Seideanna na bhFear – nach fearr iad ná an teach tábhairne?

Fuair ár gcolúnaí blaiseadh le déanaí den cheangal idir an cheardaíocht agus sláinte na bhfear

Seideanna na bhFear – nach fearr iad ná an teach tábhairne?

Nuair a bhí Joe Hogan, as ceantar Loch na Fuaiche ar an ollscoil le mo linnse, ní cuimhin liom aon chaint faoi chiseáin. Sa lá atá inniu ann, is dócha go bhfuil sé ar an gceardaí ciseán is fearr aithne sa tír. Tugaim faoi deara ar a shuíomh gréasáin go bhfuair sé coimisiún ón teach faisin Loewe agus gur cuireadh ciseáin ealaíonta dá chuid ar taispeáint i bhfoirgneamh UNESCO i bPáras le déanaí.

Tá cáil idirnáisiúnta ar Joe anois. Mac leis, Ciarán, atá i mbun cheann de na siopaí ceardaíochta i gCeardlann an Spidéil anois freisin.

Ní haon iontas mar sin gur roghnaíodh saothar le Joe le dul ar taispeáint i ngailearaí de chuid an Lexicon, i nDún Laoghaire le gairid. Ansin i measc píosaí ealaíne den scoth ó shár-ealaíontóirí agus cheardaithe ó cheann ceann na tíre a bhí a chuid ciseán.

Nuair a thug mé cuairt ar an Lexicon bhí scata fear ag féachaint go géar ar chlár ón tsraith teilifíse Hands. Fir ag déanamh ciseáin éagsúla a bhí ar an scáileán. ‘I’d say that was made a few years ago,’ a dúirt duine de na fir. D’fhan mé go dtí an deireadh agus chonaic mé an dáta ar an gclár – 1979. Bhí na fir seo ina leads óga nuair a rinne David Shaw-Smith an tsraith áirithe sin.

Thosaigh na fir ag caint liom. Dream a raibh baint acu le Seideanna na bhFear nó na ‘Men’s Sheds’ a bhí iontu. Ba ansin a fuair mé amach gur scata fear ón eagraíocht sin, a roghnaigh na píosaí ealaíne a bhí ar taispeáint ansin, ciseáin Joe ina measc. Anuas air sin, bhí taispeántas beag dá gcuid féin le feiceáil i seomra eile taobh leis an mórthaispeántas.

Frank agus Matt ó ‘Seid na bhFear’ in Áth an Ghainimh a thug thart ar an taispeántas mé.

Chuireadar tús leis an ‘seid’ thart ar ocht mbliana ó shin. Bhí duine amháin acu ag obair le miotalóireacht roimhe sin agus an fear eile ag obair i ngnó an árachais. Ach b’éigean dó éirí as agus dul ar pinsean luath, toisc gur bhuail roinnt strócanna é.

Bhí sé go dona tinn agus go deimhin chaill an fear bocht an mothú ar fad ar thaobh amháin dá cholainn. Nuair a chuireadar tús leis an ‘seid’, an t-aon chaitheamh aimsire a bhíodh acu ná caitheamh crúite.

Ach lá amháin tháinig fear isteach a chuir tús le ranganna adhmadóireachta agus d’athraigh sé sin an saol dóibh. Chuireadar suim ann ar an bpointe. ‘Ní gnáthshiúinéireacht’ a bhíonn ar siúl againn,’ a dúirt Matt liom. ‘Is ‘fine woodworking’ a thugtar air.’ Bhí an t-ádh orthu gur tháinig duine de mhórcheardaithe na tíre chun na ranganna a stiúradh. Chaïm Factor an t-ainm atá air – ó stiúideo Hill Picket, i gCo Chill Mhantáin agus cáil idirnáisiúnta air féin freisin.

Leag Chaïm béim ar ardchaighdeáin ón tús – ní úsáidtear tairní ná scriúnna agus ní chuireann siad vearnais ar an obair chríochnaithe. Má fheiceann siad aon duine sa tseid anois ag tarraingt amach an scuab agus an vearnais cuireann siad ar a súile dóibh go bhfaighidh siad toradh níos sásúla le greanpháipéar agus ola ach iad a chur ag obair roinnt mhaith uaireanta i ndiaidh a chéile.

I measc na bpíosaí dá gcuid féin a chuir na fir ar taispeáint bhí stólta, boird bheaga agus cláracha fichille. Obair an-fhíneálta atá sna saothair ar fad agus ba léir go raibh na fir an-bhródúil as a gcuid oibre.

Go dtí seo, tá ceithre chúrsa déanta acu le Chaïm agus ba le linn an chúrsa i mbliana a rinneadar na píosaí don taispeántas seo.

Chuaigh na saineolaithe ealaíne sa ngailearaí i gcomhpháirt le cumann ‘sheideanna na bhfear’ chun an rud ar fad a leagan amach – an taispeántas gairmiúil chomh maith le hobair na bhfear. Rinne an Chomhairle Contae (Dún Laoghaire-Ráth an Dúin) agus Creative Ireland urraíocht ar an obair ar fad.

Agus cén chaoi a bhfuil mo chara anois, an fear a bhí buailte go dona ag strócanna agus an dúlagar?

‘Bhí mé ag an dochtúir le gairid agus dúirt sé nár aithin sé mé.’ Bhí sé feabhsaithe an oiread sin nach bhfaca an dochtúir aon rian den seantinneas air.

Bhí cineál fuadar faoi amach an doras. Bhí scata eile fear ó sheid i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath tagtha isteach ar cuairt chuig an taispeántas.

‘An mbeadh fonn ort teacht ar chlár raidió am éicint?’ a d’fhiafraigh mo chara díom. ‘Tá clár uair an chloig againn gach Déardaoin – an Sandyford Shedders Radio Show.

Thuig mé ansin cén fáth a raibh fuadar faoi. Bhíodar ar a mbealach chuig an stiúideo raidió anois.

Mhínigh sé dom an bealach a ndéanann siad taighde don chlár. Iarrann siad ar an duine atá ag teacht ar an raidió sé cheist a chur chucu seachtain roimh ré. Leagann siad amach an t-agallamh bunaithe ar na ceisteanna sin. Ba dheacair duit clamhsán a dhéanamh ina dhiaidh sin nach bhfuair tú cothrom na Féinne!

Tá leabharlann agus gailearaithe an Lexicon lonnaithe i gceann de na foirgnimh is mó cáil i nDún Laoghaire. Ní hé gach duine a bhí moltach faoi nuair a chonaic siad an dearadh agus an leagan amach i dtús ama. Ach an mhaidin áirithe seo agus é lán go doras le léitheoirí leabhar, mic léinn ag staidéar, daoine ag déanamh cúrsaí, daoine i mbun taighde, agus lucht na ‘Men’s Sheds’ agus mo chairde ó na seideanna ag siúl thart agus ag tabhairt suntais don uile shórt, tháinig smaoineamh chugam.

B’fhéidir nach é an rud is measa ar domhan é go bhfuil laghdú anois ar an ólachán i dtithe tábhairne ar fud na tíre?

Fág freagra ar 'Seideanna na bhFear – nach fearr iad ná an teach tábhairne?'