Seasfaidh taithí na bliana seo caite le hiománaithe óga Uíbh Fhailí

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar na cluichí móra agus súil chun cinn h ar chluiche ceannais Chraobh Faoi 20 na hÉireann a idir Uíbh Fhailí agus Tiobraid Árann

Seasfaidh taithí na bliana seo caite le hiománaithe óga Uíbh Fhailí

Cad é mar chríoch a bhí againn ar bhabhtaí na ngrúpaí sa dá chúige an Domhnach seo caite. Bhí tábhacht ag baint le gach ceann de na torthaí ar na cluichí agus bhí sé sin le feiceáil sna coimhlintí go léir.

I gcúige Laighean bhí an caighdeán sna cluichí go léir níos airde ná in aon chluiche a chonaic mé sa chúige go dtí seo i mbliana. Tá an dul chun cinn is mó déanta ag Áth Cliath agus iad ag feabhsú cluiche i ndiaidh cluiche ó thosach na craoibhe. Cuireann Dónal Burke, a bhí gortaithe ar feadh tamall fada agus nár fhill ach le gairid, go mór leo agus é ag teacht ar ais ar a sheanléim.

Ach céard faoin nGaillimh? Bhí na comharthaí ann le tamall nach rabhadar ag dul rómhaith agus ní raibh aon ionadh ormsa gur chaill siad i gcoinne Átha Cliath. É sin ráite, caithfear a admháil go rabhadar faoi bhrú i ndiaidh cinneadh conspóideach go leor a ghlac an réiteoir Colm Lyons David Burke a chur den pháirc leathshlí tríd an gcéad leath. Gan dabht bhí tionchar mór ag an gcinneadh sin ar an nGaillimh. Ach go dtí seo i mbliana ní rabhadar ach measartha agus tá sé in am dianscrúdú a dhéanamh ar gach a mbaineann leis an fhoireann shinsir, an bainisteoir Henry Shefflin san áireamh.

Bhí cluiche dian idir Cill Chainnigh agus Loch Garman agus cé nár bhuadar, is dócha go bhfuil an tríú háit sa chúige tuillte ag na Carmannaigh. Cúpla seachtain ó shin nuair a chailleadar in aghaidh Aontroma i mbabhta a dó, bhí am mhuinín lag go leor sa champa ach choinníodar leis agus ó tharla Conor McDonald, Liam Ryan agus Rory O’Connor tagtha ar ais ó ghortuithe, chuir sé go mór le neart na foirne.

Ó thaobh Chill Chainnigh, tá siad bliain eile ar ais i gcluiche ceannais an chúige cé nach rabhadar go hiontach fós i mbliana.

Sa chluiche eile sa chúige, scóráil Aontroim ceithre chúl chun iad féinig a tharraingt thar an líne i gcoinne Cheatharlach, a bhí ag imirt le ceathrar déag sa dara leath i ndiaidh cinneadh réiteora eile a bhí conspóideach go leor.

I gcúige Mumhan, léirigh Luimneach nach bhfuil siad críochnaithe fós agus iad ag críochnú go láidir i gcoinne na nDéise agus bhí Tiobraid Árann níos fearr ná mar a bhíodar an Domhnach deireanach ach fós sáraíodh iad i gcoinne an Chláir.

Tá briseadh ag na foirne an deireadh seachtaine seo roimh chluichí ceannais na gcúigí agus tús an chomórtais do Chorn Mhic Cárthaigh agus beidh lucht na hiomána ag díriú ar imreoirí Faoi 20 Thiobraid Árann agus Uíbh Fhailí a bheidh in adharca a chéile i bPáirc Uí Nualláin Chill Chainnigh anocht. Is trua go bhfuil áiteanna ar an bpáirc nach bhfuil deisithe fós i ndiaidh cheolchoirm Bruce Springsteen ar an bpáirc sin roinnt seachtainí ó shin ach caithfidh na himreoirí cur suas leis. Tá tacaíocht iontach léirithe don dá fhoireann agus na ticéid go léir don chluiche ceannais díolta agus nach iontach an scéal é sin.

Bhí dhá chomórtas cúige thar a bheith iomaíoch againn sa chraobh Faoi 20 agus gan mórán in aon chor idir na foirne. I gcúige Mumhan, tháinig na Tiobraid Árannaigh slán sa chluiche ceannais a bhuíochas don chúl a scóráil Oisín O’Donoghue agus an cúl ag Corcaigh nár ceadaíodh agus an ladhar iarrachtaí a chuir na Corcaígh ar strae. D’fhág cúilín míorúilteach Darragh McCarthy gurb iad na Tiobraid Árannaigh a bhí chun tosaigh nuair a séideadh an fheadóg dheiridh.

I Laighin, bhí Uíbh Fhailí agus Áth Cliath gob ar ghob ach d’éirigh leis na buachaillí lár tíre bearna bheag a chruthú faoi dheireadh agus chonaic muid slua ollmhór ag rith isteach ar an bpáirc cúpla nóiméad roimh dheireadh an chluiche.

Beidh na mílte leantóir ansin arís inniu agus iad ag iarraidh Craobh na hÉireann a thabhairt abhaile an uair seo. Bhí mórán cainte i ndiaidh an chluiche ceannais anuraidh nach raibh Uíbh Fhailí fisiciúil agus láidir go leor do Chorcaigh. Tá go leor de na himreoirí céanna ag imirt ag Uíbh Fhailí arís i mbliana agus an taithí sin acu agus beidh ceiliúradh dochreidte ann má éiríonn leo Corn Uí Nualláin a thabhairt abhaile an uair seo. Gach seans go ndéanfaidh.

Uíbh Fhailí v Tiobraid Árann – Páirc Uí Nualláin, 7.15in (Beo ar TG4)

Fág freagra ar 'Seasfaidh taithí na bliana seo caite le hiománaithe óga Uíbh Fhailí'