Seisear eile le Covid-19 básaithe, cúig chás deimhnithe

2,273 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,726 duine ó dheas den teorainn agus 547 ó thuaidh di

Seisear eile le Covid-19 básaithe, cúig chás deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil seisear eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Cúig chás nua den ghalar a deimhníodh. 

Chuir Roinn Sláinte an Tuaiscirt bás amháin eile de thoradh Covid-19 ar an taifead inniu agus dhá chás nua a deimhníodh ó thuaidh. 

2,273 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,726 duine ó dheas den teorainn agus 547 ó thuaidh di.

30,270 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,396 cás ó dheas den teorainn agus 4,874 cás ó thuaidh di.

Faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, an 21 Meitheamh, bhí 92% de na daoine ó dheas a raibh an Covid-19 tolgtha acu tagtha chucu féin arís.

Ní raibh aon chás nua le fógairt i gcúig cinn de na seacht gcontae Gaeltachta. Cás nua amháin a bhí le fógairt i gcontae na Mí, mar a raibh 807 cás, agus cás amháin a bhí i bPort Láirge, mar a raibh 156 cás.

Dúirt Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go raibh sé ar chumas an uile dhuine cabhrú le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois.

“Trínár mbearta le chéile, táimid ag dul an treo ceart agus sinn ag troid in aghaidh scaipeadh Covid-19 go forleathan i measc an phobail. Agus aghaidh á tabhairt againn ar an gcéad chéim eile, is faoi gach duine againn atá iompar agus forás an ghalair seo.

“Tá sé ar chumas gach uile dhuine againn an bhail a chuirfeadh an galar seo ar na daoine is leochailí agus is mó atá i gcontúirt inár measc a mhaolú. Is fútsa atá sé agus déanfaidh tú sin ach fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile, clúdach éadain a chaitheamh in áiteanna poiblí atá lán le daoine, amhail siopaí agus an córas iompair phoiblí, agus gan bualadh ach leis an líon is lú daoine gach aon lá.”

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil an tAE ag cuimhneamh ar chosc a chur ar dhaoine ó Mheiriceá taisteal go dtí tíortha an Aontais.

Tá brúisc mhór tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas i Stáit Aontaithe Mheiriceá de réir mar atá na srianta dianghlasála á scaoileadh sa tír sin.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, i seacht gcinn de stáit cuireadh níos mó daoine san ospidéal de thoradh an víris ná mar a cuireadh aon uair eile ó thús na paindéime. Tá breis is 100,000 duine curtha den saol i Meiriceá Laidineach ó thús na paindéime.

Sa Ghearmáin, cuireadh 600,000 duine faoi dhianghlasáil arís inné mar gheall ar bhraislí cásanna a dtángthas orthu i seamlas.

Meastar nach scaoilfear na srianta maidir le taisteal chun na hÉireann ach amháin i gcás tíortha eile a bhfuil an galar curtha faoi smacht acu. 

Tuairiscítear gur ‘droichid aeir’ idir Éirinn agus tíortha áirithe eile atá sa cheann i gcónaí ag an Rialtas.

Tá tascfhórsa Aviation Recovery ag iarraidh go gcuirfí deireadh ar fad leis na srianta taistil a fhágann go moltar do dhaoine dul ar coraintín ar feadh 14 lá nuair a thagann siad chun na hÉireann.

Fág freagra ar 'Seisear eile le Covid-19 básaithe, cúig chás deimhnithe'