‘Seo linn arís,’ arsa Bláthnaid Ní Chofaigh agus í ag dul sa bhearna bhaoil uair amháin eile

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Is trua nach ndéanann na meáin Bhéarla plé níos dearfaí faoi cheist na Gaeilge, ach dá ndéanfaí sin cad a dhéanfaí leis an gcnuasach colún réamhscríofa?

‘Seo linn arís,’ arsa Bláthnaid Ní Chofaigh agus í ag dul sa bhearna bhaoil uair amháin eile

Bláthnaid Ní Chofaigh

‘Seo linn arís,’ a dúirt Bláthnaid Ní Chofaigh léi féin nuair a fuair sí an cuireadh aghaidh a thabhairt ar Eoin Butler i ndíospóireacht faoin nGaeilge ar Claire Byrne Live (RTÉ 1,Dé Luain).

Thuigfeá di. Nach raibh na focail chéanna ag ráthaíocht id intinn féin nuair a chualaís an scéal? Is iriseoireacht agus plé seanchaite, aontoiseach, leisciúil a bhíonn i gceist go minic nuair a phléann na meáin Bhéarla an Ghaeilge. Tá a fhios ag madraí Bhéarla an bhaile gur ábhar iontach í an Ghaeilge le colúin bhinbeacha a bhaint aisti, go mór mhór nuair a thagann crú an ama ar thairne na samhlaíochta.

Tá an clog ag bagairt agus tá an scáileán bán, cad eile a dhéanfadh mac an chait? Bím ag taibhseamh uaireanta go bhfuil cnuasach d’alt frithGhaeilge, réamhdhéanta i dtaisce ag leithéidí an Independent le caitheamh amach nuair a bhíonn siad san fhaopach.

Bíodh sin mar atá, chruaigh Bláthnaid in aghaidh na hainnise (díreach mar a dhein le Rosita Boland tamall siar) agus dhein an fód a sheasamh. Os a comhair bhí Eoin Butler, a té a dhein an saothar poileimiciúil YouTube faoin nGaeilge tamall siar agus a tharraing raic ar na meáin shóisialta. D’úsáid Claire an t-easaontas faoin nGaeilge sna Sé Chontae mar nasc liobarnach agus taispeánadh na míreanna úd ó Sheachtain na Gaeilge ina raibh pearsa mór le rá ag cur síos ar an nGaeilge.

Avae linn ansin.

’Sí Bláthnaid is túisce a labhair agus thrácht sí go meáite ar an tslí nach cinneadh a bhí ann di féin an Ghaeilge a labhairt. Ba chuid di agus dá saol í ó rugadh í. Cuid dá féiniúlacht í agus tá sé deacair gan a bheith goilliúnach faoin teanga, dá réir, a dúirt sí.

Bhain seo siar as Eoin Butler ábhairín, a mheasas, agus is dócha go raibh sé ag súil leis an gcosaint fhíochmhar, fheargach. Bhí a shaothar úd lán le hargóintí seanchaite, rámhaille agus cáineadh ach bhí sé de chlisteacht aige cloí le hargóint shimplí amháin anseo, ’sé sin an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais. Gan amhras thosaigh sé a chuid argóna leis an bpointe go labhraíonn sé féin Gaeilge (cúpla focal ar aon nós) amhail is gur fianaise chruthanta é seo ná féadfadh sé a bheith claonta.

Bheadh do leathanach biongó i dtaobh chlíséanna na Gaeilge breactha go maith agat ar aon nós agus trácht á dhéanamh aige ar aistriúcháin, cur amú airgid, neamhábharthacht na teanga srl. Bhíos féin ag fanacht go dtiocfadh Dlí Godwin na Gaeilge i bhfeidhm, ’sé sin an tagairt do Pheig aon uair go mbíonn an Ghaeilge á plé. Níor tháinig sin go dtí an deireadh agus ba í Bláthnaid a thagair di agus í ag maíomh go raibh cúrsaí oideachais athraithe go mór.

Dar liom nár tugadh a dhóthain ama le go mbeadh teas agus gearradh ceart sa díospóireacht. Ina ionad sin, tugadh geábhanna isteach sa lucht féachana. Bhí ionchur tomhaiste, eolasach ó Julian de Spáinn agus Dáithí Mac Suibhne. Dhein de Spáinn spior spear de thorthaí na pobalbhreithe a léirigh gur theastaigh ó thromlach an phobail gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge, á rá go bhfuil difríochtaí móra ó thaobh na n-aoisghrúpaí difriúla. Dia idir sin agus an anachain, bhí Aaron McKenna ag cur de faoin tábhacht a bhaineann le pointí Ardteiste.

Bhí Bulter ina phíobaire an aon phoirt agus é ag cur de go síoraí faoin nGaeilge éigeantach; go raibh daoine ag déanamh staidéir ar an teanga nach raibh aon suim nó ábaltacht acu inti.

Deir sé siúd ‘éigeantach’, deirimse ‘deis iontach’ leat.

In theannta sin, is mór an trua ná dúirt duine éigin nach gach duine óg a ghránn an Mhata, an Béarla agus ábhair eile nach iad agus le bheith réalaíoch faoi, go minic, ní hiad daoine óga is fearr a thuigeann cad atá ar a leas ó thaobh an oideachais.

Bíodh sin mar atá, chaith Bláthnaid slais dheas le Butler, agus le Byrne féin, agus an díospóireacht ag teannadh ar cheann scríbe. Agus macalla á bhaint aici as rudaí a bhí ráite ag an lucht féachana mhaígh sí go bhféadfaí, agus gur cheart, ceist na Gaeilge a phlé ar bhealach difriúil, ar shlí níos substaintiúla, níos dearfaí, níos cothroime fiú. Nach bua iontach a bheadh ann dá n-éistfí leis an méid sin?  Ach dá ndéanfaí sin cad a dhéanfaí leis an gcnuasach colún réamhscríofa?