Seirbhís ingearáin Thoraí le leathnú i rith an gheimhridh

Tá fáilte curtha ag Comharchumann Thoraí roimh an scéala go mbeidh seirbhís ingearáin ar fáil ón mórthír uair sa tseachtain ón mhí seo chugainn go dtí mí an Mhárta in áit uair sa choicís mar a bhí roimhe seo

Seirbhís ingearáin Thoraí le leathnú i rith an gheimhridh

Fógraíodh ar maidin go leathnófar an tseirbhís ingearáin do Thoraigh i nGaeltacht Dhún na nGall le linn an gheimhridh. D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta tagtha ar chomhaontú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir leis an tseirbhís.

Bhí an tseirbhís á cur ar fáil uair sa choicís go dtí seo ach ón 17 Samhain go dtí Márta na bliana seo chugainn beidh sí ann ar bhonn seachtainiúil.

Dúirt an tAire Kyne go bhfuil sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Thoraigh “gan mhoill” agus go bhfuil sé sásta go raibh ar chumas a Roinne maoiniú a chur ar fáil don tseirbhís.

“Táim sásta go raibh ar chumas mo Roinne teacht ar chomhaontú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le seirbhís ingearáin leathnaithe do Thoraigh.  Bíonn míonna an gheimhridh deacair do phobal an oileáin sin agus táim muiníneach gur ábhar sóláis dóibh na seirbhísí breise,” a dúirt sé.

Ghabh sé buíochas le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an comhlacht Irish Helicopters agus a chuid feidhmeannach féin as ucht a gcuid oibre chun teacht ar chomhaontú maidir leis an tseirbhís.

Tá fáilte curtha ag Marjorie Uí Chearbhaill, ó Chomharchumann Thoraí, roimh an scéala go leathnófar an tseirbhís.

“Táimid iontach sásta go mbeidh an tseirbhís ar fáil níos rialta i rith an gheimhridh. Tá sé tábhachtach d’fhorbairt an oileáin agus do phobal an oileáin. Tá cuid mhór teaghlaigh óga anseo againn a mbíonn orthu dul amach chuig an dochtúir agus araile.

“Beidh an tseirbhís ag tosú i gceann coicíse go dtí lár mhí Mhárta agus sin iad na ceithre mhí is deacra d’oileánaigh áit ar bith in Éirinn. Ní raibh ann ach an bád go dtí seo agus d’fhéadfadh sé tarlú go mbeimis gearrtha amach ón mórthír ar feadh coicíse dá mbeadh an aimsir olc. Táimid iontach buíoch den Roinn agus d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúirt sí freisin go raibh súil ag an gComharchumann a chur in iúl d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte amach anseo gurbh fhearr do mhuintir an oileáin dá dtiocfadh an dochtúir uair sa tseachtain in áit uair sa choicís mar a thagann anois.

Fág freagra ar 'Seirbhís ingearáin Thoraí le leathnú i rith an gheimhridh'