Seo linn damhsa na bpolaiteoirí agus an ‘a haon, a dó, a trí’

Damhsaigh an port agus caith na vótaí – ach don pháirtí ceart

Seo linn damhsa na bpolaiteoirí agus an ‘a haon, a dó, a trí’

An Tánaiste Micheál Martin. Pic: Leon Farrell/Photocall Ireland

Dúradh gur damhsóir paiteanta a bhí i Bobby Molloy agus é éadromchosach ar an urlár. Ach thuig sé gurbh fhéidir leas a bhaint as téarmaíocht an damhsa agus é ag stocaireacht i dtoghcheantar Ghaillimh Thiar. San áit a bhfeilfeadh sé d’abraíodh sé le daoine coinneáil le córas an damhsa – vótáil a haon, a dó, a trí don pháirtí.

Fianna Fáil a bhí i gceist aige an uair sin; b’iondúil gur triúr iarrthóirí a bhíodh acu sna holltoghcháin idir 1965 agus 1986 nuair a bhí Molloy ina rí orthu i nGaillimh Thiar. Ní móide go raibh leagan damhsa ar bith a d’fheilfeadh don Pháirtí Daonlathach nuair a d’imigh Bobby leo i 1986. Ar ndóigh, bhí uimhir a 1 ann i gcónaí.

Ach ní raibh chuile iarrthóir chomh macánta le Bobby leis na figiúirí. Bhí a chuid orduithe siúd soiléir; coinnigh leis an bpáirtí ach tabhair uimhir a haon domsa. Mar a deir Bertie Ahern tráth ‘every candidate is an independent when an election is called’. Déanfaidh siad a gcomhairle féin.

Bhí iarrthóir ann tráth den saol agus chuaigh sé chun cainte le bean nár thuig rómhaith an ionadaíocht chionmhar, córas PR na tíre seo. Dúirt sí leis go raibh fáilte roimhe chun an tí ach go raibh duine áitiúil san iomaíocht agus go gcaithfeadh sí vóta uimhir a 1 a thabhairt dósan. Ba ag an tráth sin a thug an t-iarrthóir macánta eolas di faoin gcaoi ar oibrigh an córas. ‘Tuige nach dtugann tú barraíocht vótaí dó,’ a d’fhiafraigh an cuairteoir. Bhí an bhean bhocht mearaithe. ‘Tabhair uimhir a 4 do do chomharsa – sin 4 vóta agus beidh mise sásta le vóta amháin uait – sin uimhir a 1.’

Is cosúil gur i dTír Chonaill a tharla sé sin. Ní bheadh polaiteoir ná stocaire ar bith i gConamara a chuirfeadh an pobal amú! Togha stocairí a bhí iontu.

Is dóigh ar na saolta seo nach bhfuil mórán duine ar bith i gConamara atá inchurtha leis an gComhairleoir Contae, Séamus Breathnach mar stocaire. Níl sé san iomaíocht san olltoghchán seo, agus mura mbeadh rud ar bith eile ann ach a chuid diabhlaíochta, chuirfeadh sé splanc sa bhfeachtas. Seachain, agus an méid sin ráite, go gceapfadh duine ar bith nach duine cumasach. Ach lig an scéal seo chugaibh.

Bhí Séamus ag stocaireacht i gConamara tráthnóna leis an gclapsholas. D’éirigh leis fear a fheiceáil suas uaidh sna garrantaí agus é ag tarraingt fhéir as coca. Léim sé thar an gclaí agus chuaigh chomh fada leis. ‘Bail ó dhiaidh ort, is mise Walsh.’ Choinnigh an fear ag tarraingt a ghabháil fhéir agus dúirt: ‘Tá a fhios agam go maith cé thú féin.’

Bhí go maith agus ní raibh go holc – fós.

‘An dtabharfaidh tú vóta uimhir a 1 dom?’ Dhírigh fear an fhéir é féin agus bhreathnaigh ar Shéamus. ‘Bhuel,’ a deir sé ‘mar seo atá sé liomsa anois, a Shéamuis.’

‘Ní bhfaigheadh fear a thabharfadh rud dom – a bhí ag dul dom – vóta ar bith uaimse…ach thabharfainn vóta d’fhear a gheobhadh rud dom, nach raibh ag dul dom.’

Bhí tuilleadh féir le tarraingt.

Is cinnte go raibh an teannas polaitiúil go háitiúil níos géire i gConamara scaitheamh den saol ná atá sé anois. Tá an-scéal ag Micheál Ó Néill ina leabhar dírbheathaisnéise faoi chruinniú a bhain le bóithre i gceantar Rinn Mhaoile i 1963. Ba é an chéad ‘bhotún’ a bhí ar an gCoiste Pobail gur tharraingíodar cruinniú leis na polaiteoirí toghcheantair an deireadh seachtaine céanna a raibh Ard-Fheis Fhianna Fáil ar bun i mBaile Átha Cliath. Ní raibh an córas eolais chomh maith an uair sin, agus atá sé anois.

D’fhág sin nach raibh Teachtaí Dála Fhianna Fáil, Gerald Bartley (Aire Rialtais) agus Johnny Geoghegan in ann a bheith i láthair. Bhí Fintan Coogan (Fine Gael) ar a chomhairle féin. Spréach lucht chumann Fhianna Fáil sa gceantar. Bhí fear amháin acu a chuir an áit trína chéile. Chaithfí an cruinniú a reáchtáil arís! Rinneadh.

Bhí an halla i gCrosaire na Tulaí lán go doras. Labhair na Teachtaí Dála uilig an iarraidh seo. Fágfaidh muid an chuid eile den scéal ag Micheál:

‘Ansin labhair bean aníos ón urlár agus bhodhraigh sí gach a raibh ann ar feadh ceathrú huaire ag trácht ar an tír agus ar chuile mhíle ní ach amháin na bóithre. Bhí ‘aitheasc’ na mná chomh leadránach sin agus go ndeachaigh go leor de na fir amach chuig an dá theach ósta in aice láithreach.

‘Agus an fear a bhí ligthe amach ag caint ar fud na háite i gcaitheamh na seachtaine, níor labhair sé beag ná mór. D’airigh muid ina dhiaidh sin gur cuireadh fainic air gan labhairt nó go gcaillfeadh sé a phost mar ‘ghanger’ ar na bóithre! Ach d’fhoghlaim mé féin agus an coiste ceacht an lá sin – sin nár cheart polaiteoirí a thabhairt chuig cruinniú poiblí go brách aríst. B’fhearr toscaireacht a chur chomh fada leo.’

Anois don ghlúin óg, cuid acu a bheidh ag vótáil den chéad uair san Olltoghchán seo, is í an bhrí atá le geaingear ná fear a bhíodh i gceannas ar bhuíon fear ag obair ar na bóithre san tsean-aimsir (‘gang’ oibrithe). Bhí stádas ag baint leis. Ar ndóigh, bhíodh sé ráite go raibh an páirtí a bhíodh i gcumhacht in ann postanna mar sin a threorú chuig a lucht tacaíochta féin. Ach má dúirt a pháirtí leis an nganger gan labhairt, níor labhair sé – sin nó ní bheadh sé i bhfad ina gheaingear.

Cé a bheadh ag iarraidh a bheith ina ‘ghanger’! Bhí orthu an port a dhamhsa – a haon, a dó agus a trí.

Fág freagra ar 'Seo linn damhsa na bpolaiteoirí agus an ‘a haon, a dó, a trí’'