Seosamh Mac Donnchadha ceaptha mar Chathaoirleach agus Bord nua Fhoras na Gaeilge fógartha

An craoltóir cáiliúil Bláthnaid Ní Chofaigh i measc na gceapachán nua agus athcheapacháin atá i gceist le os cionn leath den bhord nua

Iaruachtatán CLG, Joe McDonagh. INPHO/Lorraine O'Sullivan
Seosamh Mac Donnchadha.  INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tá Seosamh Mac Donnchadha, Iar-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, anois ina chathaoirleach ar Bhord an Fhorais. I measc na gcomhaltaí nua eile atá ceaptha ar bhord na heagraíochta teanga trasteorann, tá Bláthnaid Ní Chofaigh, an láithreoir teilifíse agus raidió, agus Gráinne McElwain, an craoltóir agus tráchtaire spóirt.

D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh tráthnóna seisear comhaltaí nua boird. Rinneadh Seán Mícheál Ó Domhnaill a athcheapadh ar an mbord agus ba chomhalta ar an mbord deiridh é Seosamh Mac Donnchadha chomh maith.

Déantar ceapacháin ar Bhord an Fhorais ar bhonn 50:50 ag an dá dhlínse, ó thuaidh agus ó dheas, agus tá na comhaltaí boird ar fad a ainmníodh ón dlínse ó thuaidh le hathcheapadh ar an mbord nua ar feadh tréimhse bliana. Fágann sé sin gur athcheapacháin atá in os cionn leath den Bhord nua.

Is iad na baill nua eile ná Deirdre Ní Chiardubháin Príomhoide, Scoil Bhríde, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath; Seán Ó hArgáin, Príomhoide, Gaelscoil Osraí, Cill Chainnigh; Seán Ó Coisdealbha Príomhfheidhmeannach, Muintearas; agus Alma Kavanagh, Príomhoide, Bunscoil Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall.

Is iad na baill a bhfuil tréimhse bliana eile ar an mBord á tairiscint dóibh ná Pól Callaghan, Éamonn Ó Gribín, Colm Cavanagh, Marcas Mac Ruairí, Donncha Ó Laoghaire, Therese Ruane agus Eoghan Mac Cormaic.

Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, fáilte roimh na ceapacháin inniu agus mhol “tiomantas, dúthracht agus díograis na gcomhaltaí” atá anois ag éirí as a gcúram.

Ceapadh comhaltaí nua chomh maith inniu ar Tha Boord o Ulstèr-Scotch; is iadsan Freddie Kettle, Val O’Kelly, Allen McAdam agus Ida Fisher.