Seansaothar a thugann léargas ar uafás an lae inniu san Úcráín

Míshocracht 2014 a thug an uain agus an misneach do Vladimir Putin a ladar a chur i scéal na hÚcráine

Seansaothar a thugann léargas ar uafás an lae inniu san Úcráín

Turas siar bóithrín na smaointe chuig uafáis an lae inniu atá sa saothar suaite Winter on Fire: Ukraine’s Fight for Freedom (Netflix). Ba in 2015 a seoladh an fadscannán faisnéise seo ar éirigh leis ainmniúchán Oscar a ghnóthú. Tá sé dírithe ar chorraíl na tíre sna blianta 2013 agus 2014 agus gan amhras, de bharr ionradh na Rúise tá éileamh ar an saothar in athuair. 

Saothar cumhachtach ar leith é a thugann cuid de chúlra choimhlint an lae inniu dúinn. Lena chois sin tugtar éachtaint ghléineach ar dhíocas diongbháilte mhuintir na tíre truamhéalaí bródúil sin. Tá an díocas céanna ar bhéalaibh daoine ar fud an domhain inniu agus muintir na hÚcráine ag seasamh an fhóid go cróga.

Le bheith ionraic faoi is dóigh liom gur ghabh corraíl 2013 agus 2014 tharainn gan mórán suntais. Tuairiscí fánacha anseo agus ansiúd; sin fós gafa le hiarmhairtí bhás an Tíogair Cheiltigh is dócha. É sin agus cumaliomachas b’fhéidir mar gheall ar chruatan i dtír i bhfad i gcéin. 

I dtosach an scannáin tugtar ar ruathar staire gairid sin ó thosach na nóchaidí go dtí 2013. An Úcráin ag fógairt neamhspleáchais i 1991, giolla na Rúise Viktor Yanukovych ag teacht i gcumhacht in 2004, an réabhlóid oráiste ina dhiaidh sin agus Yanukovych, ar chuma na drochaimsire, ag filleadh in 2010. Viktor ag féachaint soir, agus siar isteach sa stair is dócha, mórán de mhuintir na hÚcráine iompaithe siar agus ag féachaint i dtreo na todhchaí. 

I ndeireadh 2013 thug Yanukovych droim láimhe do chomhaontú trádála leis an Aontas Eorpach a bhí ar na bioráin le tamall. Cuireadh an lasair sa bharrach. Daoine óga is aosta, ó gach creideamh is cúlra, ag dul i mbun léirsithe. A gcearta á n-éileamh acu, a saoirse á gcosaint acu. Bhí an stiúrthóir Evgeny Afineevsky ina lár istigh agus caint á chur aige ar gach n-aon. Cuma na féile ar chúrsaí ar dtús le comrádaíocht agus bia á dháileadh in aisce. 

Is léir gur áit bheannaithe í an Maidan do mhuintir Kyiv. Ba sa Chearnóg chéanna a bhí an réabhlóid óráiste naoi mbliana roimhe sin. Cad a bheidh ag tarlú sa Chearnóg sna laethanta agus seachtainí atá le teacht? 

Mar is dual don réimeas tiarnúil imíodh i muinín na láimhe láidre. Gortaíodh is maraíodh, ach seasadh an fód. Mar is dual don mhaistín theith Yanukovych i ndorchadas na hoíche nuair a tháinig an crú ar an tairne. Sa deireadh thiar bhí an lá leis an lucht agóide ach tugann scríbhneoireacht an chlabhsúir le tuiscint dúinn gurbh í an míshocracht a thug an uain agus an misneach do Putin a ladar a chur i scéal na hÚcráine. 

Ní féidir gan a bheith ag cuimhneamh ar cá bhfuil rannpháirtithe an chláir inniu; Roma Saveliyev, ach go háirithe. Ní raibh sé siúd ach dhá bhliain déag ag an am agus é ag siúl timpeall Chearnóg Maidan go neamhchorrabhuaiseach is é meáite ar an bhfód a sheasamh chomh maith le duine. 

Vitali Klitschko, dornálaí cáiliúil tráth, le feiscint ag labhairt leis an lucht agóide agus é tosnaithe amach ar bhóthar na polaitíochta. Tá an fear céanna ina mhéara ar Kyiv anois. An bhfuil cuid de na póilíní foréigneacha anois ag seasamh an fhóid leo siúd a bhíodar a bhascadh tráth? Is ait agus is suaite an saol é. 

Fág freagra ar 'Seansaothar a thugann léargas ar uafás an lae inniu san Úcráín'