Séanta ag an Taoiseach go bhfuil sé ar tí géilleadh faoi cheist na teorann

Ceistíodh an Taoiseach sa Dáil tráthnóna faoin scéala go mbeadh sé sásta glacadh leis an moladh is déanaí ag Theresa May faoi cheist na teorann - go gcuirfí córas ar bun faoina ndéanfaí athbhreithniú ar an gcúlstop

Séanta ag an Taoiseach go bhfuil sé ar tí géilleadh faoi cheist na teorann

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar nach mbeadh aon ghlacadh le socrú faoi cheist na teorann a mbeadh “dáta éaga” ag baint leis nó go bhféadfadh dream amháin é a chur go leataobh as féin.

Ceistíodh an Taoiseach sa Dáil tráthnóna faoin gcomhrá a bhí inné aige le Príomh-Aire na Breataine Theresa May faoi cheist an chúlstop agus faoin scéala go mbeadh sé sásta glacadh lena moladh go gcuirfí córas ar bun faoina ndéanfaí athbhreithniú ar an socrú maidir leis an teorainn.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald sa Dáil go raibh amhras uirthi go raibh “a mhisneach” caillte ag an Taoiseach agus go raibh sé ar tí géilleadh do Rialtas na Breataine.

Dúirt an Taoiseach gur maith an ní nach í McDonald a bhí i mbun idirbheartaíochta mar gheall ar an mBreatimeacht agus nárbh ionann athbhreithniú ar an gcúlstop a cheadú agus dáta éaga a bheith leis nó cead a bheith ann an socrú a chaitheamh i dtraipisí.

Ach dúirt sé gur ghá a bheith “cruthaitheach” ó thaobh friotail agus réitigh de chun teacht ar fhuascailt na sáinne sna cainteanna Breatimeachta mar gheall ar cheist na teorann.

Phléigh Rialtas na Breataine inniu an moladh is déanaí ag Theresa May faoi cheist na teorann, is é sin go mbeadh córas athbhreithnithe mar chuid den chúlstop chun a chinntiú nach mbeadh an Ríocht Aontaithe ceangailte go deo leis.

Tá sé ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh sna cainteanna Breatimeachta nach mbeadh aon dáta éaga leis an gcúlstop agus nach bhféadfaí deireadh a chur leis nó go mbeadh socrú níos fearr ann maidir lena chinntiú nach mbeidh teorainn chrua in Éirinn

Tá ráite ag Leo Varadkar nach mbeadh aon ghlacadh ag an Rialtas ná ag an Aontas Eorpach le moladh ar bith a cheadódh do Rialtas na Breataine an cúlstop a chaitheamh i dtraipisí i ndiaidh trí mhí.

Dúirt an Taoiseach agus an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, araon go dtabharfaí an t-eiteach glan dá leithéid mar nárbh fhiú tráithnín é mar shocrú ar mhaithe le teorainn chrua a sheachaint.

Tá ráite ag páirtithe an fhreasúra gur údar imní é go bhfuil córas athbhreithnithe á lua anois leis an gcúlstop agus go bhféadfadh a leithéid an bonn a bhaint den socrú a rinneadh ag deireadh na bliana seo caite, socrú a gealladh nach raibh aon dul siar air.

Tá brú mór á chur ar Theresa May in Westminster maidir le ceist na teorann, go háirithe mar go bhfuil sí ag brath ar thacaíocht an DUP atá glan i gcoinne aon socrú iarBhreatimeachta a d’fhágfadh nach bhfanfadh ach an Tuaisceart amháin san aontas custaim. I dtvuít a chuir sé amach inniu, dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP Jeffery Donaldson gur chosúil gur Breatimeacht gan chomhréiteach a bheidh ann i bhfianaise cheist na teorann, an dris chosáin is mó sna cainteanna maidir le margadh imeachta.

 

Freagra ab ea an méid sin ar ráiteas ón Tánaiste Simon Coveney inar dhúirt sé nach nglacfaí le cúlstop a mbeadh scála ama luaite leis nó a mbeadh cead ag Rialtas na Breataine deireadh a chur leis de réir mar ba mhian leo.

Is ionann an margadh imeachta agus an conradh a shíneodh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i Márta na bliana seo chugainn.

Tá aontaithe cheana féin go mbeidh idirthréimhse ann ina dhiaidh sin go dtí mí na Nollag 2020 chun go leanfaí leis na cainteanna iarBhreatimeachta maidir le cúrsaí trádála agus eile.

Le linn na tréimhse sin, chaithfeadh an Bhreatain cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh ach ní bheadh aon chumhacht acu maidir leis na rialacha sin. Mura dtiocfar ar aon mhargadh imeachta, ní bheidh aon idirthréimhse ann agus thiocfadh deireadh láithreach mí an Mhárta leis na socruithe trádála agus custaim idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Mí na Nollag seo caite, d’aontaigh an tAontas Eorpach agus Rialtas na Breataine go mbeadh ‘cúlstop’ mar chuid d’aon mhargadh Breatimeachta a dhéanfaí, is é sin go mbeadh barántas sa mhargadh nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn sa chás nach dtiocfaí ar aon chomhréiteach eile a sheachnódh a leithéid.

Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh go gcuirfí socrú nua in áit a d’fhágfadh go mbeadh an Ríocht Aontaithe go léir mar chuid d’aontas custaim leis an Aontas Eorpach ar feadh tréimhse áirithe i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Bhí na ballstáit eile suite de gurb é Tuaisceart Éireann amháin a bheadh san aontas custaim le linn na gcainteanna iarBhreatimeachta, ach tuairiscítear anois go bhfuiltear sásta glacadh le moladh na Breataine, fad is go mbíonn socrú idirghabhálach ann a chinnteodh nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn.

Fág freagra ar 'Séanta ag an Taoiseach go bhfuil sé ar tí géilleadh faoi cheist na teorann'