Seo é gaiscíoch litríocht na Gaeilge lenár linn…

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Sa mhír nua seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Seo é gaiscíoch litríocht na Gaeilge lenár linn…

Déantar deighilt go minic idir an t-earra a dtugtar ‘an t-úrscéal liteartha’ air, agus úrscéalta eile. Ní hé go ngéillim aon phioc don deighilt sin, mar is mór idir an t-úrscéal dea-scríte bleachtaireachta nó fáistineachta nó rómánsaíochta agus úrscéal trom leamhfhealsúnachta gan stíl, gan chroí. Ach má tá ‘úrscéal liteartha’ uait ní fearr ceann a thriailfeá faoi láthair ná Sliocht ar Thír na Scáth (Coiscéim €12) le Breandán Ó Doibhlin, is é sin má tá uait scéal a léamh ina bhfuil pléisiúr aeistéitiúil friotail ar gach leathanach de, agus cruthú domhain eile atá go hiomlán inchreidte ach nach bhféadfá dul ann in éagmais eachtra den saghas seo.

Cogadh na naoi mblian is ea uain an scéil agus sléibhte Thír Eoghain a log is a láthair.

Fear óg a bhain le ‘cléir na héigse’ ó dhúchas atá ag insint a scéil agus é ag iarraidh dul le ceird nó le gairm na filíochta. Is é atá socair go maith idir dhá shaol, idir saol na seanlaochra ‘ó Chonn Céadchathach go Cormac mac Airt’ anall go dtí saol na Críostaíochta a bhí go daingean in Éirinn le breis agus míle bliain. Tá an tríú saol ag bagairt, áfach, agus sin é saol an choncais Shasanaigh.

Agus is bagairt atá ann. Ceann de na ciútaí is éifeachtaí sa scéal is ea go bhfuil an bhagairt sin i gcónaí tamall uaidh. Seoltar chuige agus chucu é ar ráflaí agus scéalta thairis ionas go bhfuil fad láimhe uainn an t-am ar fad.

Scéal é seo atá suite go hiomlán ‘i gcríoch iathghlas Uladh’, agus cé go dtugtar ‘neascóid Ghallda’ (cé a déarfadh a mhalairt?!) ar Londaindoire agus gur ‘blaosc gan eithne’ í dúiche Néill, mar sin féin níl de thagairtí cultúir agus seanchais agus eolais againn ach tagairtí na nGael. Seo í Éire/Ulaidh sular galldaíodh í. Machnamh fada léannta oilte ar an stair agus ar an dúchas atá anseo. Ní sheachnaítear gur fheall an uasalaicme ar na gnáthdhaoine ná go bhfuil ‘brat dorcha an mhímhisnigh’ anuas ar an saol.

Mar sin féin, ba dheacair a shéanadh nach raibh na smaointe seo, ach gan iad curtha síos chomh healaíonta sin, ag lucht machnaimh na hÉireann sa linn atá faoi thrácht. Fiafraítear, agus b’fhéidir gurb é dála an úrscéil seo féin é: ‘mura n-aimsíonn an tuairisc seo léitheoir a dhiongbhála ar aon chor, an ea nach fánach mar thionscnamh é?’

B’fhéidir gur fíor, ach is é a réiteach an leabhar seo a léamh go milis is go searbh mar ní raibh tú riamh in Éirinn na nGael faoi bhagairt sa 6ú agus sa 7ú haois déag murar léigh tú seo.

Níl anseo, gan amhras, ach an chaolchuid is déanaí den saothar míorúilteach atá déanta ag Breandán Ó Doibhlin i gcaitheamh na mblianta. Is é gaiscíoch litríocht na Gaeilge é lenár linn. Má tá uait tosnú ar dhul amach ar a shaothar ildánach eile, gabh leat díreach gan mhoill go dtí As Tobar an Doibhlinigh (arna thiomsú ag Tracey Ní Mhaolaigh) (Coiscéim €15) ina bhfuil sleachta as a chuid aistí, saothar critice, aistriúchán, filíochta, léirmheastóireachta agus eile eile eile.

Tá botún sa teideal ag Tracey. Ní tobar atá ann ach bolcán.

Fág freagra ar 'Seo é gaiscíoch litríocht na Gaeilge lenár linn…'

  • Cluain Sceach

    Níl ann anois ach iad a cheannach agus a léamh!