Seans maith nach fada uainn ‘gilets jaunes’ na hÉireann

An bhféadfadh an t-ardú ar an gcáin charbóin círéib phoiblí a tharraingt in Éirinn?

Seans maith nach fada uainn ‘gilets jaunes’ na hÉireann

Is gearr go mbeidh feachtas ar bun sa tír seo mar atá ag léirseoirí na seaicéad buí sa bhFrainc. Ní mise atá á rá ach an colúnaí Harry McGee. Duine simplí a cheapfadh gur óglach de chuid na heite clé é Harry. Dá mba ea ní ina cholúnaí ag an Irish Times a bheadh sé.

Scríobhann sé alt sa Curadh Connachtach freisin. Ansin a dúirt sé an tseachtain seo caite go bhfuil trioblóid ar na bacáin sa tír seo.

Ní bheidh an scrios ná an réabadh chomh dona agus atá sa bhFrainc, feictear dhó, ach tá sé cinnte go maith go mbeidh a leithéid de chorraíl againn.

Páirt den bhealach atá á mholadh le téamh na cruinne a ísliú a chuir an lasair sa bharrach sa bhFrainc. Tá béim mhór curtha ar luach díosail a ardú sa tír sin. Sin agus díriú ar thionscal na feirmeoireachta.

Tá milleán géar á chur ar na beithígh a bhíonn ag brúchtaíl sna páirceanna.

Na ceantair thuaithe is mó a bheidh thíos leis an modh smaointeoireachta atá ag aicme ceannais na Fraince, a deir lucht na seaicéad buí. Tá croitheadh bainte acusan as an gcóras lena gcuid agóidíochta.

Shíl Emmanuel Macron nach raibh air ach smeach a bhaint as a chuid méara agus go gcuirfí an polasaí nua i bhfeidhm gan stró. Is mór an díth céille a bhí air.

Fear é a bhfuil an-bharúil aige de féin, é chomh leitheadach leis na cuacha. Ní fhaca sé an tsunami ag teacht agus baineadh cleití as a chuid sciathán gan mórán achair. Tá na léirsithe ar bun ar fud na Fraince anois le naoi seachtainí déag.

Céard faoi Éire iathghlas oileánach mar sin? San oíche Déardaoin seo caite cuireadh os comhair an Oireachtais tuarascáil a réitigh an coiste idirpháirtí faoi chúrsaí aeráide. Seacht mí a chaith siad os cionn staidéir.

Rinne siad dhá scór moladh ach i ndeireadh na cúise is é réiteach na Fraince an moladh is conspóidí a bhí ag tromlach bhaill an choiste – an cháin charbóin a ardú.

Bhí Fine Gael, Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas ar aon intinn faoi. Níor ghlac Sinn Féin ná an dream Pobal seachas Brabús leis. Dúirt siadsan gur ar an gcuid is boichte den phobal a thitfeadh an meáchan dá n-ardófaí an cháin charbóin agus gur chiallmhaire go mór fada dul ag fiach ar na comhlachtaí móra agus iompar poiblí a neartú, rud a chiallódh gur lú carranna a bheadh ar na bóithre.

Níorbh é Harry McGee amháin a tharraing feachtas na seaicéad buí anuas. Fear é iareagarthóir an Irish Times, Kevin O’Sullivan, a choinníonn súil ghéar ar chúrsaí timpeallachta. Súil ghlas a bhíonn inti i gcónaí, más féidir é a chur ar an gcaoi sin. Tá imní airsean go bhféadfadh an t-ardú ar an gcáin charbóin círéib phoiblí a tharraingt in Éirinn, mura gcuirtear i bhfeidhm “go tuisceanach” é.

Feiceann sé na mílte ar na sráideanna aríst mar a bhí aimsir na dtáillí uisce. Ní hé amháin sin, a dúirt sé, ach bheadh an baol ann go dtosódh muintir na hÉireann ag aithris ar na gilets jaunes sa bhFrainc. Dia idir sinn agus an anachain (liomsa an phaidir).

Faoin tuath a thosaigh gluaiseacht agóide na Fraince. Tharraing siad aird ansin ar an gcaoi a ngoillfeadh an t-ardú cánach ar dhaoine a mbíonn orthu taisteal fada a dhéanamh go dtína gcuid oibre. Ba é an seanscéal céanna aríst é, a dúirt siad: dearmad á dhéanamh ag elite Pháras ar chás na tuaithe.

Rud mór amháin a bheidh le socrú againne sa tír seo sula dtosóidh muid ag máirseáil is ea an feisteas a bheidh á chaitheamh againn. Ní bheadh sé cuibhiúil againn na seaicéid chéanna atá ag na Francaigh a chaitheamh. Gníomh in aghaidh na staire agus na daonnachta a bheadh ann léinte gorma a chur orainn féin.

Céard faoin mbáinín a bhíodh ar Phól Ó Foighil sa Seanad? Nó caipín bobailín.

Scaoil amach an bobailín.

Fág freagra ar 'Seans maith nach fada uainn ‘gilets jaunes’ na hÉireann'

  • Sibéal

    Tá pobal na hEireann scoilte mar atá sé agus tá baol mór ag baint leis an cáin charbóin.
    Is iad na bochtáín agus na hoibrithe ar pháígh íseal is mó a bheidh thíos leis toisc go bhfuil siadsan in a gcónaí sna tithe is lú inslithe.

    Beidh roinnt mhaith de “gilets jaunes” na hÉireann ar an eite dheis chiníoch.