Seisear de laochra spóirt na hÉireann in 2016…

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar ghaiscí seisear a rinne éacht i saol an spóirt in 2016

Seisear de laochra spóirt na hÉireann in 2016…
INPHO/Donall Farmer

Austin Gleeson

Agus an gradam breis agus scór bliain ar an bhfód, níor tharla sé ach faoi thrí nár bhuaigh imreoir ó churaidh shinsir na hÉireann, gradam All-Star Iománaí na Bliana. Mar a tharlaíonn sé, is Déisigh a bhí i gceist gach aon uair acu sin, Tony Browne in 1998, Dan Shanahan in 2007 agus Austin Gleeson i mbliana.

Cé nár leag fear Chnoc Sióin lámh ar Chorn Mhic Cárthaigh agus nach raibh a fhoireann san iomaíocht sa chluiche ceannais fiú, is beag duine a d’easaontódh ach gurb é Gleeson an t-imreoir is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal i rith an tsamhraidh.

Idir an tsraith agus an chraobh, d’imir an fear óg bliain agus fiche seo pé áit ina raibh sé ag teastáil, é ina leathchúlaí láir, imreoir lár na páirce, leath-thosach láir agus ina lántosach. Agus an cumas ann imirt i ngach aon cheann de na hionaid sin.

Bhí scil Gleeson soiléir go maith le cúpla bliain anuas ach is i mbliana a léirigh sé go raibh bua na ceannaireachta ann chomh maith. I gcluiche ceannais na sraithe agus i gcluichí leathcheannais na hÉireann, bhí sé ar fheabhas ar fad. Sna cluichí i gcoinne Chill Chainnigh, bhí sé á fhéachaint leis an mbeirt is deireanaí a ainmníodh mar Iománaithe na Bliana, TJ Reid agus Richie Hogan, agus fuair sé an ceann is fearr orthu.

Cé nár éirigh le Gleeson ná le Port Láirge Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach, tháinig deireadh le gorta 24 bliain nuair a bhuaigh na Déisigh Cluiche Ceannais na hÉireann faoi 21 agus ba dheacair dul thar fóir agus Gleeson á mholadh againn.

INPHO/Morgan Treacy

Gary & Paul O’Donovan

Cé gur scar RTÉ óna chéile iad nuair nár ainmnigh siad ach Paul don ghradam Pearsa Spórt na Bliana, is in éineacht ba chóir gaiscí dheartháireacha an Lisín a mheas.

Agus neart drochscéalta ag teacht ó Rio le linn na gCluichí Oilimpeacha, idir scéal Pat Hickey agus theip fhoireann na dornálaíochta, ba mhór an faoiseamh dúinn muintir Uí Dhonnabháin, ní hamháin as an éacht a rinne siad ar an uisce ach as an spraoi a bhí acu sna meáin chomh maith.

Chuaigh a réchúisí agus a ghealgháirí a bhí na deartháireacha i bhfeidhm go mór ar dhaoine ó thús na gCluichí agus scaipeadh na hagallaimh a rinne siad sa Bhrasaíl go mear ar fud an bhaill.

Is beag eolas a bhí ag an ngnáthdhuine ar an rámhaíocht roimh thús na gcluichí ach bhí cur síos simplí go maith ag Paul ar a raibh ag teastáil, “Close the eyes and pull like a dog!”. Thagair siad freisin do “shteak”, “shpuds”, “poitín” agus cé chomh deas a bhí sé na “Brits” a shárú, go háirithe i mbliain an chomórtha.

Ní raibh aon amhras ach go raibh an bheirt in ann caint a dhéanamh ach bhí an-chumas iontu sa bhád chomh maith. Bhí an chuma air tamall go dtabharfadh siad an bonn óir leo sa bhabhta ceannais ach bhí siad sásta go maith leis an dara háit agus na chéad bhoinn Oilimpeacha riamh do rámhaithe ón tír seo.

Bhuaigh Paul bonn óir ag Craobh an Domhain níos déanaí i mí Lúnasa chun barr smaise a chur ar chúrsaí.

INPHO/Morgan Treacy

Annalise Murphy

Ní hiad na Donnabhánaigh amháin a tháinig abhaile as an mBrasaíl agus bonn airgid buaite acu. Ceithre lá i ndiaidh éacht na gCorcaíoch, d’ardaigh Annalise Murphy a cuid seolta isteach sna leabhair staire nuair a tháinig sí sa dara háit sa chomórtas Laser Radial.

Agus í ag fáil réidh dá rás deireanach i Rio, an ceann a shocródh cé a thabharfadh na boinn leo, thuigfeá do Murphy dá mbeadh sí neirbhíseach. Ní hamháin go raibh ceithre bliana caite aici ag réiteach do na Cluichí Oilimpeacha seo ach thug sí go maith go bhféadfadh gach rud dul go tóin poill.

Ag Cluichí Oilimpeacha 2012 i Londain, bhí Murphy sa chéad áit an lá deireanach agus gan ach bua amháin eile ag teastáil uaithi chun an bonn óir a fháil. Faraor, chuaigh rudaí sa bhfraoch uirthi sa rás sin agus sa cheathrú háit a bhí Murphy nuair a bhain sí ceann scríbe amach.

In 2016, léirigh Murphy athuair an mianach atá inti nuair a d’éirigh léi teacht aniar a dhéanamh ón mbriseadh croí a bhí i ndán di ceithre bliana ó shin. Bhí Murphy sa tríú háit roimh an lá deireanach i Rio ach d’éirigh ach faoin am a chríochnaigh an rás bhí bonn airgid buaite aici, an chéad bhonn a bhuaigh Éire sa tseoltóireacht ó 1980.

INPHO/Tommy Dickson

Pat Lam

Má bhí lucht sacair faoi dhraíocht ag míorúilt Leicester i bPríomhroinn Shasana, ba é aistear Chúige Chonnacht an scéal ab iontaí i saol an rugbaí. Má bhí Claudio Ranieri ag cur ortha ar na meáin sa Bhreatain, bhí a cheannasaí carasmatach féin ag Cúige Chonnacht, Pat Lam.

Cé gur fhógair an Nua-Shéalannach go bhfuil ag fágáil na Gaillimhe an samhradh seo chugainn, is iontach an tionchar a bhí ag Lam ar an gcúige ó ghlac sé leis an bpost in 2013.

Tá tréaniarracht déanta aige spiorad a chothú i measc a chuid imreoirí agus nasc a chruthú idir an fhoireann agus an ceantar agus níl amhras ann ach gur éirigh leis agus na sluaite anois ag filleadh ar an mBóthar Beag do chluichí an chúige.

Ar ndóigh, ba é an séasúr seo caite buaic thréimhse Lam i gceannas ar Chúige Chonnacht agus an tSraith PRO12 buaite acu. Thug stíl imeartha na foirne in 2014/15 spléachadh dúinn ar obair Lam, ach is i mbliana a chonaiceamar i gceart an toradh.

Faoina cheannas, d’imir Cúige Chonnacht an rugbaí ba sciliúla sa tsraith, ní hamháin nuair a tugadh spás dóibh ach nuair a bhí siad faoi chois chomh maith. Bhí brú damanta ar na Connachtaigh sna trí chluiche dheireanacha, sa dá chluiche in aghaidh Glasgow Warriors agus sa chluiche ceannais in aghaidh Chúige Laighean, ach ba sna cluichí sin a thug foireann Lam na taispeántais is fearr uathu le bliain. Ba léir gur thug Lam muinín ar leith dóibh.

INPHO/Ryan Byrne

Daryl Horgan

Cé gur bhain Robbie Brady áit amach sna leabhair staire, taobh le Ray Houghton agus Ronnie Whelan, lena chúl in aghaidh na hIodáile ag EURO 2016 agus cé go bhfuil  an chuma air go bhfuil áit Robbie Keane mar phríomhthosach na hÉireann anois ag James McClean, is ag fear Dhún Dealgan Daryl Horgan is mó atá aitheantas tuillte aige as ucht na ngaiscí atá déanta aige i rith na bliana.

Cé nár mhair gaiscí Brady agus McClean ach cluiche nó dhó, rinne Horgan an beart do Dhún Dealgan arís agus arís eile agus feachtas iontach acu in Éirinn agus san Eoraip. Nuair a bhí spreagadh ag teastáil óna fhoireann, ba é an Gaillimheach a thug an spreagadh sin dóibh níos minice ná a mhalairt.

Agus Dún Dealgan ag streachailt ag deireadh an tséasúir, ba é Horgan a scóráil an cúl cinniúnach dóibh ina bhua in aghaidh Cork City, bua a chinntigh gurbh í foireann Lú a thug leo an tsraith den tríú bliain as a chéile.

San Eoraip, thaispeáin Horgan go raibh sé chomh compordach céanna ag imirt in aghaidh foirne a raibh i bhfad níos mó clú orthu ná mar atá ar Dhún Dealgan. D’aimsigh sé cúl den chéad scoth as baile i gcoinne Zenit St Petersburg tar éis dó ruathar a thosú ina leath féin.

Faraor, níor éirigh le Dún Dealgan áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile den chomórtas ach fiú dá n-éireodh leo bheidís d’uireasa Horgan ar aon nós mar go bhfuil conradh faighte aige le Preston North End i Sasana.

Fág freagra ar 'Seisear de laochra spóirt na hÉireann in 2016…'