Séasúr na seachtainí móra faisin buailte linn

Glacann táirgeoirí éadaigh treoir ó na seónna móra i Nua-Eabhrac, Londain, Milan agus Páras maidir le dathanna, stíl agus dearadh don séasúr romhainn

Séasúr na seachtainí móra faisin buailte linn

Ar an gCéadaoin seo chugainn (7 Meán Fómhair) a chuirfear tús le ceann de mhórócáidí faisin na bliana nuair a chuirfidh dearthóirí cáiliúla a gcuid táirgí i láthair an phobail agus an domhain mhóir ag Seachtain Faisin Nua-Eabhrac. Seo an chéad cheann de na seónna móra idirnáisiúnta – ceithre cinn ar fad – a thosaíonn i Nua-Eabhrac agus a leanann ar aghaidh an tseachtain ina dhiaidh sin le ceann Londan (16-20 Meán Fómhair), ceann i Milan na hIodáile (21-27 Meán Fómhair) agus ag críochnú le ceann Pháras (27 Meán Fómhair- 5 Deireadh Fómhair).

Dearthóirí mór le rá an domhain agus mainicíní rícháiliúla a bheidh páirteach sna hócáidí sin agus beidh an t-éadach agus na táirgí eile a chuirfear ar taispeáint ansin an-chostasach ar fad. Mheasfá mar sin gur cuma dúinne mar ghnáthdhaoine céard a tharlaíonn ag na seónna móra seo ach is é fírinne an scéil go mbeidh tionchar mór ag a dtarlóidh ag na mórócáidí sin ar an gcineál faisin a bheidh á chaitheamh againn le linn séasúr an earraigh agus an tsamhraidh seo romhainn. Glacann táirgeoirí éadaigh go ginearálta treoir ó na seónna móra seo maidir le dathanna, stíl agus dearadh agus beidh an rogha a bheas romhainn sna siopaí gar go leor den leagan amach a bheas ag na dearthóirí móra ag na seachtainí faisin éagsúla le linn na míosa seo. 

Ar cheannaitheoirí, ar an bpreas agus ar réalta faisin atá na seachtainí faisin seo dírithe agus is ar chuireadh amháin a bheidh cead isteach. Bíonn ticéid ar fáil don ghnáthphobal i roinnt theoranta cásanna ach ní hiadsan an sprioc atá ag na dearthóirí ag na hócáidí galánta seo.

Tráth den saol, bheadh fanacht sách fada ar dhuine le héadach a fháil sna siopaí a bheadh bunaithe ar an méid a cuireadh i láthair ag na seónna móra ach tá athrú mór air sin le tamall anuas. Scaiptear íomhánna den stíl is deireanaí an-sciobtha anois ar na meáin shóisialta is beochraoladh físe agus ó tharla nach bhfuil d’fhoighne ag daoine fanacht rófhada, bíonn leagan éigin den dearadh úrnua curtha á dhéanamh agus ar díol láithreach. Tá cuid de na dearthóirí ag baint leas as easpa foighne an phobail anois agus ag cur cuid dá gcuid táirgí féin sna siopaí ar an bpointe faoi pholasaí ar a dtugtar ‘see now, buy now’.

Beidh an dearthóir cáiliúil Tom Ford ag géilleadh don nós seo den chéad uair i Nua-Eabhrac an tseachtain seo romhainn agus beidh táirgí dá chuid ar fáil sna siopaí a luaithe agus a bheidh siad seolta ar an ardán ag Seachtain Faisin Nua-Eabhrac. Dúirt sé go raibh an nós a bhíodh ann dearadh a chur ar taispeáint ag seó faisin ceithre mhí sula mbeadh fáil air sna siopaí ina “antiquated idea and one that no longer makes sense…in a world that has become increasingly immediate”.

Chomh maith le Tom Ford, beidh taispeántais i Nua-Eabhrac ag an iliomad réalta eile, ina measc Calvin Klein, Oscar de la Renta, Alexander Wang agus Michael Kors. Tarlaíonn sé go mbeidh Seachtain Faisin na bliana seo ag tarlú tráth a mbeidh cuimhneachán 15 bliana ann ó ionsaíodh an World Trade Centre sna Twin Towers agus tá geallta ag lucht faisin go dtabharfar an tragóid sin chun cuimhne go cuí le linn na seachtaine.

I measc na ndearthóirí a bheidh páirteach i Seachtain Faisin Londan i mbliana, beidh Burberry, J.W. Anderson, Peter Pilotto, Topshop Unique agus Mulberry.  Beidh Giorgio Armani, Versace, Dolce& Gabbana agus Fendi i measc na réalta a bheas páirteach i Seachtain Faisin Milan. Don cheathrú féile faisin – ceann Pháras – a thosóidh ag deireadh na míosa, beidh Balmain, Dior, Chanel agus Givenchy ina measc siúd a chuirfidh a gcuid smaointe nua i láthair an domhain mhóir.

Tá traidisiún na seachtainí faisin ag dul siar go dtí an chéad cheann i Nua-Eabhrac sa bhliain 1943 ach breis agus seachtó bliain níos deireanaí, is i méid atá na mórócáidí seo ag dul agus súile lucht faisin ar fud an domhain mhóir orthu. 

Fág freagra ar 'Séasúr na seachtainí móra faisin buailte linn'