Tá séanta ag an Údarás Forbartha Tionscail go raibh aon bhaint acu leis an gcinneadh atá déanta ag HID Global a n-ionaid ar an Tulaigh i nGaeltacht Chonamara a aistriú go dtí cathair na Gaillimhe.
Thug an IDA an méid sin le fios aréir do Nuacht TG4 agus dúirt an eagraíocht forbartha nach mbeadh a thuilleadh le rá acu faoin scéal go bhfuil faoi HID Global bogadh go dtí eastát tionsclaíochta dá gcuid i gcathair na Gaillimhe.
Dúirt urlabhraí de chuid an IDA nach cliantchomhlacht dá gcuid é HID Global agus nach mbeifí ag déanamh aon ráiteas fúthu dá réir.
Cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta iad HID Global agus tacaíocht arbh fhiú nach mór €2 mhilliún í tugtha ag an eagraíocht Ghaeltachta don chomhlacht teicneolaíochta le 17 bliain anuas.
Tá 120 duine fostaithe ag an gcomhlacht atá lonnaithe ar an Tulaigh i gCois Fharraige i nGaeltacht Chonamara agus beidh na poist sin á n-aistriú go dtí cathair na Gaillimhe faoi cheann 18 mí.
Chuir lucht bainistíochta HID Global an fhoireann ar an Tulaigh ar an eolas faoin gcinneadh tráthnóna inné agus tá ráiteas poiblí le déanamh ag HID Global agus Údarás na Gaeltachta faoin scéal amárach.
Ciarán Ó Fátharta
Seo scéala a bhris Cóilín Ó Neachtain ar Adhmhaidin ar RTE Raidió na Gaeltachta maidin Dé Céadaoin an 6ú lá. Moladh oll mhór a dhul dhó.