Seift éalaithe de dhíth ar na Chonnachtaigh cróga shoineanta

Gan athrú eicínt ar thaicticí Chonnacht, tá an baol ann go mbeidh an lámh in uachtar ag Cúige Mumhan amárach orthu

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Uair amháin a dhéarfas mé é seo: tá an ceart ag chuile dhuine.  Bhí Cúige Chonnacht iontach ar fad i gCluichí Ceathrú Ceannais Chorn an Dúshláin i gcoinne Grenoble an Satharn seo caite.  Mar sin féin agus é sin ráite amach agam,  agus tá aiféala orm a bheith diúltach sa gcás seo, cén mhaith taispeántas iontach má chailleann tú an choimhlint?

Sin díreach a rinne fir Phat Lam.

Bhí bearna 16 pointe acu ar fhoireann an bhaile ach lig siad ar ais sa gcluiche iad agus chaill na Gaeil cluiche nach gcaillfeadh mórán foirne gairmiúla eile. Nuair a bhí gá le hathrú straitéise seachas an síorionsaí, cuma cén áit ar an bpáirc a raibh siad ag imirt, ar a líne úid féin fiú ní raibh ach an t-aon phort amháin ag fir an iarthair.  Ní raibh straitéis ná seift éalaithe acu agus iad faoi bhrú ar a líne féin, rud a tharla rómhinic thar an ochtú nóiméad. Ach a raibh an cluiche thart, ba léir do chách nach raibh ciall ar bith leis na taicticí sin, agus ainneoin shárimirt agus mhisneach fhir na Gaillimhe, d’íoc siad go daor as a gcuid soineantachta féin. Céard is fiú a bheith cróga má chailleann tú?

Bhuel is fiú rud eicínt é má fhoghlaimíonn an dream atá cloíte ceachtanna dá bharr.

An bhfuil ceacht foghlamtha ag Cúige Chonnacht?

Seans go mbeidh freagra na ceiste sin againn an Satharn beag seo, nuair a thabharfaidh Cúige Chonnacht faoi na Muimhnigh ar an mBóthar Beag. Scarann deich bpointe agus ceithre áit ar an tábla an dá fhoireann seo, na Muimhnigh sa séú háit agus an baol ann nach n-éireoidh leo áit a fháil i gCorn sinsearach na hEorpa an chéad séasúr eile.  Is cinnte nach mbeadh aon fháilte ag na Muimhnigh ná ag a lucht leanta dílis roimhe sin.

An mbeidh na Connachtaigh in ann an tArm Dearg a cheansú go háirithe agus iad i mbaol mar atá? Gan athrú eicínt ar thaicticí Chonnacht, tá an baol ann go mbeidh an lámh in uachtar ag na cuairteoirí orthu.

Roimh an gcluiche sin, beidh na Laighnigh, foireann atá ar bharr an tábla, ag tabhairt faoi Dhún Éideann, dream atá sa seachtú háit. Seans go mbainfidh na Laighnigh chuile leas as buntáiste an bhaile le bua agus b’fhéidir cúig phointe fiú a aimsiú.

Ag a trí a chlog Dé Sathairn beidh na hUltaigh san Iodáil le n-imirt i gcoinne Zebre, foireann atá cúig áit taobh thiar díobh, sa deichiú háit. Ná bíodh aon dul amú ort, beidh na hUltaigh ar a míle dícheall cúig phointe a aimsiú sa gcluiche seo agus iad ar thóir áit i measc na gceithre fhoireann atá ar bharr an tábla agus gan ach trí réamhbhabhta fágtha le n-imirt. Seans go mbeidh an lá le fir Bhéal Feirste ach ní chiallaíonn sin go mbeidh siad á n-ardú ar an tábla.  Beidh rud eicínt le rá ag na foirne atá i measc na gceithre cinn atá in uachtar faoi láthair faoi sin.

Fág freagra ar 'Seift éalaithe de dhíth ar na Chonnachtaigh cróga shoineanta'