Seans gurb é agóid an lae inniu i bPáirc Windsor scread bháis an tSabóideachais…

Sárú ar naofacht Lá Dé is ea an cluiche idir Tuaisceart Éireann agus an Fhionlainn, dar leis an Urramach David McLaughlin

Lee Hodson agus Riku Riski. © INPHO/Presseye/Darren Kidd
Lee Hodson agus Riku Riski. © INPHO/Presseye/Darren Kidd

Scéith bhéil ab ea Tuaisceart Éireann as dúnadh éigeantach na bpáirceanna súgartha ar an Domhnach. Sarú ar an tSabóid a bheadh ann ligean do ghasúr a dhul ar luascán, dar le comhairlí aontachtacha a chinntigh nach raibh fáil ag lucht spóirt ar áiseanna poiblí.

Ceapadh go raibh gach rian den ré sin caite i dtraipisí ach tá agóid beartaithe ag soiscéalaithe ag Páirc Windsor inniu don chluiche idir Tuaisceart Éireann agus an Fhionlainn.

Briseadh leis an traidisiún is ea cluiche sacair idirnáisiúnta an Domhnaigh, an chéad uair ag Tuaisceart Éireann bheith ag imirt sa bhaile ar an tSabóid. Cluiche chun cáiliú don chorn Eorpach is ea é agus b’iad UEFA a shocraigh na dátaí.

Tá sé fógartha ag ministéir ón Eaglais Shaor Phreisbitéireach, an eaglais a bhunaigh Ian Paisley, go reáchtálfar seirbhís eaglasta in aice le Páirc Windsor roimh thús an chluiche ag a cúig a chlog. Ní raibh se in ann aon locht a fháil ar imirt liathróide per se ach níor chosúil go raibh suim ar bith aige i ‘mens sana in corpore sano’.

Sárú ar naofacht Lá Dé is ea an cluiche, dar leis an Urramach David McLaughlin, a mhaígh go raibh freasúra an-mhór ina eaglais agus i measc Críostaithe eile don imeacht. “Creidimid gur lá scíthe agus lá chun Dia a adhradh is ea an Domhnach, lá nach ionann leis na sé cinn eile agus go bhfuil sé fíorthábhachtach go seasfaí go poiblí leis an bprionsabal sin,” ar sé.

“Mar sin, nuair atá foireann Thuaisceart Éireann ag tabhairt droim láimhe leis an bprionsabal sin den chéad uair, caithfear míshastacht a leiriú agus seirbhís eaglasta a sholáthar”.

Bhí soiscéalachas agus bunchreideamhachas mar chomharthaí sóirt ar an Eaglais Shaor Phreisbitéireach riamh agus chaith baill den Eaglais blianta ag léirsiú ar an Domhnach ón uair a rinneadh atheagar ar chomhairlí sna 70daí agus ar osclaíodh na páirceanna poiblí do pháistí. Bhídís ag agóidíocht freisin in aghaidh imeachtaí lúthchleasaíochta. Bhí boinn óir i gcomórtas an domhain agus sna cluichí Oilimpeacha buaite ag Steve Cram nuair a ghlac sé páirt i gcluichí in Aontroim a raibh léirsiú glórach ag meascán de na Saor-Phreisbitéirigh agus an DUP ina choinne.

B’in i lár na n-ochtóidí agus lean an agóidíocht ar feadh treimhse ina dhiaidh sin. Aon bhliain déag ó shin, ghlac Ian Paisley, nach maireann, páirt i leirsiú in aghaidh cluiche rugbaí ag Ravenhill agus rinne bunchreidmhigh agóid i 2008 in aghaidh chluiche Domhnaigh idir Glentoran agus Beannchor, an chéad uair a himríodh dreas den tsraithchomórtas ar an tSabóid.

Cé gurb é seo an chéad chluiche Domhnaigh sa bhaile ag Tuaisceart Éireann, d’imir siad ar an Domhnach sa Spáinn ag Corn an Domhain i 1982. D’imir siad an chéad chluiche den tsraith Eorpach reatha freisin ar an Domhnach san Ungáir agus tá an dara cluiche in aghaidh na Fionlainne, i Helsinki, sa dialann don Domhnach.

Ba cheart a rá nach raibh ach leathchéad léirseoirí páirteach sna hagóidí ag cluichí san aois seo, ach bhí an tSabóideachas de dhlúth agus d’inneach sa saol poiblí aontachtach ar feadh a bhfad. Léirigh páipéirí stáit ón mbliain 1983 a foilsíodh roimh an Nollaig seo caite go dtabharfaí aitheantas oifigiúil do dhaoine a dhiúltódh obair chosanta a dhéanamh ar an Domhnach. Bhí critéir á leagan síos le haghaidh foirne a roghnú le haghaidh buncair nó daingean, dá dtarlódh ionsaí niúicleach; bheadh daoine a dhiúltaíonn d’obair ar an tSabóid ar bhonn coinsiasa saor ó dhualgas.

Ar ndóigh, lean cluichí Gaelacha ar aghaidh feadh an ama beag beann ar thoirmeasc na nAontachtach nó na Sabóideach. Ghoill an bac ar áiseanna poiblí ar Chaitliceacha chomh maith le Protastúnaigh, go háirithe ar pháistí, ach is iad na spóirt atá luaite le Protastúnaigh – sacar go háirithe – a choisctí ar an Domhnach.

Rinneadh iarracht stop a chur le oscailt tábhairní agus siopaí ar an Domhnach ach theip orthu. Seans gurb é agóid an Domhnaigh scread bháis an tSabóideachais; níor chaill ar bith é. Tugaimis a chearta creidimh do gach duine gan eisceacht, ach ná déanaimis iarracht ár gcreideamh fein a bhrú ar éinne eile.

Fág freagra ar 'Seans gurb é agóid an lae inniu i bPáirc Windsor scread bháis an tSabóideachais…'

  • Mise Áine

    @ ná déanaimis iarracht ár gcreideamh féin a bhrú ar éinne eile.

    Aontaím, go huile agus go hiomlán!