Seirbhísí dlí saor in aisce ar fáil i nGaeilge ar fud na tíre

Tá ceann de na bileoga eolais saorchomhairle dlí is mó tóir de chuid FLAC, Wills & Intestacy, ar fáil i nGaeilge anois

Seirbhísí dlí saor in aisce ar fáil i nGaeilge ar fud na tíre

Tá seirbhís Ghaeilge anois ar fáil ón eagraíocht FLAC (Ionad Saor-Chomhairle Dlí) agus tá an chéad cheann de na bileoga is mó tóir atá ag an eagraíocht sin, Uachtanna agus Díthiomnacht, ar fáil i nGaeilge freisin.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge, a chuir an t-aistriúchán ar fáil, go mbeidh bileoga eolais eile ón eagraíocht ar fáil i nGaeilge amach anseo. Tá an bhileog nua ar fáil saor in aisce ó ionaid FLAC ar fud na hÉireann agus ó shuíomh idirlín na heagraíochta.

Seoladh an tseirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta agus an bhileog nua eolais le chéile ag na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. D’oibrigh Craobh na gCeithre Cúirteanna Chonradh na Gaeilge as lámh a chéile leis na hionaid saorchomhairle dlí timpeall na tíre chun an tseirbhís agus an bhileog a chur ar fáil.

“Tá Conradh na Gaeilge tiomanta ar rochtain ar cheartas dlí trí Ghaeilge a chur ar fáil saor in aisce do chách tríd An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta. Is féidir le pobail Ghaeltachta agus Ghaeilge ar fud na tíre teacht ar cheartas dlí trí Ghaeilge, ag tosú le comhairliúchán dlí trí Ghaeilge le dlíodóir deonach de chuid FLAC,” a dúirt Uachtarán an Chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill.

Bhí seirbhís saorchomhairle dlí ar fáil i nGaeilge cheana féin i mBéal Feirste ar bhonn míosúil ach tá teacht anois ar na seirbhísí céanna i gCorcaigh, i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh uair sa mhí, ach coinne a dhéanamh leis an ionad. Oibríonn dlíodóirí gairmiúla de chuid FLAC i gclinicí tráthnóna fud fad na tíre chun buneolas agus comhairle dlí a chur ar fáil saor in aisce don phobal.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na nIonad Saor-Chomhairle Dlí, Eilís Barry, go bhfuil “áthas” ar an eagraíocht an tseirbhís a chur ar fáil i nGaeilge toisc go gcuireann sé le líon na ndaoine atá in ann a theacht ar an gcúnamh a chuireann na hionaid ar fáil.

“Tá áthas ar FLAC a bheith rannpháirteach i bhfiontar a chuireann le deiseanna an phobail teacht ar sheirbhísí dlí. Breathnaíonn muid ar an mbileog agus ar an tseirbhís Saor-Chomhairle Dlí trí Ghaeilge mar chéim thábhachtach chun tosaigh ó gach dream atá bainteach le rochtain ar cheartas dlí agus ar an nGaeilge a fheabhsú,” a dúirt sí.

Is eagraíocht um chearta daonna í FLAC a fheidhmíonn chun rochtain chothrom ar chearta a chur ar fáil do chách. Tairgeann an eagraíocht “eolas bunúsach dlí” ar an bhfón agus tugtar comhairle dlí saor in aisce san 80 ionad deonach comhairle  ar fud na tíre.

Chomh maith leis sin, déanann FLAC obair feachtasaíochta ar réimse ceisteanna, ina measc fiacha pearsanta, cothromaíocht sa dlí leasa shóisialaigh, dlí leas an phobail agus cúnamh dlí sibhialta.

Fág freagra ar 'Seirbhísí dlí saor in aisce ar fáil i nGaeilge ar fud na tíre'