Shane Lowry agus Sarah Lavin le bratach na hÉireann a iompar anocht i bPáras

Beidh paráid na náisiún ann anocht agus dúirt Lavin go raibh sí fíorbhuíoch as an onóir agus dúirt sí go mbeadh sí mar ionadaí ar son gach lúthchleasaí as Éirinn

Shane Lowry agus Sarah Lavin le bratach na hÉireann a iompar anocht i bPáras

Tá an bheirt Éireannach lúthchleasaíochta a iompróidh bratach na hÉireann i bparáid na náisiún ag Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras anocht ainmnithe go hoifigiúil. Lúthchleasaí an chliathrása Sarah Lavin as Luimneach agus an galfaire Shane Lowry as Uíbh Fhailí a shiúlfaidh sa pharáid i dteannta ionadaithe an 204 náisiún eile agus a mbratacha féin á n-iompar acu le bród.

Bhí an-ghealladh faoi Sarah Lavin i dtús a cuid rásaíochta, d’éirigh léi bonn cré-umha a thabhairt léi ó chluichí Oilimpeacha na n-óg in 2011 ach bhain gortuithe cor coise aisti ina dhiaidh sin ar feadh tamaill. Anuraidh thug sí bonn airgid léi sa gcliathrás 100 méadar ó Chluichí na hEorpa agus is mór an misneach é sin di féin agus dá lucht tacaíochta, go háirithe ó maraíodh a páirtí Craig Breen i railí sa Chróit anuraidh.

Agus ríméad agus mórtas uirthi inniu as a ról ar son na tíre dúirt Lavin go raibh sí fíorbhuíoch as an onóir agus dúirt sí go mbeadh sí mar ionadaí ar son gach lúthchleasaí as Éirinn: “Léiriú atá anseo ar bhur ndíocas agus an obair chrua ar fad atá déanta agaibh, ní hamháin le dhá mhí dhéag ach le linn an bhabhta Oilimpeach uile agus ar feadh bhur saol lúthchleasaíochta ar fad. Is mór agam an t-aitheantas seo agus tá mé ar bís dul amach sa pharáid.”

Is iad cluichí na bliana seo an dara huair freisin ag Shane Lowry sna Cluichí Oilimpeacha. Is é Lowry an chéad ghalfaire as an tír a d’iompair an bhratach thrídhathach. Dúirt Lowry gur “mhór an onóir dó féin agus dá mhuintir” a bheith ag iompar bratach a thíre sa pharáid. “Caithim an bhratach sin i gcónaí le bród agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an onóir seo.”

Sa dara háit is fiche a chríochnaigh Shane Lowry ag cluichí Oilimpeacha Thóiceo agus ní haon nuacht ag muintir Lowry éachtaí spóirt mar go raibh a mhuintir láidir i gcónaí i gcúrsaí peile a chontae dúchais, agus is beag Ciarraíoch nach gcuimhníonn ar Chraobh na hÉireann 1982 nuair a cheil Uíbh Fhailí agus triúr de mhuintir Lowry, an cúigiú craobh na hÉireann as a chéile ar Chiarraí.

Beidh an pharáid agus an taispeántas taibhseach ar fad le feiceáil ar RTÉ2 agus ar an seinnteoir, anocht óna 6.00pm.

Fág freagra ar 'Shane Lowry agus Sarah Lavin le bratach na hÉireann a iompar anocht i bPáras'