Seisear eile curtha le ainm.ie agus aitheantas tugtha d’fhilí, stiúrthóirí agus scoláirí

Tá sé chuntas beathaisnéise nua curtha leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, ainm.ie

Seisear eile curtha le ainm.ie agus aitheantas tugtha d’fhilí, stiúrthóirí agus scoláirí

Tá cur síos ar shaol agus ar shaothar seisear Gael aitheanta atá ar shlí na fírinne curtha ar ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge.

Triúr a bhásaigh le cúpla bliain anuas agus a bhfuil a mbeathaisnéisí curtha leis an mbailiúchán – Liam Ó Muirthile (1950–2018), file agus duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann; Dónall Farmer (1937–2018), aisteoir agus stiúrthóir a bhíodh ag obair le RTÉ; agus Fiachra Mac Gabhann (1971–2018), scoláire Gaeilge agus údar Logainmneacha Mhaigh Eo.

Tá beathaisnéis an drámadóra agus an ghníomhaí pobail as Gaoth Dobhair Tomás Mac Giolla Bhríghde (1923-2013), ar ainm.ie anois freisin, i dteannta beirt eile, Anna Mhic a’Luain (1882–4-1953), scéalaí ó Chruach Thiobraid i nDún na nGall; agus Pádraig Ó Pronntaigh (c.1712-1769), file agus duine de na scríobhaithe ba ghníomhaí ag seachadadh na litríochta i gceantar Oirialla san ochtú haois déag.

Tá breis is 1,700 beathaisnéis ó 1590 go dtí an lá inniu ar fáil ar ainm.ie atá faoi chúram Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, agus Cló Iar-Chonnacht. Is iad Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar sa tsraith Beathaisnéis ar a bhfuil an bunachar bunaithe.

Ba iad Lillis Ó Laoire, Seán Mac Labhraí, Mártan Ó Ciardha, Louis de Paor agus Noel Ó Gallchóir a sholáthair na cuntais is déanaí a cuireadh leis an mbunachar.

Fág freagra ar 'Seisear eile curtha le ainm.ie agus aitheantas tugtha d’fhilí, stiúrthóirí agus scoláirí'