‘Seo chugaibh an tús nua, a phaca cunús’ – ár léirmheastóir beo ar éigean tar éis The Walking Dead

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tá The Walking Dead ar an tsraith teilifíse is cumasaí a chífidh tú an fómhar seo

‘Seo chugaibh an tús nua, a phaca cunús’ – ár léirmheastóir beo ar éigean tar éis The Walking Dead

‘Tá’s agam canathaobh go bhfuil tú ag glaoch,’ a deir an fear ó Virgin Media liom maidin Dé Luain. ‘Tánn tú ag iarraidh féachaint ar The Walking Dead anocht agus sin é an fáth a bhfuil Fox á lorg agat.’

Chaitheas gáire a dhéanamh, bhí an ceart ar fad aige. D’athraíos mo ghiuirléidí teilifíse le déanaí agus ba arú aréir a thugas faoi deara go raibh Fox ar iarraidh. Ní anbhá go dtí é óir go bhfuil tine ar mo chraiceann le míonna agus mé ag fanacht don seachtú séasúr de shaothar na zombaithe seo a bhfuil daoine gafa leis ó 2010.

D’fhág clabhsúr an séú sraith ar cipíní mé agus gan fhios againn cé acu de na príomhcharachtair a bhí curtha de dhroim seoil. Níor ghalar aon duine amháin é is léir, óir bhí gliogar faoin sraith ag treochtaíl ar Twitter in Éirinn ar an Satharn, Domhnach agus Luan.

Bhí muc ar gach mala ag fear Virgin mar go raibh leathamadán ar a aithne tar éis na castaíocha agus iontais ar fad a scaipeadh ar Facebook an mhaidin sin. Agus deirimse castaíocha agus iontais leat… Is fada ó bhain clár drámaíochta an oiread sin de stangadh asam agus bhíos suaite go maith faoi cheann scríbe.

N’fheadar uaireanta an gceart dom féachaint ar an tsraith in aon chor mar go mbím chomh cortha sin. Caithim féachaint, áfach. Téann an tsraith seo greamaithe ionat. Cuireann tú dúil mhíchuíosach inti. Bíonn tú ag déanamh do mharana ar na heachtraí ar feadh laethanta. Dar liom níl ach Game of Thrones inchurtha leis ar an mbonn sin.  An bua is mó atá aige ná go bhfuil bá agus gean thar na bearta agat do Rick agus a chomhghleacaithe. Dá réir sin bíonn bús ann aon uair a chuirtear príomhcharachtar de dhroim seoil, agus tá sé léirithe go paiteanta ag meitheal The Walking Dead arís eile nach bhfuil aon leisce orthu sin a dhéanamh.

Go deimhin tá an tréith sin mar mháithreacha leis an tsraith. B’eol do chách go raibh duine den bhuíon lárnach le cur ar shlí na fírinne aréir ach tháinig cúpla rud eile aniar aduaidh orainn chomh maith.

Is fada sinn ag fanacht le Negan, príomhbhithiúnach na ngreannán ar a bhfuil an tsraith bunaithe. Níorbh aon ábhar díomá é agus bhí sé féin agus a bhata Lucille gnóthach sa chéad ghála de shéasúr 7. Bhí an foréigean i lár an aonaigh ó thús na sraithe agus cuirtear píce nó sluasaid i ndosaen zombaí ar a laghad i ngach clár. Baineadh buaicphointe fuilteachta amach aréir, áfach. 

Táid ann a theitheann ón gclár seo mar gheall ar théama na zombaithe, díreach mar a theitheann daoine ó Game of Thrones mar gheall ar na dragain agus na fir oighir. Tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leis na sraitheanna seo: scóip na scéalaíochta, carachtracht le téagar, snastacht an léirithe, maisiúcháin, foréigean srl.

Táim suaite, cortha agus ag fanacht ar chosa laga don chéad ghála eile. Tá domhan aduain The Walking Dead athraithe ó bhonn. Faoi mar a deir Negan féin: ‘Welcome to a brand new beginning, you sorry shits.’

Fág freagra ar '‘Seo chugaibh an tús nua, a phaca cunús’ – ár léirmheastóir beo ar éigean tar éis The Walking Dead'