Séasúr na máirseála an chéad scrúdú do Simon Byrne

Ghlac Simon Byrne Príomh-Chonstábla nua an PSNI le séala a oifige tráth a raibh sé ina raic faoi bhratacha paraimíleatacha de chuid an UVF a bheith crochta in eastát measctha agus tráth a bhfuil séasúr na máirseála ar na bacáin

Séasúr na máirseála an chéad scrúdú do Simon Byrne

Paráid dhílseach, bratacha crochta go mídhleathach, bagairt na n-easaontóirí poblachtacha agus pleanáil don Bhreatimeacht crua. Ní raibh ansin ach cuid den chlár oibre ar an gcéad lá de théarma cúig bliana Simon Byrne, Príomh-Chonstábla nua an PSNI.

Rinne Byrne fianú nó móid a oifige ag Bord Póilíneachta an tuaiscirt Dé Luain sular cuireadh in aithne é don bhord agus do na meáin. Ba léir gur údar mórtais aige an post a fháil tar éis tréimhse chorrach ina shaol gairmiúil i Sasana. Tá Príomh-Chonstáblacht an PSNI ar cheann de na postanna is dúshlánaí abhus, an cúram is tábhachtaí ar fad, seans.

Bhí sé as obair le bliain anuas ó tháinig deireadh lena chonradh mar Phríomh-Chonstabla Cheshire le linn dó a bheith ar fionraíocht de bharr líomhaintí bulaíochta. Frítheadh neamhchiontach i ngach cion é. Bhí taithí fhairsing aige i bpóilíní Londan, Learphoill agus Cheshire ach tá a fhios aige gur seirbhís ar leith í an PSNI, agus go bhfuil cúinsí speisialta a bhaineann leis an réigiún seo amháin.

Gheall sé go ngabhfadh sé amach i measc an phobail chun tuairimí a chlos faoin PSNI agus faoi na héilimh atá ag daoine. Chuir sé a theachtaireacht ar líne, ar nós an chinn seo ar You Tube.

Beidh sé furasta aige a dhul amach ag beairicí agus ceantair aontachtacha ach ní hamhlaidh a bheidh i gcuid de na háiteanna is mó a bhfuil gá aige le caidreamh leis an bpobal. Tá a fhios againn gur cuireadh imeachtaí de chuid an PSNI i scoileanna agus óstáin ar ceal de bharr bagairtí ó easaontóirí poblachtacha i nDoire, cuir i gcás. Ba léir go dtuigeann Simon Byrne gur gá don PSNI breis Caitliceach a earcú; ní foláir nó go bhfuil a fhios go maith aige nach aon spreagadh do Chaitlicigh an chontúirt ó na heasaontóirí a dhúnmharaigh beirt phóilíní ón gcúlra sin, a ghortaigh duine eile go dona agus a rinne iarracht go leor eile a ionsaí.

Teastaíonn comhoibriú an phobail uaidh chun a dhul i ngleic leis na heasaontóirí; tá sé níos éasca sin a rá ná a dhéanamh. Níl sé i bhfabhar filleadh ar an idirdhealú dearfach, earcaíocht 50/50 a bhí i réim ach ar cuireadh ar ceal é de bharr an fheachtais aontachtaigh ina choinne. Teastaíonn uaidh triail a bhaint as scéimeanna a úsáideadh sa Bhreatain Mhór chun tacú le hearcaíocht ón chine dhubh i Londain nó dul sa tóir ar ríomhphost ar dhaoine feiliúnacha mar a dhéantar i ndeisceart na Breataine Bige.

Chífimid. Mura n-éiríonn leis is cosúil go dtitfidh líon na gCaitliceach san PSNI faoi bhun 30% le linn a thréimhse oifige. Thairis sin níor mhór dó a dhul i ngleic le heaspa Caitliceach i measc na n-ardoifigeach. Tá baint mhór ag an neamhionadaíocht sin leis an lagú ar mhuinín na náisiúnach san PSNI; ba mhór an feall é aisling na nuaphóilíneachta a ligean le sruth.

Cúis eile le feo an iontaobhais sna póilíní is ea an chonspóid faoi fhiosruithe stairiúla a bheith fágtha mar chúram orthu d’uireasa gníomh polaitiúil chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí. Fearacht a réamhtheachtaí George Hamilton teastaíonn ó Simon Byrne na fiosruithe sin a chur ó dhoras. Níl mórán dóchais go ndéanfar rud air go luath i bhfianaise na guagachta in Westminster agus an phairilis in Stormont.

Ghlac Byrne le séala a oifige tráth a raibh sé ina raic faoi bhratacha paraimíleatacha (UVF) a bheith crochta in eastát measctha. Taispeántas cultúrtha, arsa lucht a gcosanta, imeaglú, arsa náisiúnaithe. B’éigean do Chaitlicigh an t-eastát sin a fhágáil cheana de bharr imeaglaithe. Chinn Comhairle chathrach Bhéal Feirste go gcuirfí an dlí ar an Roinn Infreastruchtúir chun iachall a chur orthu bratacha imeaglacha a bhaint anuas. Chinn an Príomh-Chonstábla nua go bhféadfaí déileáil leis an bhfadhb le ‘common sense’.

B’údar imní í an chaint faoi stuaim sa chomhthéacs seo. Easpa tuisceana ar an bhfadhb? N’fheadar go fóill. Chuaigh sé amach san oíche Dé Luain chun faire ar pharáid Dhílseach – comóradh ar chath an Somme in oirthear Bhéal Feirste. Chonaic sé na baracáidí idir an mháirseáil agus ceantar náisiúnach, an Tráigh Ghearr. Bhí an ócáid síochánta. Beifear ag faire go géar ar Byrne féachaint cé chomh grinn is atá a thuiscint ar na fadhbanna a bhaineann le séasúr na máirseála.

Ba léir nár thuig sé gur chathair mhór sacair í Béal Feirste, Linfield, Cliftonville, Glentoran agus eile. Is don haca oighir agus foireann na Belfast Giants a thagair sé is é ag caint ar fhorbairt an PSNI: “Ní hé an áit a bhfuil an cnag anois ach an áit a ngabhfaidh sé” atá tábhachtach, ar sé . Tharraing sé chuige an tsamhail mar go bhfuil oifig Bhord na bPóilíní i bhfoisceacht míle don Odyssey, mar a n-imrítear an haca oighir ach tá cumainn pheile chomh gar céanna dóibh. Is é Simon Byrne an tríú Príomh-Chonstabla as Sasana. Bhí Hugh Orde ar fheabhas agus níor thuill Matt Baggott ardmheas. Chífimid cén rang ina mbeidh Byrne.

Fág freagra ar 'Séasúr na máirseála an chéad scrúdú do Simon Byrne'