Sgt Pepper’s@50: Tharla sé 50 bliain ó shin is an lá inniu…

Cothrom an lae inniu 50 bliain ó shin a cuireadh ‘Sgt. Pepper’s Lonely Hearts Club Band’ amach. Seo caoga rud ar díol suntais iad faoin albam iomráiteach de chuid The Beatles

Sgt Pepper’s@50: Tharla sé 50 bliain ó shin is an lá inniu…

1. Ba é Sgt. Peppers an chéad albam a cuireadh amach ag an am céanna ar fud an domhain. ‘The closest Western Civilization has come to unity since the Congress of Vienna in 1815 was the week the Sgt. Pepper’s album was released. In every city in Europe and America the radio stations played [it] … and everyone listened,’ a dúirt Langdon Winner ón iris Rolling Stone.

2. Caitheadh ceithre mhí agus 700 uair a chloig ar a thaifeadadh.

3. Chosain clúdach cáiliúil an albaim £3,000 tráth arbh é an gnáthchostas a bhain lena leithéid ná £50.

4. Meastar gur £25,000 ar fad a chosain sé an t-albam a dhéanamh.

5. Díoladh 250,000 cóip de sa chéad seachtain agus 2.5 milliún taobh istigh de thrí mhí.

6. Tá 57 grianghraf agus naoi gcéirshamhail sa cholláis cháiliúil ar an gclúdach.

7. Bhí John Lennon ag iarraidh go mbeadh Íosa Chríost, Hitler agus Gandhi le feiceáil ar an gclúdach ach diúltaíodh dó.

8. Ní raibh Mae West sásta ar dtús a bheith ar an gclúdach: ‘What would I be doing in a lonely hearts club band?’

9. Ba iad Peter Blake agus Jann Haworth a rinne an clúdach a dhearadh bunaithe ar phictiúr a tharraing Paul McCartney. Níor íocadh ach £200 riamh le Peter Blake agus Jann Haworth.

10. Dúirt Paul McCartney nár cuireadh Elvis Presley ar an gclúdach mar gurbh é ‘Elvis the King’ é agus toisc go raibh sé “too important” dá bharr.

11. Ba í an chéad uair a foilsíodh na liricí ar fad ar chúl albaim.

12. In 2008 díoladh ar €670,000 ar ceant an craiceann dord-druma atá le feiceáil ar an gclúdach.

13. Chuir an BBC cosc ar ‘Being for the Benefit of Mr. Kite!’ toisc go luaitear ‘Henry the Horse’ ann agus gur téarmaí sa chaint iad ‘Henry’ agus ‘Horse’ araon don hearóin.

14. Tá liricí John Lennon do ‘Being for the Benefit of Mr. Kite!’ bunaithe ar phóstaer do shorcas Pablo Fanque ó 1843.

15. Chuir an BBC cosc ar ‘A Day in the Life’ toisc an líne ‘I’d love to turn you on’ a bheith ann. Measadh go bhféadfadh a leithéid dearcadh ceadaitheach i leith úsáid drugaí a spreagadh.

16. Scéal nuachtáin faoi bhás Tara Browne, féileacán sóisialta óg a raibh aithne ag na Beatles uirthi, a spreag ‘A Day in the Life’. I measc na bhfoinsí inspioráide a bhí ag Lennon do ‘A Day In The Life’ bhí scéal eile nuachtáin. “I was writing the song with the Daily Mail propped up in front of me at the piano … there was a paragraph about 4000 [pot]holes in Blackburn, Lancashire”.

17. Chuir an BBC cosc ar ‘Lucy in the Sky with Diamonds’ mar measadh gur ag tagairt don druga LSD a bhí sé, ach mhaígh Lennon go raibh an t-amhrán bunaithe ar phictiúr a tharraing a mhac Julian a bhí ceithre bliana d’aois.

18. Dúirt George Martin nach mbeadh ann in aon chor do Sgt. Pepper’s murach gur chuala siad Pet Sounds. Dúirt Brian Wilson nach mbeadh ann do Pet Sounds murach gur chuala The Beach Boys Rubber Soul.

19. Tá an t-amhrán ‘She’s Leaving Home’ bunaithe ar alt sa Daily Mail faoi Melanie Coe, cailín óg a d’éalaigh ón mbaile. Le rácadóir seachas ‘a man from the Motortrade’ a d’éalaigh Coe. Cé nár thuig sé é agus an t-amhrán á chumadh aige, casadh Cole ar Paul McCartney cúpla bliain roimhe sin nuair a bhronn sé duais uirthi ar chlár teilifíse.

20. Deir Paul McCartney gurb ionann na daoine ‘standing there
who disagree, and never win’
i ‘Fixing A Hole’ agus na daoine a bhíodh ag fanacht timpeall lasmuigh dá thigh de lá agus d’oíche, dream a chuir isteach go mór air.

21. Deirtear gurbh fhógra do Kellogg’s Cornflakes a spreag ‘Good Morning Good Morning’.

22. Rinne George Martin an slua atá le cloisteáil idir ‘Sgt Pepper’s Lonely Hearts Club Band’ agus ‘With A Little Help From My Friends’ a thaifeadadh ag ceolchoirm de chuid an bhanna sa  Hollywood Bowl.

23. Ba é an chéad leagan den chéad líne i ‘With A Little Help From My Friends’ ná ‘What would you do if I sang out of tune? Would you stand up and throw tomatoes at me?’. Dhiúltaigh Starr an líne a rá ar eagla go gcaithfeadh lucht tacaíochta an bhanna trátaí leis le teann ceana.

24. Dúirt Ringo Starr gur chaith sé an oiread sin ama díomhaoin agus an t-albam á thaifeadadh gur fhoghlaim sé conas ficheall a imirt.

25. Dúirt The New York Times Book Review gur “golden Renaissance of Song” a bhí i gceist leis an albam.

26. Sular cuireadh an t-albam amach, chuir an banna ar siúl i dteach a gcarad, Cass Elliot, príomhamhránaí The Mamas and the Papas. Ag 6am osclaíodh na fuinneoga san árasán ar an King’s Road agus casadh chomh hard agus ab fhéidir an saothar nua.  Tuairiscíodh gur thuig na comharsana gur shaothar nua de chuid The Beatles a bhí chucu agus ní dhearna aon duine gearán faoin torann.

27. 27 seachtain a thug an t-albam ar bharr na gcairteacha sa Ríocht Aontaithe.

28. Ní gach aon duine a bhí tógtha leis an albam. Dúirt Richard Goldstein sa New York Times: ‘The sound is a pastiche of dissonance and lushness. The mood is mellow, even nostalgic. But, like the cover, the over-all effect is busy, hip and cluttered. Like an over-attended child ‘Sergeant Pepper’ is spoiled.’

29. Istigh leis an albam, bhí gearrthóga páipéir de chroiméil agus de stríoca chultacha Sgt. Pepper’s mar aon le cárta poist de dhealbh a bhí ag Lennon ina theach.

30. Ba iad na chéad amhráin a cumadh don albam ná Strawberry Fields Forever agus Penny Lane, ar cuireadh amach astu féin iad mar shingil ‘double A-side’ i mí Feabhra 1967.

31. Tá Paul ina phríomhamhránaí ar chúig cinn de na hamhráin ar an albam agus ar John atá an cúram sin ar thrí cinn. Tá siad beirt mar phríomhamhránaithe ar dhá amhrán agus is iad John, Paul agus George na príomhamhránaithe ar cheann eile. Tá Ringo ina phríomhamhránaí ar amhrán amháin.

32. Bhí Sgt. Peppers ag uimhir a haon ar liosta den 500 albam is fearr riamh a d’fhoilsigh an iris Rolling Stone in 2012: ‘Sgt. Pepper’s Lonely Hearts Club Band is the most important rock & roll album ever made, an unsurpassed adventure in concept, sound, songwriting, cover art and studio technology by the greatest rock & roll group of all time.’

33. Tógadh fuaim na ceolfhoirne ag tiúnadh atá le cloisteáil ag tús an albaim ó thaifeadadh de na ceoltóirí ag tiúnadh roimh an seisiún do ‘A Day in the Life’ ar an 10 Feabhra 1967.

34. Ba ag deireadh na gcaogaidí a chum Paul McCartney ‘When I’m 64’. Ba é an chéad amhrán ón albam a rinneadh taifeadadh air – ar an 6 Nollaig 1966.

35. Díoladh os cionn 32 milliún cóip den albam ó seoladh é.

36. In Dallas in 2013, díoladh cóip den albam, a bhí sínithe ag ceathrar ball an bhanna, ar $290,500. $2.86 a bhí ar chóip den albam nuair a tháinig sé amach.

37. Ba é an chéad albam de chuid The Beatles a raibh na hamhráin chéanna san ord céanna ar an leagan a tháinig amach sa Ríocht Aontaithe agus an leagan a tháinig amach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

38. Sa leagan den albam a cuireadh amach i dtíortha áirithe sa Chianoirthear fágadh ar lár na hamhráin chonspóideacha ar cuireadh cosc orthu.

39. Dúirt George Martin gur “cinneadh uafásach” a bhí ann gan Strawberry Fields Forever agus Penny Lane a chur ar an albam féin.

40. Chas George Martin an chruitchlár ar ‘Fixing a Hole’ a taifeadadh i Regent Sound Studio ag 164-166 Tottenham Court Road seachas in Abbey Road.

41. Daoine ag drantán ceoil a bhí le bheith ag deireadh ‘A Day in the Life’, ach ní rabhthas sásta leis an toradh. Socraíodh gur le corda i mórghléas E seinnte ar phianónna a chuirfí críoch leis.

42. Tá an-dealramh ag clúdach an albaim le clúdach albam ómóis do na Beatles a chuir Mercblecket, banna práis as an Iorua, amach roinnt blianta roimhe sin.

43. Ceithre mhí i ndiaidh sheoladh an albaim, bhí The Beatles ar chlúdach Time, an chéad uair do bhanna rac a bheith ar chlúdach na hirise sin.

44. Dúirt an léirmheastóir aitheanta Kenneth Tynan gurb ionann teacht ar an saol Sgt. Pepper’s agus ‘a decisive moment in the history of Western civilisation’.

45. Míshástacht i measc na Beatles lena gcás ba mhó ba chúis le coincheap an albaim. ‘We were fed up with being Beatles. We were not boys, we were men… artists rather than performers,’ arsa Paul McCartney.

46. Ag taisteal ar eitleán idir an Chéinia agus Londain i Samhain 1966 a bhí McCartney nuair a bheartaigh sé gur chóir don bhanna albam a  dhéanamh agus iad i mbréagriocht. ‘We’d pretend to be someone else. It liberated you – you could do anything when you got to the mic or on your guitar, because it wasn’t you,’ a dúirt sé blianta ina dhiaidh sin.

47. I bpobalbhreith a rinne Rolling Stone i measc a léitheoirí, tháinig Sgt. Pepper’s sa cheathrú háit ar liosta de na halbaim is fearr ag The Beatles: bhí Revolver, Abbey Road agus ‘The White Album’ chun tosaigh air.

48. ‘They’re a bit of a brass band in a way, but also a bit of a rock band because they’ve got the San Francisco thing,’ arsa Paul McCartney agus é ag cur síos ar Sgt. Pepper’s Lonely Hearts Club.

49. Rinneadh Sgt. Pepper’s Lonely Hearts Club Band a mheascadh go cáiréiseach mar albam mono agus níor caitheadh mórán dua in aon chor leis an meascadh stereo, an leagan is coitianta den albam.

50. Le linn athmheascadh an albaim don cheiliúradh 50 bliain, thug Paul McCartney suntas do ‘Within You Without You’, port George Harrison ar an album. ‘Paul closed his eyes, listened and said, ‘Hey, George was really good!’’ a dúirt Giles Martin.

Fág freagra ar 'Sgt Pepper’s@50: Tharla sé 50 bliain ó shin is an lá inniu…'