Séanta go bhfuil ‘turf war’ ar siúl agus gan cead ach ag bailte Gaeltachta logainm a athrú

De réir na reachtaíochta is déanaí, níl cead ach ag muintir na Gaeltachta pobalbhreith a reáchtáil chun ainm oifigiúil baile a athrú

Séanta go bhfuil ‘turf war’ ar siúl agus gan cead ach ag bailte Gaeltachta logainm a athrú

Tá cead tugtha sa dlí d’aon phobal sa Ghaeltacht ainm oifigiúil a mbaile a athrú, ach níl an cead sin ag bailte sa chuid eile den tír.

Tháinig an lúb ar lár sin sa reachtaíocht chun solais sa Seanad an tseachtain seo, mar ar pléadh cás Inis Crabhann i Sligeach.

Mhaígh iar-urlabhraí Gaeilge Fhine Gael an Seanadóir Frank Feighan, a d’ardaigh ceist Inis Crabhann sa Seanad, gur dealraitheach gur “turf war” faoi logainmneacha a bhí ar bun idir an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta.

Chaithfí leigheas a fháil ar an scéal seo go luath, a dúirt Feighan.

Shéan an t-aire stáit  John Paul Phelan gur “turf war” a bhí ar bun idir a roinn féin agus Roinn na Gaeltachta.

Dúirt sé gur “dearmad” ba chúis leis an scéala nár ceadaíodh sa reachtaíocht is déanaí ach logainmneacha Gaeltachta a athrú.

Inishcrone an logainm oifigiúil Béarla atá ar an mbaile sin, ach Enniscrone is coitianta atá ag muintir na háite agus tá siad ag iarraidh pobalbhreith a reáchtáil chun ainm oifigiúil an bhaile a athrú.

Bíonn an dá leagan Béarla in úsáid ar chomharthaí don bhaile agus tá feachtas ar bun chun go nglacfaí le hainm oifigiúil amháin.

Ach nuair a rinne Comhairle Contae Shligigh teagmháil leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoi phobalbhreith a reáchtáil faoi ainm Béarla Inis Crabhann, fuarthas amach nach raibh an cead ainm baile a athrú ach amháin ag muintir na Gaeltachta.

Dheimhnigh an tAire Stáit John Paul Phelan sa Seanad an tseachtain seo nach ceadmhach ach ainmneacha bailte Gaeltachta a athrú faoin Acht Rialtais Áitiúil 2019.

Dúirt an tAire Stáit gur ullmhaigh a roinn dréachtrialacháin ar mhaithe le cead a thabhairt d’aon bhaile vóta a bheith acu faoi ainm an bhaile ach gur tháinig ceist chasta dlí chun solais nuair a pléadh an scéal le Roinn na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit gurb í an chomhairle dlí a fuair sé féin nach bhféadfaí ainm baile lasmuigh den Ghaeltacht, bíodh sé i mBéarla nó i nGaeilge, a athrú má bhí ordú déanta faoi logainm an bhaile sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Phelan gurb é mian a roinne féin go mbeadh sé de chead ag pobal ar bith vóta a eagrú faoi ainm a mbaile féin a athrú.

“Ba chóir go mbeadh an cur chuige sin ceadaithe i ngach ceantar, bíodh sé sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Ach teacht ar réiteach ar an scéal le Roinn na Gaeltachta, dúirt sé go mbeadh ar chumas a roinne leasú reachtaíochta a thabhairt isteach chun cead a thabhairt do mhuintir Inis Crabhann nó aon bhaile eile cinneadh a dhéanamh iad féin faoi ainm oifigiúil a mbaile.

Dúirt sé go raibh an scéal á phlé aige le hAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus gur socraíodh go lorgófaí comhairle ó Oifig an Ard-Aighne.

Ba cheart go mbeadh cead ag daoine logainmneacha a athrú “go daonlathach” agus is ceart “bunúsach” é sin, a dúirt an tAire Stáit John Paul Phelan.

Shéan sé go raibh aon aighneas ann faoin scéal, ach dúirt sé go gcaithfí a bheith cúramach go mbeadh bunús dlí le haon leigheas a gheofaí ar an scéal. 

De réir leasú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla bunaíodh córas nua a cheadaíonn athrú a dhéanamh ar logainm oifigiúil Gaeltachta sa chás go mbeadh tromlach an phobail agus an t-údarás áitiúil ar son an ainm nua.

Bíonn conspóid go rialta i gceantair áirithe Ghaeltachta faoin dlí a fhágann gurb é an leagan Gaeilge de logainm Gaeltachta an leagan oifigiúil.

Tarraingíodh aird ar an gceist seo le tamall de bhlianta anuas in áiteanna amhail Béal an Mhuirthead, atá i nGaeltacht oifigiúil Mhaigh Eo, an Clochán Liath i dTír Chonaill agus Baile Chláir sa Ghaillimh.

Bhain an chonspóid ba mhó faoi cheist logainmneacha na Gaeltachta le baile an Daingin i gCorca Dhuibhne, mar ar éiligh cuid mhór den phobal go mbeadh cead Dingle/Daingean Uí Chúis a úsáid de réir dlí.

I ndiaidh aighneas fada, deineadh leasú ar an reachtaíocht in 2011, leasú a bhain leis an logainm ‘An Daingean’ amháin. Faoin leasú sin deineadh eisceacht den Daingean agus ceadaíodh dhá logainm oifigiúil don bhaile Gaeltachta – ‘Daingean Uí Chúis’ i nGaeilge agus ‘Dingle’ i mBéarla. 

Faoin leasú a rinne Acht an Rialtais Áitiúil 2019 ar Acht na dTeangacha Rialtais tá an cead céanna anois ag aon phobal Gaeltachta sampla an Daingin a leanúint agus ainm oifigiúil Béarla a tharraingt chucu féin, ach níl cead ag aon phobal lasmuigh den Ghaeltacht déanamh amhlaidh faoi láthair.

Fág freagra ar 'Séanta go bhfuil ‘turf war’ ar siúl agus gan cead ach ag bailte Gaeltachta logainm a athrú'