Seo linn ar thuras traenach mór trasna na tíre, ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath

Bhí cuma na heachtraíochta ar an lá is gan a fhios againn céard a bhí romhainn nó céard a d’fheicfeadh muid

Seo linn ar thuras traenach mór trasna na tíre, ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath

Fuisssss! Lig rothaí an traein osna astu agus thosaigh an traein ag imeacht amach go mall ó stáisiúin Ceannt i nGaillimh. D’ardaigh mo chroí. Bhí tús curtha againn leis an turas mór trasna na tíre ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath ar an traein.

Is gearr gur scal solas geal na mochmhaidine isteach trí fhuinneoga na traenach is go bhfaca muid Cuan na Gaillimhe is Loch a’ tSáile ag síneadh amach romhainn.

Bhí cuma na heachtraíochta ar an lá is gan a fhios againn céard a bhí romhainn nó céard a d’fheicfeadh muid ar an turas trasna na tíre ar an traein. Bhuel bhí barúil agam go bhfeicfeadh muid go leor caorach agus ba, ach, ní bheadh a fhios agat céard eile a d’fheicfeá amach trí fhuinneoga na traenach.

‘An mbeidh sé ar nós an traein go Hogwarts?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom is muid ag déanamh ár mbealach suas ag an stáisiún ar maidin. ‘Ní bheidh,’ a dúirt mé, ‘murar athraigh rudaí go mór ó bhí mé ar an traein go deireadh.’

Bzzzz, crklll, crkl…Thosaigh fógra réamhthaifeadta ag brioscarnach amach as na callairí.

‘Fáilte go hIarnród Éireann. Tá an traein seo ag dul go Stáisiún Heuston Baile Átha Cliath.’

‘Tá muid ar an traein cheart Mamaí,’ a deir an Babaí go húdarásach, le faitíos go mbeadh imní orm go raibh muid imithe amú. Níl ann ach aon ardán amháin i nGaillimh agus bhí mé réasúnta muiníneach go n-aimseodh muid an traein féin.

Lean an fógra ar aghaidh. ‘Ag stopadh in Órán Mór, Baile Átha an Rí, Béal Átha na Sluaighe, Baile Átha Luain, Clóirtheach, Tulach Mhór, Cúl an tSúdaire, Droichead Nua, Na Solláin/Nás…agus Heuston.’

Shuigh mé siar sa gcathaoir is lig mé osna faoisimh. Ainneoin na n-ainneoin bhí muid uilig dúisithe in am, gléasta agus ar an traein. B’in an píosa ba dhúshlánaí den turas. Ní raibh tada eile le déanamh ach fanacht uirthi nó go dtarraingeodh muid isteach go Heuston.

‘Déanaigí cinnte fanacht ar an traein nuair a stopann muid ag na stáisiúin,’ a mheabhraigh mé do na gasúir. ‘An bhfuil cead agam seasamh amach ar feadh soicind agus breathnú thart?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom. ‘Níl,’ a dúirt mé.

‘Fiú dhá shoicind?’ a d’fhiafraigh sí agus iontas uirthi.

‘Fan ar an traein nó go dtiocfaidh muid chomh fada le Baile Átha Cliath, sin é an méid atá le déanamh againn!’ a d’impigh mé uirthi.

‘Hmm,’ a deir sí ansin ag breathnú thart ag iarraidh rud éigin le déanamh.

Ní raibh muid cúig nóiméad amuigh as an stáisiún fós agus muid ag dul trasna dhroichead Loch a’ tSáile.

‘Cén fhad a bheidh muid ar an traein?’ a d’fhiafraigh sí agus taom éadóchais buailte uirthi.

‘Dhá uair an chloig go leith, is dóigh,’ a dúirt mé. B’fhéidir gur botún a bhí sa turas seo a chuimhnigh mé.

Bhreathnaigh mé amach an fhuinneog is chonaic mé na garrantaí úrghlasa ag síneadh amach thart orainn is an traein ag imeacht ina snáithín tríothu.

Bhí na caoirigh ar féarach is na huain ag léimneach is an sceach gheal flúirseach faoi bhláth. Níor athraigh sé mórán ó bhí mé anseo go deireadh na blianta fada ó shin agus thug an méid sin suaimhneas dom.

‘Breathnaigh amach an fhuinneog,’ a dúirt mé léi, ‘is ní aireoidh muid é.’

Fág freagra ar 'Seo linn ar thuras traenach mór trasna na tíre, ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Rinneas féin an turas traenach seo na blianta fada ó shin agus ba chúis iontais ar fad dom é! Tá súil agam go gcloisfidh muid tuilleadh faoi :-)