Séanta ag Ambasáid na Rúise gur thug siad ‘barántas ar bith’ d’iascairí na hÉireann

Tá fógra sábháilteachta eisithe ag an Roinn Iompair do lucht farraige uile na tíre ag cur fainic orthu faoi dhruileanna míleata na Rúise atá le tosú na tseachtain seo chugainn

Séanta ag Ambasáid na Rúise gur thug siad ‘barántas ar bith’ d’iascairí na hÉireann

D’easaontaigh Ambasáid na Rúise le maíomh go raibh “deargbharántas” tugtha acu nach gcuirfidh druileanna chabhlach na Rúise as d’iascairí na hÉireann.

Mhaígh ionadaithe iascairí níos túisce inniu go raibh a leithéid de bharántas faighte acu ón Ambasáid faoi na druileanna atá le tosú an tseachtain seo chugainn amach ó chósta na hÉireann.

Dúirt Nikita Isakin, urlabhraí Ambasáid na Rúise leis an Irish Times tráthnóna, áfach, “nach raibh aon phlé ann faoi bharántais de chineál ar bith”.

Dúirt Brendan Byrne ó Eagraíocht Onnmhaireoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann níos túisce inniu gur chuir ionadaithe na heagraíochta in iúl d’ambasadóir na Rúise, Yuri Filatov, gur theastaigh ó iascairí na tíre seo maireachtáil go síochánta lena dtaobh san áit a mbeidh druileanna ar bun ag cabhlach na Rúise an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Brendan Byrne go ndearnadh dul chun cinn ag an gcruinniú a bhí acu le Filatov in Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath, agus “gur mhó sin ná a ndearna ár Rialtas féin”.

Dúirt Byrne go ndúradh go mbeadh “crios maolánach” idir soithigh mhíleata na Rúise agus trálaeir na hÉireann le linn na ndruileanna a bheidh ar siúl 240 ciliméadar amach ón gcósta in iarthar Chorcaí.

Tá fógra sábháilteachta eisithe ag an Roinn Iompair do lucht farraige uile na tíre ag cur fainic orthu faoi dhruileanna míleata na Rúise agus á gcur ar an eolas go beacht faoi láthair na ndruileanna ar an gcósta thiar theas.

Tá an láthair sin in uiscí idirnáisiúnta thart ar 240 ciliméadar amach ón gcósta. Láthair í atá taobh amuigh d’uiscí nó limistéar farraige na hÉireann ach laistigh de limistéar eisiach eacnamaíochta na tíre seo.

D’eisigh an Roinn Iompair an fógra mara do gach úinéir loinge is bád iascaigh, scipéirí, lucht seoltóireachta agus lucht mara ag fógairt go mbeadh cleachtaí míleata ar siúl sna farraigí sin ón 3-8 Feabhra.

Dúirt an Roinn gur chuir Údarás Eitlíochta na hÉireann iad féin ar an eolas tar éis d’údaráis na Rúise dul i dteagmháil leo faoina gcuid druileanna míleata.

Tugtar na comhordanáidí beachta don láthair ag a mbeidh “beo-lámhach in úsáid sna druileanna cabhlaigh”.

Fág freagra ar 'Séanta ag Ambasáid na Rúise gur thug siad ‘barántas ar bith’ d’iascairí na hÉireann'