Seoigheach ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh

Bhain Stiofán Seoighe, arb as cathair na Gaillimhe dó, céim dochtúra amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le déanaí

Seoigheach ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh

Stiofán Seoighe

Tá Stiofán Seoighe ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga i gceantar Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh.

Bhain Stiofán Seoighe, arb as cathair na Gaillimhe dó, céim dochtúra amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le déanaí ar thaighde sochtheangeolaíoch faoi nuachainteoirí na Gaeilge agus na Bascaise.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Stiofán Seoighe, arb as Dúiche Seoighe a sheantuismitheoirí, go raibh “an-bhród” air tabhairt faoina ról nua.

“Cé gur tógadh mé sa chathair, is as ceantar Dhúiche Sheoigheach mo sheantuismitheoirí. Is as an Cheathrú Gharbh do mo sheanathair agus is as Corr na Móna do mo sheanmháthair.

“Tá mé iontach bródúil go bhfuil an deis agam obair sa cheantar agus cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ó thaobh na teanga de,” a dúirt sé.

Dhá cheantar ar leith iad Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, idir Gaillimh agus Maigh Eo, atá curtha le chéile mar Limistéar Pleanála Teanga amháin.

Dúirt an Seoigheach go raibh “go leor dúshlán” le sárú ag na ceantracha Gaeltachta ina limistéar pleanála teanga.

“Tuigimid ar fad na dúshláin mhóra atá roimh phobal na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeltachta. An ról a bheas agam ná a bheith ag comhoibriú leis an bpobal agus a chinntiú go bhfuil a gcuid mianta ó thaobh na Gaeilge á mbaint amach.

“Tá an t-ádh orm go bhfuil obair mhaith ar siúl sa limistéar cheana féin agus gné thábhachtach den phost a bheas ann a bheith ag comhoibriú leis na grúpaí sin atá ag treabhadh an ghoirt le blianta fada.”

Dúirt Stiofán Seoighe go mbeadh ról “tábhachtach” aige maidir le “deiseanna úsáid na Gaeilge” a chur ar fáil don phobal agus “ugach” a thabhairt do dhaoine na deiseanna sin a thapú.

Chaith an Seoigheach tamaill i mbun teagasc an Bhéarla in Bilbao, i dTír na mBascach, sular chuir sé tús lena thaighde dochtúireachta.

Mar chuid dá thaighde, bhreathnaigh sé ar “na spásanna sóisialta” ina mbíonn cainteoirí Gaeilge ag úsáid na teanga agus “deiseanna labhartha” na teanga agus rinne comparáidí idir cainteoirí na Gaeilge agus na Bascaise.

Dúirt sé gur cuidiú a bheas ina obair thaighde san obair phraiticiúil a bheas ar siúl aige mar oifigeach pleanála teanga.

“Tá an beartas teanga agus an phleanáil teanga ina ndlúthchuid den tsochtheangeolaíocht agus den taighde a rinne mé agus is dócha go gcuideoidh sé liom leis an obair phraiticiúil a bheas le déanamh,” a dúirt sé.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Gearóid Ó Fátharta, bainisteoir Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo, go rabhadar ‘“fíorshásta” go mbeadh fáilte á cur roimh Stiofán Seoighe mar Oifigeach Pleanála Teanga an mhí seo chugainn.

Dúirt Ó Fátharta go raibh dúshláin éagsúla roimh lucht na pleanála teanga sa cheantar.

“Tá Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh dúnta isteach aisti féin agus mórthimpeallaithe uilig ag ceantracha Béarla. Is dúshlán an méid sin. Freisin ó thaobh na hoibre de, is ceantar an-leathan ar fad é ó thaobh na tíreolaíochta de,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Fátharta go mbeadh coiste pleanála teanga an cheantair, Comharchumann Dhúiche Seoigheach agus an tOifigeach Pleanála Teanga ag teacht le chéile go luath le dul i mbun an phlean oibre.

Cuirfidh Stiofán Seoighe tús lena post úr ar an 11 Bealtaine.

Faoin gcóras pleanála teanga, tá plean teanga le cur i bhfeidhm i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Seoigheach ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh'

  • Padraig O Flannabhra

    Comhghairdeas le StiofanO Seoighe agus guim gach rath ar a iarrachtai
    amach anseo. Ta me lan cinnte go neireoidh go gheal. Leis.

  • Con Ó Murchú

    Go n-eirí leat.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Fear an-deas é, déanfaidh sé scoth oibre más ann dá leithéid