Seó bóthair déanta de Stormont, ach ar a laghad tá an pobal in ann tionchar éigin a imirt air

Bhí brú ar an DUP a bport a athrú nuair a chuir a neamhghéilliúlacht i leith na srianta déistin ar an bpobal

Seó bóthair déanta de Stormont, ach ar a laghad tá an pobal in ann tionchar éigin a imirt air

Ní raibh an chaint ar an tsráid moltach. Is annamh a bhíonn. Bhí faobhar breise ar an gcáineadh, áfach, i bhfianaise na praisí sa bhFeidhmeannas in Stormont an tseachtain seo caite maidir le srianta Covid-19.

‘Cur amú airgid is ea Stormont.’ ‘Tá sé in am deireadh a chur leis.’ ‘B’fhiú triail a bhaint as ach níl feidhm leis an déabhlóid anseo.’ ‘An DUP ag iarraidh riail an mhóraimh a bheith acu fiú nuair is mionlach iad.’

‘Nach dána an mhaise don dream sin ar an gcnoc a bheith ag tabhairt treoracha dúinne nuair nach bhfuil siad féin in ann ag an gcuid is simplí dá ndualgais.’

B’fhurasta frustrachas an phobail a thuiscint i bhfianaise an seó bóthair a rinneadh den Fheidhmeannas an tseachtain seo caite. Bhí siad míshásta leis an DUP go háirithe as veto a úsáid, faoi dhó, chun a theacht salach ar thoil na bpáirtithe eile go léir agus ar na saineolaithe leighis. Bhí frustrachas pháirtithe eile an Fheidhmeannais leis an DUP soiléir agus amhras mór faoi mharthanas na comh-aireachta; roinnt ag rá go hoscailte nach gcuirfeadh siad suas le hiompar an DUP murach an phaindéim.

Bhí brú ar an DUP a bport a athrú. Bhí déistin ar an bpobal lena seasamh seachtain ó shin. Neamhghéilliúlacht nár chun tairbhe na heacnamaíochta ná na sláinte poiblí a bhí i gceist. Bua Piorrach a bhí i gceist leis an veto.

Ghéaraigh siad ar an teannas sa bhFeidhmeannas ina raibh cúrsaí sách guagach roimhe sin agus chuir siad a sheasmhacht i mbaol. Mar bharr orthu sin, bhí Covid-19 ag treisiú go tiubh agus ospidéil róphlódaithe cheana féin.

Bhí ráta scaipthe na haicíde, an ráta R, méadaithe agus an chontúirt soiléir – mar a bhí tuartha ag na saineolaithe. An mhaidin a raibh sé sna ceannlínte ó dheas go raibh líon na marbh le Covid-19 sa Phoblacht imithe os cionn 2,000, fógraíodh gur 910 a bhí básaithe de bharr na paindéime i dTuaisceart Éireann. Nuair a chuirtear an daonra ar dhá thaobh na teorann san áireamh (1.8 milliún agus 4.75 milliún), bheadh 2,380 básaithe ó dheas dá mbeadh an ráta báis céanna ann. Údar mór imní é sin, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh gur le trí seachtaine anuas a cailleadh an cúigiú cuid de na daoine a fuair bás den ghalar sa Tuaisceart.

Ní hiontas gur theastaigh dianghlasáil ó na saineolaithe agus ó Robin Swann, an tAire Sláinte. Díol suntais ab ea é go raibh an t-atmaisféar ag cruinniú an Fheidhmeannais ar an Déardaoin dearfach. Am éigin idir maidin Dé Máirt nuair a bhí an DUP á thabhairt le fios go neamhbhalbh nach mbeadh leisce orthu an veto a úsáid arís agus iarnóin Déardaoin rinneadh iarracht an nimh a chneasú. Bhí fonn comhréitigh ar an DUP.

Nuair a fógraíodh na srianta bhí siad níos déine ná mar a ceapadh a bheadh. Bhí siad níos gaire do dhianghlasail an earraigh ná don ‘briseadh ciorcaid’ a bhí i bhfeidhm ón 16 Deireadh Fómhair. Ní raibh coinne ar bith le druidim siopaí ‘neamhriachtanacha’ ach tá sé sin i measc na gcéimeanna a chuirfear i bhfeidhm Dé hAoine seo chugainn. Sin taca an ama a mbeidh na siopaí ó dheas á n-athoscailt, an easpa pleanála uile-Éireann follasach.

Buille trom ab ea an cinneadh don earnáil gnó a bhí ag súil le cead athoscailte Dé hAoine an 27 Samhain. Caithfidh said a bheith druidte go dtí an 11 Nollaig agus go leor ag ceistiú an fiú dóibh oscailt an t-am sin. Ach bhí foláireamh na n-oifigeach sláinte lom – mura gcuirfí na srianta seo i bhfeidhm ag deireadh na seachtaine seo chugainn ní bheadh na hospidéil in ann freastal ar an riachtanas faoi lár mhí na Nollag.

Cuireadh i leith an DUP go raibh siad tar éis a seasamh a ‘iompú droim ar ais’ agus éilíodh míniú ar a n-athrú intinne. Shéan ionadaithe ón DUP go ndearna siad U-chasadh, ag rá gur bhunaigh siad a gcinntí ar an uimhir R, ráta scaipthe an víris. Bhí an ráta R ag 0.7 nuair a bhain siad leas as an veto, ach bhí sé ardaithe go dtí 1 agus ag dul i méid faoi lár na seachtaine seo.

Ar ndóigh, nuair a bhí sé ag 0.7 bhí an Príomhoifigeach Leighis agus an Comhairleoir Eolaíochta ag tabhairt foláirimh nach raibh sé seasta agus go raibh gá le srianta breise; b’in í an chomhairle a bhí do-ghlactha ag an DUP.

Faoiseamh d’oibrithe sláinte ab ea an cinneadh nua. Luíonn sé le réasún nár shásaigh sé gach duine ach bhí an beart críonna ó thaobh na polaitíochta chomh maith leis an tsláinte phoiblí. Tharrtháil sé Stormont ó ghéarchéim nó sáinn eile. Fuair glórtha an phobail éisteacht. Ní beag sin; cruthúnas gur fearr as an Tuaisceart le Stormont, dá dhonacht é, ná a bheith ag brath ar leathchluais ó dhuine éigin i Londain.

Fág freagra ar 'Seó bóthair déanta de Stormont, ach ar a laghad tá an pobal in ann tionchar éigin a imirt air'