‘Seo é bhur ndeis’ – an uile dhuine ag fanacht ar an DUP

Tá méar an mhilleáin sínithe ag an dá rialtas i dtreo an DUP maidir le sáinn Stormont

‘Seo é bhur ndeis’ – an uile dhuine ag fanacht ar an DUP

Is annamh a tharlaíonn sé, an dá rialtas ag ainmniú an pháirtí atá ag cur moille ar réiteach. Ach sin é a tharla in Stormont tráthnóna Déardaoin. Cur chuige nua, b’fhéidir. Foighid na rialtas ídithe agus an DUP gan an sciath chosanta a thug a margadh leis na Tóraithe dóibh.

Bhí sé ag gleadhradh báistí nuair a tháinig Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith amach chun labhairt le hiriseoirí tar éis chruinniú speisialta idir é féin, an Tánaiste Simon Coveney agus na cúig phríomhpháirtí.

Bhí fíbín ar lucht faire le cúpla uair an chloig mar bhí brúghrúpaí difriúla feicthe sa halla, ina measc an Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge, agus páirtithe á gcur ar an eolas faoi cad a bhí ag tarlú. An raibh margadh déanta? Cén fáth a mbeadh fios curtha ar bhrúghrúpaí mura mbeifí ag cur coinníollacha an réitigh faoin a mbráid? Bhí dianbhrú curtha ar na polaiteoirí le seachtain, go háirithe i bhfianaise na géarchéime sa chóras sláinte agus stailc na n-altraí a thug na mílte amach ar phicéid. Mheas cuid de na ceardchumainn go raibh mí-úsáid á baint ag an Státrúnaí as an stailc chun iallach a chur ar na páirtithe a theacht ar réiteach. D’ainneoin mhaíomh na n-altraí go raibh an chumhacht ag an Státrúnaí agus an státseirbhís chun an t-ardú pá a bhí ag dul dóibh a cheadú, dúirt Julian Smith go raibh gá le hAire in Stormont chuige sin.

Cibé dul chun cinn a raibh súil leis bhí an dóchas ag dreo i ndiaidh ráitis ó urlabhraí don DUP go raibh cruacheisteanna fós le réiteach. Faoin am ar labhair an Státrúnaí níorbh iontas é gur dhúirt se gur chúis díomá dó féin agus don Tánaiste nach raibh margadh le fógairt acu. Bhí sé neamhghnách áfach nár chuir sé fiacail ann gurbh é an DUP an páirtí nach raibh réidh nó toilteanach glacadh le creatlach réitigh. Ina theannta sin mhaígh sé gur chosúil go raibh roinnt san DUP toilteanach glacadh leis an socrú a bhí á phlé; níor léir ar iarracht é sin chun a theacht i dtír ar easaontas i bpáirtí Arlene Foster nó nárbh ea.

Dúirt an Státrúnaí agus an Tánaiste, Simon Coveney, a labhair tamall ina dhiaidh go raibh creatlach réitigh acu agus go bhféadfaí Stormont a chur ar ais ar a bhonna faoin tseachtain seo chugainn dá mbeadh gach páirtí toilteanach.

Ní fhoilseodh an dá rialtas téarmaí an réitigh faoi láthair, a dúirt siad. Ba chosúil go raibh súil acu go dtiocfadh an DUP ar ais taobh istigh de chúpla lá chun glacadh leis an margadh. Seans go mbeidh sé sin tarlaithe faoin am a léifidh tú an t-alt seo, a léitheoir, ach níorbh é sin a bhí á thuar ag baill den DUP. Theastaigh níos mó ama, dar leo. Is é an spriocdháta, de réir dlí, an 13 Eanáir, dáta éaga na reachtaíochta a cheadaigh don státseirbhís ranna a rith cheal Feidhmeannais.

Tá sé de nós ag an DUP fad a bhaint as idirbheartaíocht – rinne siad é agus bhain siad buntáiste as, nuair a bhí an socrú muiníne agus soláthair á dhéanamh acu in 2017 leis na Caomhaigh. Níl taithí acu le deich nó dhá bhliain déag ar mhéar an mhilleáin a bheith sínte ina dtreo; sin ó ghlac siad le roinnt na cumhachta. Ba mhinic a cuireadh an locht orthu as a ndiúltachas nuair ba pháirtí imeallach iad. Tá cleachtadh acu san dá bhliain a raibh ardchumhacht acu in Westminster ar Whitehall a bheith ag cuimilt meala leo agus ba bhuille trom é cáineadh an dá rialtas dá réir.

Maíodh gur bhain an milleánú siar astu. N’fheadar. Ní foláir nó go raibh a fhios acu ó mhí Lúnasa seo caite go raibh na rialtais ag fanacht le cinneadh uathu. Ag an am sin dúradh leis an iriseoir seo nach raibh ag teacht idir iad agus réiteach ach freagra ón DUP ‘an raibh siad sásta margadh a dhéanamh nó nach raibh?’. Ag an am sin shíl an DUP go raibh tionchar fós acu in Westminster. Ba ghearr gur fhoghlaim siad a mhalairt. Idir sin agus na buillí a fuair siad ó na vótóirí san olltoghchán ceapadh gur mó an tsuim a bheadh acu i gcomhréiteach sna cainteanna is deireanaí.

Go poiblí bhíothas ag maíomh le dhá bhliain gur Acht Gaeilge an chonstaic ach tuigim go bhfuil imní mhór orthu faoi leasuithe ar an achainí chásmhaireachta – an veto. Ó cailleadh an móramh aontachtach san toghchán Tionóil in 2017 ní bheadh sé chomh héasca acu stop a chur le beartais nach maith leo gan an veto. Is iad na ceisteanna anois, an gceapann siad go dtig leo athruithe ar na leasuithe a bhaint amach le moilleadóireacht sna laethanta nó na seachtainí seo romhainn; agus an bhfuil siad ag iarraidh margadh inbhuanaithe a bhaint amach? Níl aon dabht ach gurbh fhearr socrú a mhairfeadh ná ceann a dhéanfaí faoi dheifir ach tá na fadhbanna pléite agus meirg orthu. Tá siad á rá le fada gur mian leo filleadh ar Stormont ‘maidin amárach’. Teachtaireacht an dá rialtas – ‘seo é bhur ndeis’.

Fág freagra ar '‘Seo é bhur ndeis’ – an uile dhuine ag fanacht ar an DUP'