Seasann ‘T’ do ‘Táinseamh’, a Donald Trump agus a Michel Temer!

Tá an táinseamh á lua anois go láidir le ceannairí na Stát Aontaithe agus na Brasaíle. Cé nach réiteodh a leithéid gach deacracht thar oíche, láidreodh sé an daonlathas sa dá thír, a scríobhann ár gcolúnaí

Seasann ‘T’ do ‘Táinseamh’, a Donald Trump agus a Michel Temer!

Tá dhá rud i gcoitinne ag uachtaráin an dá thír is mó sa leathsféar thiar.

Tosaíonn a sloinne leis an litir T, agus tá ‘T’ mór eile á lua leo – an táinseamh.

Tá Donald Trump Mheiriceá i dtrioblóid mar gheall ar an gcanna péisteanna ar thug sé féin ‘an rud seo maidir leis an Rúis’ air.

Tá Michel Temer, atá ina uachtarán ar an mBrasaíl ó táinsíodh Dilma Rousseff anuraidh, i dtrioblóid ó cuireadh taifeadadh ar fáil do phríomhionchúisitheoirí na tíre ina dtugann sé a bheannacht, más fíor, d’íocaíochtaí breabanna chun iarCheann Comhairle na Brasaíle, Eduardo Cunha – fear atá i bpríosún é féin mar gheall ar an gcrúibín cam – a choinneáil ina thost.

An bhfuil tú liom?

Mar a tvuíteáil cuntas oifigiúil na sraithe teilifíse ó Mheiriceá, House of Cards, faoin ngéarchéim pholaitíochta is déanaí sa Bhrasaíl inné: ‘Deacair é seo a shárú’.

B’fhéidir gur fearr gáire a dhéanamh faoi chruachás Trump agus Temer ná deora a shileadh faoi, ach ná déanaimis dearmad go bhfuil an dá thír is cumhachtaí sa leathsféar thiar nach mór gan stiúir faoi láthair agus gur áit níos contúirtí an domhan ar fad dá bharr.

I gceachtar cás, ní réiteodh táinseamh an scéal thar oíche. Próiseas casta é an táinseamh – an t-aon bhealach dlíthiúil chun uachtarán a chur as oifig – a thógann míonna fada. 

Agus ansin?

Dá ndéanfaí táinseamh ar Donald Trump sna Stáit Aontaithe, thiocfadh Mike Pence, atá ina leas-uachtarán anois, i gcomharbacht air. Fear fíor-, fíorchoimeádach é Pence arb é an t-aon bhua a bhaineann leis, dar le go leor tráchtairí, ná gur fear níos stuama é ná Trump. 

Dá ndéanfaí táinseamh ar Michel Temer sa Bhrasaíl, bheadh toghchán uachtaránachta nua á éileamh: tháinig Temer é féin i gcumhacht nuair a táinsíodh an té ar tháinig sé i gcomharbacht uirthi, Dilma Rousseff, bliain ó shin.

Bhainfeadh dhá tháinseamh in imeacht bliana creathadh as tír ar bith, gan trácht ar thír ar nós na Brasaíle, a raibh deachtóireacht mhíleata i réim inti ar feadh cuid mhór den fhichiú haois.

Ach láidreodh sé an daonlathas óg anseo, agus b’fhearr, dar liom, go ndéanfaí táinseamh ar Temer ná go n-éireodh sé as oifig as a stuaim féin.

Bheinn den tuairim chéanna maidir le Trump. Ní dhearnadh táinseamh ar aon uachtarán i Meiriceá riamh, cé gur tháinig Andrew Johnson agus Bill Clinton gar go leor dó agus cé go dtáinseofaí Richard Nixon go cinnte murach gur éirigh sé féin as oifig roimh an vóta cinniúnach. Láidreofaí an córas daonlathach sna Stáit Aontaithe go mór dá ndéanfaí táinseamh ar Trump, agus ba lú an baol, ina dhiaidh sin, go dtoghfaí a leithéid arís.

Fág freagra ar 'Seasann ‘T’ do ‘Táinseamh’, a Donald Trump agus a Michel Temer!'

  • Marcas Ó Duinm

    Bhí cartún ag Martyn Turner, roimh oirniú an Trumps, agus é ag rá “Ní dhéanfar táimseamh orm. Féach ar an té a thiocfadh i mo dhiaidh”.