Seoda dúchais an Dúin Bhig do Donald Trump

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo, cuid de dhúchas an Chláir do chuairt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá

Seoda dúchais an Dúin Bhig do Donald Trump

Tá súil againn go mbeidh deis ag Donald Trump, mac Màiri Anna NicLeòid as Inse Ghall, cuid de dhúchas an Chláir a bhlaiseadh sula dtiocfaidh deireadh lena chuairt ar Éirinn inniu. Ar eagla go mbeadh sé faoi bhrú ama tá roinnt de sheoda dúchas.ie faoina bhaile altrama An Dún Beag bailithe againn dó.

Má bhíonn a phócaí folamh tar éis a chuid taistil, ba cheart do Trump a ghabháíl ag tóraíocht na gcistí óir a deirtí atá i bhfolach i gCaisleán an Dúin Mhóir agus ar thrá na Duimhche Móire.

Seo liosta de na goirt sa Dún Beag.

  • An Cnocán le Pat Breen
  • Páirc na Croise le James Haugh
  • Páirc an Leasa le Jack Considine i Rinn na gCanach.
  • Páirc an Chapaill le Miss Blackhall i mBaltard.
  • Páirc na nDrobáinn sa Dún Mór
  • Cluain Ghlas le Mr. Murrihy i gCill Arda
  • An Curchas, san inbhear le Pat Keane aagus John Dillon
  • Cathair Fínic
  • Doire Ard
  • Cill Ard
  • Cathair Léinin.
  • Tuairín (mar a mbíodh an líon á thuaradh)

Fág freagra ar 'Seoda dúchais an Dúin Bhig do Donald Trump'

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Nuair a chímíd seoidíní gleoite Dúchas.ie is le cíocras a thugaimíd fë’n iad a léamh.
    Mā chaithfimíd cur suas le gnúis neambreâ an phlaoscaire aduain san ní bhímíd ró bhuioch mâs ar mhaithe le oideachas a chur air féin é. Tâ fuar agat a bhean uasail más chuige sin a bhís. Nāch raibh fhios agat go mbuann an raimhreacht ar an bhfoghlaim?