Seo chugainn TIÚIBÍNÍ! Físeáin Ghaeilge de bhréagáin á mbaint as a bpacáistiú ar fáil…

Tá roinnt físeán curtha in airde ag TIÚIBÍNÍ cheana féin agus os cionn 40 réamhthaifeadta ag an gcomhlacht Macalla Teo

Seo chugainn TIÚIBÍNÍ! Físeáin Ghaeilge de bhréagáin á mbaint as a bpacáistiú ar fáil…

Feiniméan ar leith iad na físeáin mhór-ráchairte ar líne ina dtaispeántar na bréagáin is déanaí á mbaint as a bpacáistiú, agus tá na físeáin chéanna ar fáil anois i nGaeilge.

Tá na físeáin Ghaeilge ar fáil ar chainéal nua ar YouTube. TIÚIBÍNÍ atá tugtha ar an gcainéal nua atá á rith ag an gcomhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta.

Tá os cionn deich bhfíseán ar an gcainéal i láthair na huaire agus físeáin nua á gcrochadh ann gach seachtain. Tá dhá chineál físeán ar an gcainéal: cinn ina n-osclaítear boscaí bréagáin agus ina ndéantar mionchur síos ar a bhfuil iontu, agus cuid eile ina leantar gasúir óga agus iad sa bhaile ag bácáil, ag spraoi agus ag déanamh na rudaí eile is dual do leanaí a dhéanamh.

Bíonn an-tóir ar a leithéid d’fhíseáin ar fud an domhain agus is cosúil go bhfuil pingin mhaith le saothrú orthu freisin. Sa bhliain 2014, thuill cainéal amháin YouTube $4.9 milliún as físeáin ina dtaispeántar bréagáin de chuid Disney í á mbaint as a bpacáistiú –an méid is mó a thuill cainéal ar bith ar YouTube an bhliain sin.

Ní fios cé na daoine atá taobh thiar den chainéal Fun Toys Collector  ach tá na milliúin leantóir aige agus na billiúin amharc físeáin. Tá na mílte físeán de bhean ag oscailt na mbréagán curtha amach ag an gcainéal.

Dar le Cuán Mac Conghail ó Macalla Teo, an comhlacht atá i mbun an chainéil Ghaeilge nua TIÚIBÍNÍ, bíonn sé fíordheacair i gcónaí ag tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht ar ábhar dá bpáistí ar líne.

“Ní bhreathnaíonn daoine óga ar an teilifís. Is fíric é sin. Tá páistí óga agam féin agus is ar YouTube a bhíonn siad ag breathnú. Ach má lorgaítear ábhar i nGaeilge ar an idirlíon tá sé fíordheacair teacht air. Rudaí atá spraíúil agus spéisiúil do na páistí. Is cultúr nua é seo agus is breá le páistí a bheith ag breathnú ar a leithéid. Is breá leo a bheith ag breathnú ar pháistí eile ag spraoi freisin.

“Tá triúr páistí agam faoi bhun sé bliana d’aois agus is cóir go mbeadh an rud seo ar fáil i nGaeilge dóibh. I mBaile Átha Cliath amháin, tá 35 Gaelscoil. Tá Gaeilge á labhairt agus á cloisteáil ag na gasúir sin ar scoil gach lá ach bíonn sé deacair saol Gaeilge a choinneáil leo i ndiaidh na scoile. Caithfidh gasúir a bheith in ann breathnú ar an stuif chéanna i nGaeilge a mbíonn siad ag breathnú air i mBéarla,” a dúirt Cuán Mac Conghail, ón gcomhlacht Macalla Teo, le Tuairisc.ie.

Dúirt sé gur gá an saol ar líne agus an tsiamsaíocht a theastaíonn ó óige na linne seo a phlé anois agus ábhar a chur ar fáil a thaitneoidh leo. Chuaigh Mac Conghail i dteagmháil le COGG agus cheadaigh an eagraíocht sin maoiniú don chainéal nua YouTube.

Tá 40 físeán réamhdhéanta ag TIÚIBÍNÍ agus iad á gcur suas de réir a chéile. Dúirt Mac Conghail go bhfuil súil aige go dtiocfaidh daoine eile “ar bord” agus físeáin eile a chur ar fáil.

“Tá na físeáin á ndéanamh i mBaile Átha Cliath faoi láthair mar is ansin atáimid lonnaithe ach ba mhaith linn níos mó físeán ón bpobal ar fud na tíre agus, go deimhin, go hidirnáisiúnta. Tá aithne agam ar dhaoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge san Astráil, mar shampla. Is cuma cé as a dtagann sé, a fhad is atá gnáthábhar á chur ar fáil do pháistí i nGaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh buntáiste ag cainéil YouTube toisc nach mbíonn cosc orthu táirgí aitheanta a úsáid ina gcuid físeán.

Is iarracht atá i TIÚIBÍNÍ, dar le Mac Conghail, cur le “Gaeltacht an Idirlín” atá ag fás “de réir a chéile” le blianta beaga anuas.

Fág freagra ar 'Seo chugainn TIÚIBÍNÍ! Físeáin Ghaeilge de bhréagáin á mbaint as a bpacáistiú ar fáil…'

  • Séamus

    Go hiontach ar fad. Cé adúirt go raibh an Ghaeilge ar an dé deireadh?