Seisear seansaighdiúirí Átha Cliath caithréimeach agus lucht féachana mór ag TG4 – ceachtanna ó chluiche ceannais na mban

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluiche ceannais peile na mban idir Áth Cliath agus Gaillimh agus ar chuid de na scéalta móra ón lá mór

Seisear seansaighdiúirí Átha Cliath caithréimeach agus lucht féachana mór ag TG4  – ceachtanna ó chluiche ceannais na mban

Seisear seansaighdiúirí Átha Cliath

Cé go bhfuil Áth Cliath ag ceiliúradh trí chraobh as a chéile a bhuachan, ní raibh rudaí i gcónaí chomh sona ag an bhfoireann seo. Idir 2014 agus 2016, chaill siad trí chluiche ceannais as a chéile i gcoinne Chorcaí agus bhí briseadh croí i gceist le gach aon cheann acu.

Ní raibh ach aon phointe amháin idir na foirne in 2014 agus 2016 agus dhá phointe de bhearna a bhí eatarthu in 2015.

Bheadh sé deacair ag go leor imreoirí teacht ar ais ón mbriseadh croí sin ach is foireann den scoth í ceann seo Átha Cliath agus bhí cuid mhaith díobh ann don chrá croí agus don cheiliúradh araon. As an 30 imreoir a bhí ar phainéal Átha Cliath don chluiche ceannais inné, bhí 14 acu ar an bhfoireann a chaill an chéad chluiche ceannais sin i gcoinne Chorcaí sé bliana ó shin.

Tá seisear ar fhoireann Átha Cliath a d’imir i ngach ceann de na sé chluiche ceannais – Sinéad Goldrick, Noelle Healy, Carla Rowe, Niamh McEvoy agus Lyndsey Davey. Nach beag an t-iontas go bhfuil an seisear sin ar na himreoirí is tábhachtaí atá ar an bhfoireann? I ndiaidh na ndrochlaethanta sin ar fad bainfidh siad sásamh as seo.

Imreoirí na Gaillimhe in ísle brí. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Gach rud déanta i gceart ag Gaillimh seachas na scóranna a fháil

Agus iad uile ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair, bhí sé tábhachtach go gcuirfeadh imreoirí na Gaillimhe tús maith leis an gcluiche. Bhí an tseilbh go léir acu nach mór don chéad chúig nóiméad ach faraor, ní raibh siad in ann na scóranna a aimsiú. Chuir Róisín Leonard péire  amú agus chuir Tracey Leonard ceann eile isteach i láimhe an chúil báire sa tréimhse chéanna.

Dá mbeadh ceann nó péire de na scóranna sin faighte ag Gaillimh, d’fhéadfadh gur cluiche iomlán difriúil a bheadh ann.

Ba léir go raibh Gaillimh ullamh ó thaobh na cosanta de. Bhain siad an liathróid d’imreoirí Átha Cliath trí huaire sa chéad cúig nóiméad sin agus dá mbeadh scór faighte ag duine nó beirt de na tosaithe, shocródh sé síos iad agus thabharfadh sé muinín don fhoireann ar fad.

Ar an drochuair do na Gaillimhigh, níor tharla sé sin. Ba iad an fhoireann ab fhearr sa chéad leath. Chruthaigh siad naoi seans ar scóranna sa chéad leath i gcomparáid leis an gcúig sheans a chruthaigh Áth Cliath ach cuir Gaillimh cúig cinn acu sin ar fóraoil, chuir siad péire eile isteach i lámha an chúil báire agus bhuail siad an posta le ceann eile. Chaithfeadh foireann a bheith níos cruinne ná sin chun craobh na hÉireann a bhuachan.

Hannah O’Neill. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Lá iontach do Hannah O’Neill

Nuair a fógraíodh roimh thús an chluiche nach mbeadh Noelle Healy ag tosú, is buille mór a bhí ann d’Áth Cliath, go háirithe agus Nicole Owens in easnamh orthu chomh maith.

Bhí gortú ag cur as do Healy, Peileadóir na Bliana 2017, i rith na craoibhe. Níor imir sí ach 30 nóiméad i gcoinne Chorcaí sa chluiche leathcheannais agus cé go raibh sí ainmnithe ar fhoireann Átha Cliath don chluiche ceannais ar an Aoine, is léir nach raibh sí tagtha chuici féin go hiomlán.

Ní raibh aon chall do lucht tacaíochta Átha Cliath aon imní a bheith orthu. Ba í Hannah O’Neill a tháinig isteach in áit Healy agus bhí an-tionchar aici ar an gcluiche.

Ba í O’Neill a thug an pas chun an chéad dá scór a fuair Áth Cliath a chruthú, cúl Sinéad Goldrick sa chéad leath agus cúilín Lyndsey Davey ag tús an dara leath. D’aimsigh O’Neill scór cinniúnach an chluiche chomh maith nuair a bhí sí san áit cheart chun lámh a chur leis an bpas a chur Lyndsey Davey trasna béal an chúil.

Baineadh O’Neill den pháirc agus deich nóiméad déanta ach is cinnte go raibh a cuid déanta aici faoin tráth sin.

Fógairt an tslua i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Lá stairiúil eile do Pheil na mBan

Bhí imní ar dhaoine roimh chluiche ceannais na mban go gcuirfeadh athimirt chluiche ceannais na bhfear isteach ar an slua a bheadh i láthair ag lá mór na mban. Cinnte, rinneadh níos mó cainte faoin gcluiche idir Ciarraí agus Áth Cliath i rith na seachtaine agus ceapadh chomh maith nach mbeadh daoine san ardchathair ag iarraidh freastal ar chluichí i bPáirc an Chrócaigh dhá lá as a chéile.

Nuair a dhúisigh lucht tacaíochta Átha Cliath maidin Domhnaigh tar éis dóibh gaisce na bhfear a cheiliúradh an oíche roimh ré, thuigfeá dóibh mura mbeadh fonn orthu triall ar Bhóthar Mhic Sheoin sa mbáisteach ach tháinig slua mór ón ardchathair agus tháinig na sluaite eile ó cheann ceann na tíre.

56,114 a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh, an slua is mó riamh do chluiche ceannais na mban. B’in níos mó ná an 54,716 duine a d’fhreastail ar chluiche leathcheannais na bhfear idir Áth Cliath agus Gaillimh anuraidh.

Tá obair iontach déanta chun peil na mban a chur chun cinn agus ba é cluiche ceannais an lae inné an t-ochtú bliain as a chéile ar tháinig ardú ar an slua. Nuair a chas Corcaigh agus Ciarraí ar a chéile i gcluiche ceannais 2012, ní raibh ach 16,998 duine i láthair, beagnach 40,000 duine níos lú ná mar a d’fhreastail ar chluiche an lae inné.

Bhí slua mór ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís chomh maith. Bhí meánlucht féachana 252,500 duine ag TG4 don chluiche idir Áth Cliath agus Gaillimh, ardú 70,000 ó fhigiúirí na bliana seo caite.

Tar éis do bhreis agus 25,000 duine freastal ar an gcluiche ceannais camógaíochta, curiarracht do chluiche aonair sa spórt sin, is deacair a rá nach seachtain iontach a bhí inti do spórt na mban in Éirinn.

Fág freagra ar 'Seisear seansaighdiúirí Átha Cliath caithréimeach agus lucht féachana mór ag TG4 – ceachtanna ó chluiche ceannais na mban'