Ciallaíonn scor na Dála an tseachtain seo do bhriseadh an tsamhraidh gur beag a bheidh ag tarlú i saol na polaitíochta as seo go ceann roinnt seachtainí. Os comhair an phobail ar aon nós. Maíonn polaiteoirí, ar ndóigh, go mbíonn siad de shíor ag obair agus nach mbíonn briseadh ar bith acu óna saothar. Beidh méid áirithe ag leanacht ar aghaidh ar mhaithe le riaradh na tíre agus leanfaidh cruinnithe rialtais go ceann roinnt seachtainí.
Seo chugainn, mar sin, séasúr na seafóide. Agus beidh sé spéisiúil nuair a fheicfidh muid cén scéal a thiocfaidh chun cinn leis na nuachtáin agus na haerthonnta a líonadh in éagmais ghnáthshaol na polaitíochta. Tá an chosúlacht air anois go bhfuil muid ag teannadh le deireadh na géarchéime sláinte nó go bhfuil sé ag maolú de bheagán mar thoradh ar an bhfeachtas vacsaíní. Tá daoine dubh dóite den scéal ar fad faoin tráth seo freisin.
Deis a bhíonn sa mbriseadh seo sa samhradh do pholaiteoirí filleadh ar a ndáilcheantar ar feadh roinnt seachtainí. Seo í an obair is tábhachtaí atá acu dar le go leor acu. Mura mbreathnaíonn tú amach don phobal sa dáilcheantar ní bhfaighidh tú na vótaí an chéad uair eile a mbeidh an pobal ag dul chuig na bothanna. Cé go bhfilleann a bhformhór ar an dáilcheantar ‘chuile dheireadh seachtaine is beag am a bhíonn acu léargas iomlán a fháil ar a bhfuil ag déanamh tinnis don chosmhuintir.
Tar éis fhothoghchán na seachtaine seo caite, tá caint agus tuairiscí go leor faoina bhfuil á rá, go háirithe i bhFianna Fáil, faoin toradh. Tabharfaidh briseadh an tsamhraidh léargas do na polaiteoirí ar a bhfuil á rá ag na vótóirí faoi na páirtithe agus a gcuid ceannairí. Tuigeann muid ar fad faoin tráth seo go bhfuil ceist na tithíochta práinneach. Céard eile a chuirfear ar a súile don aicme pholaitiúil nuair a bheidh siad ar saoire i measc an phobail idir seo agus lár mhí Mheán Fómhair? Céard a bheidh á éileamh ag an bpobal orthu ó thaobh an chórais sláinte agus an tionchar atá ag Covid-19 ar chúram daoine? Céard faoi vacsaíní do pháistí agus athoscailt na scoileanna? Céard faoi íocaíochtaí Covid, cianobair, cúrsaí iompair, athrú aeráide…? Tá go leor ceisteanna ag déanamh tinnis do dhaoine nach bhfaigheann polaiteoirí deis éisteacht leo nuair a bhíonn siad gafa le cúrsaí Dála.
Gheobhaidh siad léargas ar thacaíocht an phobail dá gcuid páirtithe agus dá gcuid ceannairí sna seachtainí seo romhainn freisin. Is féidir a bheith ag súil, tar éis na gcomhráite sin i measc an phobail, le caint níos oscailte agus níos glóraí faoin gcaidreamh idir páirtithe an rialtais agus an caidreamh inmheánach sna páirtithe féin. D’fhéadfadh faoin am a bhfillfidh na páirtithe ar obair na Dála ar an 22 Meán Fómhair go mbeadh athruithe go leor i ndán dúinn.
Fág freagra ar 'Seo chugainn séasúr na seafóide…'