‘Seasadh an tAire le pobal na Gaeilge agus a gcearta’ – Seanadóir

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag iarraidh ar Aire Stáit na Gaeltachta moltaí an Choimisinéara Teanga a chur i bhfeidhm ar dhréachtleasuithe an Achta Teanga

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013

Tugann na leasuithe ar an Acht Teanga atá le dul tríd an Oireachtas go luath deis d’Aire na Gaeltachta Joe McHugha thaispeáint do phobal na Gaeilge go bhfuil sé sásta seasamh suas dá gcearta teanga,” dar le hurlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh.

D’iarr Trevor Ó Clochartaigh ar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh inniu moltaí an Choimisinéara Teanga a chur i bhfeidhm agus na leasuithe ar an Acht ag dul tríd an Oireachtas.

Bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, os comhair an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha inné, coiste a bhfuil an Seanadóir Ó Clochartaigh mar bhall de.

D’fhógair an Rialtas inné go bhfuil Acht leasuithe na dTeangacha Oifigiúla le foilsiú le linn tréimhse na Dála seo.

Tá cuid de na leasuithe atá molta ar an Acht cáinte go láidir ag eagraíochtaí teanga agus ag polaiteoirí an fhreasúra toisc go meastar go ndéanfaí an tAcht a lagú seachas é a neartú dá gcuirfí i bhfeidhm iad.

“Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Aire moltaí an phobail agus an Choimisinéara Teanga a thógáil ar bord ansin agus an Acht a neartú.

“Rinne an tIar-Choimisinéir, Seán Ó Cuirreáin, cáineadh láidir ar mholtaí an Rialtais, ach is iad na cinnbhille céanna atá á bplé fós. Rinne Ó Domhnaill moltaí praiticiúla eile don chomhchoiste agus ba chóir go ndéanfadh an Rialtas iad a áireamh,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Coimisinéir Teanga inné go raibh trí mhóreasnamh ar na dréachtleasuithe.

Dúirt sé gur chóir don reachtaíocht leasaithe rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an éileamh ón bpobal ar a seirbhísí, gur cheart rialacháin a chur sa reachtaíocht féin seachas a bheith ag brath ar scéimeanna teanga amháin, agus gur cheart foráil a bheith ann a chinnteodh go gcuirfí seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar fáil do phobal na Gaeltachta.

“Go dtí seo níor thug an Rialtas seo an tacaíocht mar is ceart d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá deis ag an Aire McHugh anois a thaispeáint do phobal na Gaeilge go bhfuil sé sásta seasamh suas dá gcearta teanga,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin.

Fág freagra ar '‘Seasadh an tAire le pobal na Gaeilge agus a gcearta’ – Seanadóir'