Tá sé cúig bliain agus fiche ó d’éag Seosamh Mac Grianna – duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge. An Aoine bheag seo an 17 Iúil i Rann na Feirste, nochtfar leacht cuimhneacháin dó agus cuirfear tús le hócáid chomórtha dhá lá.
Dé Sathairn leanfar le himeachtaí an chomórtha nuair a chluinfear ag seinm le chéile Buíonta Ceoil Rann na Feirste. Seinnfidh siad ‘Ó Dónaill Abú’, amhrán a ndearna Seosamh aistriúchán air. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Dr Pádraig Ó Baoighill (Rann na Feirste) ‘Leacht Cuimhneacháin Sheosaimh Mhic Grianna’ a nochtadh go hoifigiúil.
Le linn an chomórtha beidh sraith de léachtaí á tabhairt ag leithéidí Fhionntáin de Brún agus Ghearóidín Uí Laighléis, gan ach cúpla duine a lua. Cuirfear deireadh le himeachtaí an chomórtha leis an dráma Idir dhá cheann na hImní, a bhuaigh ‘Gradam Stewart Parker’ do Noel Ó Gallchóir, agus ceolchoirm le ‘Clann Mhic Ruairí’.
Ailbhe
An bhfuil an clár iomlán ar fáil in aon áit?
Dáithí Mac Cárthaigh
Bíodh leabhra Mhic Grianna lárnach d’aon chúrsa Gaeilge nua do na scoileanna Gaeltachta.