‘Seomra Nuachta C2k’ seolta i mBunscoil an Iúir

Tá an Ghaeilge mar rogha teanga ar an áis oideachais C2k i ndiaidh go ndearnadh uasdátú air

IMG_20150122_192944
An tAIre Oideachais John O’ Dowd ag seoladh leagan Gaeilge de CY2K Newsroom i Scoil an Iúir inné.

Beidh teacht tiubh te tapaidh feasta ag daltaí Gaelscoileanna ó thuaidh ar na scéalta nuachta is déanaí ina dteanga féin agus leagan Gaeilge den áis oideachais C2k Newsroom seolta i mBunscoil an Iúir in Iúr Cinn Trá inné.

Seomra Nuachta C2k an t-ainm atá ar an tseirbhís nua atá á cur ar fáil ag an Áisionad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste i gcomhpháirt le C2k.

Seirbhís nuachta do dhaltaí scoile atá in C2k Newsroom, nach raibh ar fáil ach i mBéarla roimhe seo.

Cuirtear thart ar thrí alt Béarla in airde ar an suíomh gach lá agus bíonn sé ina áis foghlama do dhaltaí ar fud fad Thuaisceart Éireann.

Cuirfear ailt Ghaeilge ar an suíomh as seo amach agus tá foireann an Áisionaid agus C2k ag súil go mbainfidh daltaí Gaelscoile lánúsáid as an tseirbhís nua.

“Cuirfidh muid scéalta nuachta ón fhíorshaol ar fáil do dhaltaí Gaelscoile, scéalta suimiúla spreagúla. Beidh muidne ábalta freagairt do na daltaí agus do na rudaí atá siad ag iarraidh a fheiceáil agus a léamh mar nuacht.

“Thig leo a chur in iúl dúinn cé acu a thaitin na scéalta leo agus na cineálacha scéalta a bhfuil dúil acu iontu. Beidh meascán mór de scéalta ann agus beidh go leor pictiúr ag gabháil leo. Beidh taifeadadh fuaime ann chomh maith, le go mbeidh siad ábalta éisteacht leis an scéal. Beidh go fiú físeán nó dhó ann, ó am go chéile,” a dúirt bainisteoir an Áisaonaid, Ciarán Ó Pronntaigh.

Is gréasán cumarsáide agus faisnéise é C2k a chuireann áiseanna idirlín ar fáil do scoileanna Thuaisceart Éireann mar thacaíocht do sheirbhísí eile de chuid Churuclam Thuaisceart Éireann.

Fág freagra ar '‘Seomra Nuachta C2k’ seolta i mBunscoil an Iúir'