SF don suíochán deireanach i Sligeach-Liatroim, ceann de na toghcheantair is spéisiúla

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

SF don suíochán deireanach i Sligeach-Liatroim, ceann de na toghcheantair is spéisiúla

Dáilcheantar: Sligeach-Liatroim

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Tá Contae Liatroma agus contae Sligigh ar fad chomh maith le cuid de Thuaisceart Ros Comáin thart ar Mainistir na Búille agus cuid de dheisceart Dhún na nGall thart ar Béal Átha Seanaidh agus Bun Dobhráin.

Teachtaí Dála ag seasamh: Eamon Scanlon (FF), Marc MacSharry (FF) agus Martin Kenny (SF)

Staid na bpáirtithe in Ollthoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla i 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 32.4 28
Fine Gael 27.7 28
Sinn Féin 17.8 13

Anailís: Seo ceann de na toghcheantair is spéisiúla agus is deacra a thuar mar go bhfuil Marian Harkin, an t-iarfheisire Eorpach tar éis dul sa rás. Glactar leis go bhfaighidh sí suíochán réasúnta éasca. Is as Sligeach di agus tacaíocht láidir aici i Liatroim chomh maith. Tá an MEP Luke Ming Flanagan ag tacú léi chomh maith agus é ag iarraidh ar a lucht tacaíochta I dTuaisceart Ros Comáin vótáil di.

Tá Marc MacSharry (FF) réasúnta cinnte de shuíochán ach beidh a dhóthain le déanamh ag Eamon Scanlon (FF) a shuíochán a choinneáil. Ní raibh ach 400 vóta le spáráil ag Scanlon ar Gerry Reynolds (FG) in 2016 nuair a fuair sé an ceathrú suíochán. Bhí deacrachtaí ag Fine Gael iarrthóirí a aimsiú. Tharraing Gerry Reynolds, iarTheachta Dála ó Liatroim a ainm siar agus tá an Seanadóir Frank Feighan ó Mhainistir na Búille curtha ar an dticéad ag Fine Gael ina áit, in éindí leis an gComhairleoir Thomas Walsh, a roghnaíodh roimh an Nollaig.

Toghadh  Thomas Walsh (FG) ar an gComhairle Chontae anuraidh le 1,220 vóta. D’oibrigh sé mar chúntóir parlaiminte leis an iarTheachta Dála John Perry (NS), nuair a bhí seisean ina Aire Stáit agus seans maith ann go bhfaighidh Walsh sciar maith de vótaí aistrithe Perry, rud a chabhróidh leis dul chun cinn ar Feighan (FG). 

Ní bheidh aon iarrthóir as Sligeach ag Sinn Féin ó tharraing Chris Mac Manus a ainm siar ag an deireadh seachtaine. Is as deisceart Liatroma don Teachta Martin Kenny (SF). Fuair sé vóta aistrithe ollmhór, beagnach 5,000 vótaí, nuair a dáileadh vótaí McManus (SF) in 2016. Gan Mac Manus acu ag bailiú vótaí dóibh i Sligeach an babhta seo, d’fhéadfadh go mbeidh sé deacair ar Shinn Féin an suíochán a choinneáil. Tá seans ann freisin go ndéanfaidh an seasamh poiblí a thóg Martin Kenny, ar son ionad dídean do theifigh i mBéal an Átha Móir, dochar dó.

Gan MacManus san iomaíocht ba cheart go mbeadh vóta maith ag Declan Bree (Ind4Ch). Toghadh é ina Theachta Dála do Pháirtí an Lucht Oibre i 1992 ach chaill sé a shuíochán i 1997. Tá tacaíocht láidir i gcónaí aige i mbaile Sligeach. Sna toghcháin áitiúla toghadh é agus é ar bharr an liosta le 1,348 vóta. Aistríodh beagnach 40% dá vótaí chuig iarrthóirí Shinn Féin i 2016. 

Tá an tríú iarrthóir ag Fianna Fáil, Shane Ellis (FF), as Liatrom agus nuair a chuirfear amach as an rása é fanfaidh sciar maith dá chuid vótaí sa chontae agus rachaidh cuid mhór acu chuig Kenny (SF). 

Ní bheidh a dhóthain vótaí ag Fianna Fáil le bheith cinnte den dá shuíochán. Cabhróidh sé ar bheagán le Eamon Scanlan (FF) nach mbeidh Tony McLoughlin (FG) san iomaíocht agus gur comharsan leis John Perry (NS), atá tite amach le Fine Gael. Idir Éamon Scanlon (FF), Tom Walsh (FG), Martin Kenny (SF) agus Frank Feighan (FG) a bheidh an dá shuíochán deireanach.  Is deacair dom a fheiceáil go n-éireoidh leis an iarTheachta Dála ó Ros Comáin, Frank Feighan, suíochán a fháil i Sligeach-Liatroim, cé gur cosúil go bhfuil sé théis bogadh go Sligeach is cosúil. 

Is mó seans go mbeidh suíochán Fhine Gael ag Thomas Walsh (FG), más féidir leis fanacht chun cinn ar John Perry (NS) agus Feighan. Ba cheart go bhfaighidh Martin Kenny (SF) an ceathrú suíochán ach fanacht chun cinn ar Feighan. Is é Kenny an t-aon iarrthóir láidir ó chontae Liatroma atá san iomaíocht agus ba cheart go bhfaigheadh sé líon ard vótaí aistrithe mór le fáil aige ó Declan Bree (Ind4Ch) agus ó Ellis (FF).

I measc na n-iarrthóirí eile tá Bláithín Gallagher ag seasamh do Chomhaontas Glas, tá an Comhairleoir Gino O’Boyle atá ag seasamh do Solidarity agus Nessa Cosgrove atá san iomaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí a mbíodh suíochán acu i Sligeach tráth.

Tuar: McSharry (FF),  Marian Harkin (NS), Walsh (FG) agus Kenny (SF)

Fág freagra ar 'SF don suíochán deireanach i Sligeach-Liatroim, ceann de na toghcheantair is spéisiúla'