Seisear ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge do ghradam ‘Réalta Óg na Bliana 2019’

Vóta poiblí a shocróidh cé acu den seisear atá ar an ngearrliosta do ghradam ‘Réalta Óg na Bliana 2019’ a gheobhaidh an gradam, mar aitheantas do dhaoine óga atá ag obair sna meáin

Seisear ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge do ghradam ‘Réalta Óg na Bliana 2019’

Tá ceathrar ban agus beirt fhear ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge don duais ‘Réalta Óg na Bliana’, a bhfuil faoi aitheantas a thabhairt do dhaoine óga atá ag obair sna meáin.

Is iad an seisear a bheas ag dul san iomaíocht don ghradam i mbliana, Gráinne Bleasdale, láithreoir le Junior Eurovision TG4 agus aisteoir le Ros na Rún; Seán Ó Ciardha, bainisteoir urláir le Ros na Rún agus láithreoir de chuid BLOC TG4; Séamus Ó Scanláin, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus láithreoir Glór Tíre;  Emma Ní Chearúil, clár reachtaire le Raidió na Life; Ola Majekodunmi, láithreoir le Raidió na Life agus Caitríona Ní Dhomhnaill, aisteoir le Ros na Rún.

Beidh deis ag an phobal arís i mbliana vóta a chaitheamh do dhuine den seisear atá ar an ghearrliosta don ghradam. Ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais an mhí seo chugainn a bheidh an gradam á bhronnadh.

Thréaslaigh Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtais, leis na daoine a fuair ainmniúchán ar ghearrliosta Réalta Óg na Bliana.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na réaltaí óga atá ar ghearrliosta na bliana seo. Tugann gradam Réalta Óg na Bliana spreagadh agus uchtach do na daoine óga atá tosaithe amach in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge agus ag déanamh a marc ann cheana féin. Guím gach uile rath orthu sa ghairm uasal seo agus tá súil agam gur chun leasa ár sochaí a rachaidh a gcuid buanna breátha i gcónaí,” a dúirt Liam Ó Maolaodha.

Is Damien Ó Dónaill a thug leis an duais do Réalta Óg na Bliana anuraidh.

Fógraíodh gearrliosta Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2019 an tseachtain seo caite agus beidh buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais a fhógairt ar an mhí seo chugainn.

Beidh an gradam do Réalta Óga na Bliana i measc na naoi ngradam a bhronnfar ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, a bheidh ar siúl ar siúl in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath ar an 22 Deireadh Fómhair, le linn Oireachtas na Samhna.

Bronnfar 12 ghradam ar an oíche, ina measc Buaicghradaim an Oireachtais a bhfógrófar an tseachtain roimh an ócáid bronnta gradam.

Fág freagra ar 'Seisear ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge do ghradam ‘Réalta Óg na Bliana 2019’'