A bhfuil agat ar do sheilfeanna leabhar an ionann é léargas ar do phearsantacht?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ná tugtar breith ar leabhar de bharr a chlúdaigh, agus ná tugtar breith ar dhuine de bharr na leabhar ar a chuid seilfeanna

A bhfuil agat ar do sheilfeanna leabhar an ionann é léargas ar do phearsantacht?

D’fhás mé aníos i dteach lán leabhar. Ní haon iontas é, mar sin, gur chruthaigh mé nós, agus mé i mo ghasúr, grinnstaidéar a dhéanamh ar sheilfeanna leabhar gaolta, cairde agus lucht aitheantais – agus ghlac mé leis go ndéanadh siadsan an rud céanna agus iad ar cuairt againne. 

B’ionann spléachadh a thabhairt ar sheastán leabhar duine, b’fhacthas dom, agus léargas a fháil ar shaol an duine sin: rud chomh nádúrtha agus dhá mhadra a bheadh ag smúrthacht ar thóineanna a chéile. B’fhacthas dom freisin nach bhfuil an tseilf leabhar neamhchosúil le barrachód, agus faoin am go raibh mé sna déaga bhí teoiric agam gurbh ionann seilfeanna leabhar an duine agus barrachód a phearsantachta.

Ceithre nó cúig bliana déag a bhí mé nuair a baineadh mant as an teoiric sin den chéad uair. Tháinig cara ón meánscoil ar cuairt chuig teach s’againne agus rinne sé iontas de na leabhair ar fad.

‘Níl aon seilfeanna leabhar inár dteach féin,’ a dúirt sé. ‘Agus deir mo mhuintir go mbíonn daoine a bhfuil go leor leabhar acu cosúil le leabhair iad féin: lán deannaigh.’

D’oscail an talamh fúm. Ní hamháin go raibh daoine ann nach raibh dúil acu i leabhair, ach ba chosúil go raibh daoine ann a raibh dímheas acu ar dhaoine a raibh dúil acu sa léitheoireacht acu. 

Rinne mé leasú beag ar an teoiric sin agam gurb ionann seilfeanna leabhar duine agus barrachód a phearsantachta. B’fhacthas dom gur sheas sí i gcónaí, mar theoiric – níorbh ann ach nár bhain sí ach leo siúd a raibh dúil acu sa léitheoireacht. 

Lean mé orm mar sin ar feadh na mblianta, ag scanáil seilfeanna leabhar dhaoine eile, go dtí gur baineadh creathadh mór eile as mo theoiric bhreá le deireanas.

Mí nó dhó ó shin, d’fhan mé thar oíche i dteach chara de mo chuid san Ísiltír ar scríbhneoir agus síceolaí é. Ar maidin, bhí mé i mo shuí i bhfad sular dhúisigh sé féin, agus céard a rinne mé chun an t-am a mheilt ach dianscrúdú a dhéanamh ar an seastán leabhar sa seomra suite.

Baineadh siar asam nuair a tháinig mé ar leabhar faoin ilsúnás fireann. Leabhar féinchabhrach a bhí ann a thug treoracha d’fhir a chuirfeadh ar a gcumas a mbuaic a bhaint amach níos mó ná uair amháin agus iad i mbun collaíochta.

Treoracha fíorchasta a bhí ann, bunaithe ar fhealsúnacht éigin ón Oirthear, agus shamhlaigh mé mo chara agus an ‘traenáil’ a bhí á moladh sa leabhar á chur air féin aige. Níorbh fhada nó tháinig samhnas orm. Níorbh iad na treoracha féin ba chúis leis sin, dáiríre, ach an scríbhneoireacht: bhí boladh na caimiléireachta nua-aoisí le brath go láidir ar an leabhar. An raibh dúil ag mo chara sa chacamas sin?

Ní raibh sé de mhisneach agam an cheist sin a chur air nuair a dhúisigh sé. Ach cúpla lá ina dhiaidh sin, agus muid ar shiúlóid, níor choinnigh mé smacht orm féin.

‘Cén fáth sa diabhal a bhfuil an leabhar sin faoin ilsúnás fireann i do sheastán leabhar? Ná habair liom gur bhain tú triail as. Cacamas amach is amach atá ann.’

Phléasc mo chara amach ag gáire.

‘An ea? Níor léigh mé an leabhar sin riamh. Tugadh dom é mar chóip léirmheastóireachta. Rinne mé dearmad go raibh sé agam!’

Ar an bpointe boise, chaith mé i dtraipisí an teoiric gur ionann seilfeanna leabhar an duine agus barrachód a phearsantachta. Bhí leabhar fánach amháin tar éis an íomhá a bhí agam de mo chara a chur as a riocht. 

Ná tugtar breith ar leabhar de bharr a chlúdaigh, agus ná tugtar breith ar dhuine de bharr na leabhar ar a chuid seilfeanna.

Fág freagra ar 'A bhfuil agat ar do sheilfeanna leabhar an ionann é léargas ar do phearsantacht?'

  • Fearn

    Dúirt duine éigin fosta, nach iad na leabhair ar do sheilfeanna atá ina barrachód (dea-mheafar ) ag do phearsantacht, ach na leabhair a dhéantar a n-athléamh . Is minic nach mbíonn ar seilfeanna ach maisiúcháin!