Seo m’fhoireann All Stars 2020, is mé a chum agus a cheap…

Roghnaíonn ár gcolúnaí a fhoireann réalta do shéasúr na hiománaíochta seo caite

Seo m’fhoireann All Stars 2020, is mé a chum agus a cheap…

Sula dtosnóidh an séasúr idirchontae arís (agus is deacair a rá cén uair é sin), fógrófar All Stars 2020 go luath mí Feabhra. Mar is gnáth beidh cur agus cúiteamh ag daoine faoi chuid de chinntí na moltóirí oifigiúla. Tá daoine áirithe den tuairim gur mugadh magadh atá i gcóras roghnaithe na bhfoirne All Stars.

Cinnte tá an iomarca guagachta ag baint leis. Rómhinic pioctar imreoirí in áiteanna nár imríodar in aon chor le linn an tséasúir. Rómhinic freisin pioctar imreoirí bunaithe ar thaispeántas amháin, cluiche ceannais na hÉireann de ghnáth. Is annamh in aon chor a phioctar imreoirí bunaithe ar thaispeántais sna cluichí sraithe.

Ach tá an córas ann agus go dtí go ndéanfar athrú air beidh daoine ag gearán.
Seo m’iarracht ar fhoireann a roghnú agus ábhairín solúbthachta tugtha agam dom féin anseo agus ansiúd.

I mbliana sheas dhá chúl báire amach domsa, Nickie Quaid ó Luimneach agus Stephen O’Keefe ó Phort Láirge. Bhí an bheirt acu ar fheabhas, go háirithe O’Keefe sa chluiche ceannais. Ach i mo thuairimse, má fhéachtar ar an mbliain iomlán, tríd is tríd bhí Quaid níos fearr. Tugtar an-mholadh do Stephen Cluxton agus an tionchar a bhíonn aige ar chluichí peile lena chiceanna amach agus moltar go háirithe a chruinneas i mbun seachadadh na liathróide. Is dóigh liom go bhféadfá an moladh céanna a thabhairt do Nickie Quaid le cúpla bliain anuas. Tá sé thar a bheith cliste agus cruinn le dáileadh an tsliotair agus is féidir brath i gcónaí air a phríomhchúram a dhéanamh chomh maith – an sliotar a stopadh.

Cúl báire Luimnigh, Nickie Quaid. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Ar an ngearrliosta don líne lánchúil tá Seán Finn, Conor Delaney, Dan Morrissey, Conor Prunty, Daithí Burke agus Barry Nash.

D’fhéadfá cás a dhéanamh dóibh ar fad ach ní bheadh aon argóint ag aon duine faoi Sheán Finn. Cheapas go ndearna Dan Morrissey an-jab mar lánchúlaí ina chéad séasúr mar lánchúlaí do Luimneach agus thabharfainn geansaí uimhir a trí dó. Agus ag cloí leis an gcruthaitheacht a bhaineann leis na foirne All Stars cuirfidh mé Daithí Burke na Gaillimhe sa chúinne.

Tá Diarmuid Byrnes, Callum Lyons, Tadhg de Búrca, Kyle Hayes ar bharr an liosta agam don líne leathchúil. Is deacair cinneadh a dhéanamh anseo, ach beidh orm Lyons á fhágáil ar lár cé go raibh an-bhliain aige.

Calum Lyons. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

I lár na páirce cheapas go raibh an-bhliain freisin ag William O’Donoghue a rinne obair na gcapall do Luimneach. B’fhéidir nár thug sé aon taispeántas mórthaibhseach uaidh ach chuir a chuid imeartha i mbliana i gcuimhne dom an seanrá ‘Na muca ciúine a itheann an mhin’. Bhí an-fheachtas ag Jamie Barron do Phort Láirge ach ní fhéadfá Tony Kelly a fhágáil ar lár. Choimeád sé contae an Chláir sa chomórtas. Bhí sé ina laoch fiú amháin agus é ar leathchois nuair a gortaíodh go luath é sa chluiche i gcoinne Phort Láirge, cluiche a chuir deireadh lena bhfeachtas. Sea, tá a fhios agam, níl Cian Lynch roghnaithe agam.

William O’Donoghue ag ceiliúradh i gcluiche ceannais na Mumhan 2020. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá sé éasca go leor na leath-thosaithe a roghnú. Bhí Gearóid Hegarty ina fhathach i ngach cluiche dár imir sé do Luimneach (20 cúilín) mar a bhí TJ Reid do na Cait. Bhí an-tionchar freisin ag Tom Morrissey ar gach cluiche craoibhe agus rinne sé obair iontach ar fud na páirce sna cluichí go léir, chomh maith le 17 cúilín a fháil. Sea, níl Cian Lynch roghnaithe anseo agam ach oiread. Níl, ná Joe Canning.

Sa líne lántosach tá leithéidí Brian Concannon, Conor Whelan, Stephen Bennett, Dessie Hutchinson, Austin Gleeson agus Aaron Gillane san iomaíocht. Bhíos ag caint le déanaí le cúpla iománaí ar an gclaí faoi All Stars 2020 agus nuair a thángamar chomh fada leis an líne lántosach ní raibh Austin Gleeson fiú ar an ngearrliosta acu. Chuireas in iúl dóibh gur scóráil sé 17 cúilín sa chomórtas craoibhe. Ní haon dóithín é sin d’aon tosaí. I ndeireadh na dála ní bhfuair sé áit ar m’fhoireann ach oiread ach bhí bliain an-mhaith aige agus d’fheabhsaigh sé i ngach cluiche de réir mar a chuaigh an séasúr ar aghaidh.

Bhí an-bhliain ag Austin Gleeson do Phort Láirge. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ach tá beirt Déiseach sa líne sin agam. Ag 14 tá Stephen Bennett agam, fear a bhí ina cheannaire sna cluichí go léir. Bhí sé thar a bheith cruinn ar na pocanna saora agus thar a bheith údarásach san imirt freisin. Thugas geansaí a 15 do Dessie Hutchinson, fear a bhí i lár an aonaigh i ngach cluiche. Ní fhéadfainn gan Aaron Gillane a chur sa chúinne ar dheis.

Sin agat mar sin tuairim duine daonna amháin nach bhfuil saor ó locht. Tá cuid mhaith ábhar díospóireachta ann ar a laghad, tá súil agam.

Fág freagra ar 'Seo m’fhoireann All Stars 2020, is mé a chum agus a cheap…'

  • alan titley

    An-rogha ag John, agus is beag duine a chuirfidh ina choinne maidir lena bhformhór. Léargas cothrom tugtha aige uaidh maidir leis na roghananna aisteacha a déanadh i gcaitheamh na mblianta. Ní foláir nó bhí sé dian air gan aon Chorcaíoch a roghnú, agus seachas Hoggie, is beag duine eile a bheadh san áireamh ar aon nós. Agus nach trua léir é nach mbeidh seans ag Shane Conway Chiarraí a choíche ná go deo toisc é a bheith teanntaithe san áit ina bhfuil in ainneoin é a bheith ar dhuine de na hiománaithe óga is sciliúla agus is ealaíonta lenár linn.

  • Peadar Ó Ceannabháin

    Gortach go maith ar imreoirí na Gaillimhe, an fhoireann ba mhó a bhain allas as Luimneach! Is mór an t-iontas nár roghnaís duine díobh seo i dteannta an Bhúrcaigh: Brian Concannon, Cathal Mannion, Conor Whelan.