Shankáil Phil Hogan a bhuille chomh holc sin sa Chlochán gur leaindeáil an liathróid sa Bhruiséil

Alles Gute agus ádh mór - chuir Phil Hogan an liathróid sa gharbhlach ach tá Ursula von der Leyen anois ar an phlásóg lena liathróid féin

Shankáil Phil Hogan a bhuille chomh holc sin sa Chlochán gur leaindeáil an liathróid sa Bhruiséil

Tá briathar ag galfairí an Bhéarla a bhfuil ‘shank’ air. Is minic a fheiceann tú galfaire bocht, na deora leis agus mallacht á ligean chun aeir, á rá: ‘I shanked the ball.’ Feacbhuille atá air i nGaeilge agus ní deas an rud é an feacbhuille. Ciallaíonn sé go bhfuil an liathróid curtha sa gharbhlach cois na bánóige agat. Bíonn daor ar an fheacbhuille nó seans mór go mbeidh buille nó dhó sa bhreis de dhíth ort leis an liathróid a chur ar an bhánóg arís agus deis a thabhairt duit féin an poll a bhaint amach.

Bí ag caint ar fheacbhuille. Shankáil Phil Hogan a bhuille chomh holc sin sa Chlochán gur leaindeáil an liathróid sa Bhruiséil. Sea, cluiche cruálach atá ann mar ghalf. Tá tú ar an bhánóg lá amháin le comrádaithe ag imirt cluiche deas suaimhneach agus, an chéad lá eile, tá tú sa gharbhlach agus do chuid maidí á mbaint díot.

Agus é ag éirí as a chúram oibre mar choimisinéir trádála, dúirt Hogan nár sháraigh sé “dlí” ar bith ach gurbh fhearr dó imeacht nó, dá bhfanfadh sé, go mbainfeadh sé d’éifeacht a chuid oibre san am achrannach a bhí romhainn. Ag imeacht as a stuaim féin a bhí sé, a dúirt sé.

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, lig sí dó imeacht,  í buíoch de as a chuid oibre agus meas aici ar a chinneadh. D’iarr sí ar Rialtas na hÉireann beirt a chur faoina bráid mar ábhar nua coimisinéara, fear agus bean. Ise a roghnódh as an bheirt sin cé a gheobhadh an post mar choimisinéir agus níor léir, agus seo á scríobh, go mbeadh an cúram céanna ar an té a cheapfaí.

Bhain mórán daoine, abhus agus thar sáile, bhain siad brí as imeacht Hogan gur léirigh sé go raibh prionsabal níos airde iompair i gceist sa Choimisiún ná mar a bhíonn sa bhaile. I ndeireadh thiar thall, liosta le lua líon na bpolaiteoirí áitiúla a bhí iomlatach ina n-iompar thar na blianta ach nár ghéill don ghlam gur chóir dóibh éirí as a gcuid cúraimí. Ach ní mar sin atá an Coimisiún faoi cheannas von der Leyen, a deirtear, tá sise ar son caighdeán eitice nach raibh ann roimhe.

Hm? Do bharúil? Is cinnte gur chruthaigh lá faoin tuath Hogan drochíomhá agus drochphoiblíocht dá chomhpholaiteoirí abhus agus thall ar an mhór-roinn. Ghoill a iompar agus a mhíniú ar an iompar sin ar go leor daoine ach ní thiocfadh le duine ar bith abhus é a bhriseadh as a phost. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin agus an chomh-Thaoiseach, mo leithscéal, an Tánaiste, Leo Varadkar, nach dtiocfadh leo an post a bhaint de. Faoi von der Leyen a bhí sé sin.

Agus lig sí dó imeacht. Ar bhonn prionsabail. Sea, bhuel, hmm arís. An gcreideann duine ar bith go nglacfadh von der Leyen lena thairiscint sa chás go raibh Hogan uaithi mar Choimisinéir? An gcreideann duine ar bith nach mbeadh sí in ann leithscéal a eisiúint ar a shon, á rá go raibh sí buartha faoin iaróg, buartha faoin drochshampla; gur thuig sí gur ghoill na himeachtaí seo ar an phobal, gur labhair sí leis, gur thuig sé an botún a bhí déanta aige agus nach ndéanfadh sé arís é ach, ach, ach, bhí Der Hogan de dhíth uirthi, tréimhse an-ghoilliúnach a bhí ann agus bhí Phil le haghaidh a thabhairt ar Boris Bradach na Breataine agus thuigfeadh Éireannaigh cad é an sórt iad sin agus, bhuel, bheadh air leanstan mar Choimisinéir ach ní bheadh sé ina bhuachaill dána arís go deo eile? Alles Gute agus ádh mór.

Cé a chreideann nach dtiocfadh léi sin a dhéanamh? Cad é a dhéanfadh vótóirí abhus faoi? Thug an tAontas orthu vótáil faoi dhó ar chonarthaí Nice agus Liospóin. An amhlaidh go mbeadh éirí amach ina measc mar gheall air seo? Cad é an neart a bheadh ag an bheirt Taoiseach air? Leoga, bheadh siad in ann an milleán a chur ar von der Leyen, cosaint a thabhairt dóibh féin dá réir sin agus an cara sa chúirt a choinneáil.

Ach lig von der Leyen Hogan chun bealaigh, ní mar gheall ar phrionsabal ach mar gheall ar phátrúnacht. Nó sin an ceacht is mó atá le foghlaim as seo. Bhí deis ag von der Leyen cúram oibre tábhachtach a thabhairt do dhuine eile, rud beag pátrúnachta a dhéanamh, agus thapaigh sí an deis mar a thapódh polaiteoir ar bith. Tá leithscéal anois aici le hatheagar a chur ar a cuid coimisinéirí agus múineadh agus imní a chur orthu ag an am céanna. Tá polaiteoirí anois faoi chomaoin aici. Beidh ar rialtas na hÉireann an béal bán a dhéanamh léi mar níl rogha ar bith eile acu agus beidh mórán eile ag caint léi faoin chúram trádála. É a thabhairt do na hÉireannaigh arís? Stát chomh beag ag tréimhse chomh goilliúnach?

Chuir Hogan an liathróid sa gharbhlach ach tá van der Leyen anois ar an phlásóg lena liathróid féin. Is olc an galf nach séideann maith ar bith.

Fág freagra ar 'Shankáil Phil Hogan a bhuille chomh holc sin sa Chlochán gur leaindeáil an liathróid sa Bhruiséil'