Seift mhístuama an cúlstad a d’fhéadfadh geilleagar na hÉireann a chur go tóin poill

Ceist thábhachtach do Rialtas na hÉireann - céard is fiú an cúlstad má imíonn an Ríocht Aontaithe amach ón Aontas Eorpach gan aon mhargadh a bheith déanta?

Seift mhístuama an cúlstad a d’fhéadfadh geilleagar na hÉireann a chur go tóin poill

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Cúpla lá ó shin nuair a rinneadh iarracht Theresa May á dhíbirt ó cheannaireacht pháirtí na gCoimeádach, dhearbhaigh an Taoiseach gur uirthi féin an milleán tar éis di ‘an líne dhearg’ sin aici a tharraingt sa ghaineamh, is é sin deireadh a chur le saorghluaiseacht mhuintir an Aontais Eorpaigh i dtreo na Breataine. Chruthódh sé sin bearna idir an tír seo agus Tuaisceart Éireann ó thaobh struchtúir eacnamaíochta agus trádála de, agus dar leis an Taoiseach nach bhféadfaí glacadh leis sin agus cloí ag an am céanna le Comhaontú Aoine an Chéasta.

D’fhéadfaí an bhearna sin a sheachaint le comhaontú trádála ginearálta nua idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, ach ní foláir seift thánaisteach a bheith ann freisin an fhaid is a bheidh na taidhleoirí ag obair ar an gcomhaontú ginearálta casta nua. Is é an “cúlstad” an tseift thánaisteach sin, agus is ionann é agus geallúint dlí go bhfanfaidh an Ríocht Aontaithe go léir laistigh d’aontas custam an AE go dtí teacht i réim an chomhaontaithe thrádála ghinearálta nua.

Tá mionlach mór i measc na dTóraithe míshásta leis an gcúlstad seo, agus is fuath leis an DUP é ós rud é go bhfágfadh sé go mbeadh rialacha difriúla i bhfeidhm ó thuaidh seachas mar a bheadh i bhfeidhm sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Táthar míshásta freisin toisc nach féidir leo éalú ón gcúlstad ach le cead an Aontais Eorpaigh. An tseift seo ba chúis leis an achrann agus leis an útamáil dhochreidte in Westminster an tseachtain seo. Ní léir in aon chor go nglacfaidh aontachtaithe Uladh leis, nó go mbeadh aon pháirtí aontachtach in ann glacadh leis.

Cruthaíonn an tsáinn pholaitiúil seo sa Bhreatain ceist thábhachtach do Rialtas na hÉireann áfach: céard is fiú an cúlstad seo má imíonn an Ríocht Aontaithe amach ón Aontas Eorpach gan aon mhargadh a bheith déanta, agus má tharraingíonn siad geilleagar na hÉireann síos leo?

Ba chóir an coincheap seo mar gheall ar  ‘theorainn chrua’ a chíoradh i dtéarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta. Cé nach dteastaíonn teorainn chrua ón DUP ná ó Rialtas na hÉireann, caithfear a rá freisin nach ndéantar tagairt ar bith sa Chomhaontú do theorainn bhog ná do theorainn chrua. Baineann an conradh dleathach idirnáisiúnta seo le comhoibriú polaitiúil idir Poblacht na hÉireann agus réigiún áirithe de chuid na Ríochta Aontaithe, is é sin Tuaisceart Éireann.

Níl baint ar bith ag an gcomhoibriú polaitiúil sin le dlí an Aontais Eorpaigh ná le ballraíocht an dá stát san aontas céanna. Déantar tagairt d’airgead na hEorpa cinnte agus d’Acht an Chomhphobail Eorpaigh (1972), ach tagairtí gan tábhacht iad siúd i gcomparáid leis na forálacha eile sa chonradh.

Is léir sin ó bhreithiúnas na hArd-Chúirte i mBéal Feirste i gcás McCord, Re Judicial Review in 2016:

The devolved institutions and the various North/South and East/West bodies do not as their raison d’etre critically focus on EU law. Their concerns and functions are much wider than this. This is not to say that the United Kingdom leaving the EU will not have effects at all but it is to say at the least it is an over-statement to suggest, as the applicants do, that a constitutional bulwark, central to the 1998 Act arrangements, would be breached [dá mbainfí leas as Airteagal 50 chun tús a chur le himeacht ón Aontas].

Ní dhéanann an Comhaontú seo teorainn chrua a chosc. Leanfadh an comhoibriú polaitiúil faoi Strand II den chonradh ar aghaidh dá mba rud é go dtógfaí Check Point Charlie ar an teorainn. Ní theastaíonn sé sin ó aon pháirtí ar an oileán ar bhonn praiticiúil, ach níl aon bhac dlí sa Chomhaontú ina choinne.

Más fíor an méid seo, cad ina thaobh nach ndearna Rialtas na hÉireann dianiarracht le bliain anuas teacht ar chomhaontú polaitiúil le Rialtas May agus an DUP? Seachas sin, rinne siad achainí mhímhacánta ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh an cúlstad conspóideach seo a chruthú chun Comhaontú Aoine an Chéasta ‘a chosaint’, polasaí a bhfuil an margadh a tugadh do May curtha i mbaol aige agus polasaí a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh do gheilleagar na hÉireann leis?

Déanfar dochar uafásach don gheilleagar s’againne má imíonn an Ríocht Aontaithe ón Aontas Eorpach gan aon mhargadh a bheith déanta. An mbeidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha sásta freagracht a ghlacadh as má chuirtear an tír seo go tóin poill de bharr an chúlstad agus na dTóraithe go léir?                   

Fág freagra ar 'Seift mhístuama an cúlstad a d’fhéadfadh geilleagar na hÉireann a chur go tóin poill'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Bíodh teorainn crua againn ar mhaithe le céard go díreach? Breatimeacht níos deise a thabhairt dos na Little-Englanders? Bímis ag cosaint ár leas féin seachas leas na bréagadóirí Breatimeachta thall.

  • In ainm Chroim!

    An bhfuil mo shúil ag teip orm? An í Theresa May atá ina Taoiseach anois? Cá ndeachaidh Leo?

  • Seán Mag Leannáin

    Tá an ceart ar fad ag an rialtas maidir leis an gceist seo. Má tá rogha chrua le déanamh don tír seo ag an am cinniúnach seo idir ár mballríocht san Aontas Eorpach agus comhoibriú le tionscnamh an bhreatimeachta níl dabht ar bith gurb é an chéad ceann rogha ár leasa.