn!’

Fág freagra ar 'Shatter agus McDonald lán le díocas agus domhan saor ó thoghchán ag Bláthnaid dúinn'