Seans gur na Déisigh a bheidh ag tabhairt faoi Thiobraid Árann i gceann seachtaine

Is iad Áth Cliath agus Aontroim a chuirfidh tús le Craobh Iománaíochta na hÉireann 2021 um thráthnóna

Seans gur na Déisigh a bheidh ag tabhairt faoi Thiobraid Árann i gceann seachtaine

Stephen Bennett ag ceiliúradh tar éis dó cúl a scóráil in aghaidh an Chláir in 2020. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Nach ait an mac an saol agus nach fada atáimid tagtha ó laethanta dorcha deiridh Dheireadh Fómhair 2020 agus sinn ag éisteacht go géar le focail an Taoisigh Micheál Martin oíche Luain. É ag fógairt an scéil a rabhamar ag súil leis, go gcuirfí srianta dianghlasála Leibhéal 5 i bhfeidhm sa stát le scaipeadh an Covid-19 a cheansú agus nach mbeadh cead aon chluichí ná imeachtaí spóirt ach go ndéanfaí eisceacht i gcás na scothspórt, amhail CLG. Chiallaigh san go mbeadh craobhchomórtas iománaíochta na hÉireann ag tosnú ar an 24 Deireadh Fómhair agus gan aon lucht leanúna sna staideanna éagsúla.

Mar is eol dúinn ritheadh agus críochnaíodh na craobhacha idirchontae gan aon mhórfhadhb agus an tír i lár ghéarchéim na paindéime.

Tosnóidh craobh na hiomána 2021 inniu, agus le cúnamh Dé leanfaidh turas na craoibhe go dtí deireadh Lúnasa i bPáirc an Chrócaigh, mar a mbeidh slua (éigin) i láthair.

Is iad Áth Cliath agus Aontroim a chuirfidh tús le himeachtaí um thráthnóna. Nuair a deineadh an tarraingt do chraobh Laighean is dóigh go raibh Mattie Kenny agus imreoirí na hardchathrach thar a bheith sásta go raibh cluiche éasca go leor acu sara dtabharfaidís faoin nGaillimh sa cluiche leathcheannais. Ach ní mar sin atá mar bhí Aontroim thar a bheith iomaíoch, ábalta agus eagraithe i rith chluichí na sraithe. Ná dearmadtar go raibh ocht gcúilín eatarthu nuair a chasadar ar a chéile i mbabhta a 3 agus ag Áth Cliath a bhí an bua sa bhaile. Ach an dá chluiche a bhí ag Áth Cliath ina dhiaidh sin buaileadh iad . Comhscór agus bua a bhí ag Aontroim san cluichí eile a bhí acu. Beidh cath ceart anseo agus Aontroim lán de mhisneach. Ní bheidh mórán eatarthu ach b’fhéidir go dtabharfadh an bua iontach a bhí ag an bhfoireann faoi 20 spreagadh do leaideanna na hardchathrach.

Bainisteoir Loch Garman, Davy Fitzgerald. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Sa chluiche eile i gcúige Laighean inniu ba cheart go mbeadh Loch Garman róláidir do Laois, a bhí ainnis go leor i rith fheachtas na sraithe agus a chríochnaigh gan aon bhua. Agus cé gur chríochnaigh na Carmannaigh sa dara háit sa tsraith ní féidir a rá go rabhadar go hiontach in aon chor. Ach ní fheicim aon bua gan choinne anseo agus beidh Cill Chainnigh mar luach saothair dos na buaiteoirí.

Is dócha gur amárach i bPáirc Semple a bheidh cluiche an deireadh seachtaine nuair a thabharfaidh Port Láirge agus an Clár aghaidh ar a chéile. Thuas seal thíos seal a bhí na Déise le linn na sraithe. Fuaireadar léasadh de shórt ó Chorcaigh sa chéad chluiche agus bhí bua maith ag Gaillimh orthu i lár slí ach taobh amuigh de sin bhíodar os cionn a mbuille. Caithfidh go raibh an bainisteoir Liam Cahill sásta leis an bhfeachtas san iomlán. Is laige iad gan Tadhg De Búrca ach tá painéal fíorláidir curtha le chéile ag Cahill agus creideann siad sa bhfís imeartha atá aige.

Maidir leis na Déise sna cluichí sraithe sin, bhuel bhí sealanna i ngach aon chluiche beagnach ina rabhadar go hiontach ar fad agus tréimhsí eile a raibh cuma na hainnise orthu. Ar a shon sin agus uile ba mhinice go hiontach iad. Bhí dúrúch oibre orthu agus iad ag seachadadh an tsliotair chun cinn beagnach an t-am ar fad. Tá éacht déanta ag Liam Cahill, a tháinig mar bhainisteoir anuraidh, taobh istigh d’achar an-ghairid agus srianta Covid-19 i bhfeidhm do chuid mhaith dá thréimhse. Má bhíonn tromlach na n-imreoirí ar fáil (seachas Tadhg De Búrca), beidh sé deacair iad a bhualadh amárach.
Maidir le contae an Chláir, bhuel bhí údar misnigh anseo is ansiúd ina bhfeachtas sraithe agus comharthaí le feiceáil go bhfuil ar a gcumas a bheith chomh maith leis na foirne is fearr sa tír. Ach thuas seal thíos seal a bhíodar ina dtaispeántais. Má bhíonn drochlá ag Tony Kelly is laige go mór na Cláirínigh. Is deacair a rá cé chomh maith nó a mhalairt is atáid, ach dá gcuirfí srian éigin ar Kelly ba dheacair cás dearfach a dhéanamh dóibh. Is cailliúint ollmhór é Shane O’Donnell atá gortaithe chomh maith.
Ón méid atá feicthe agam den dá fhoireann seo i mbliana déarfainn gurb iad na Déisigh a bheidh ag tabhairt faoi Thiobraid Árann i gceann seachtaine.


Dé Sathairn, 26 Meitheamh

Craobh Shinsir Iomána Laighean

Áth Cliath v Aontroim – Páirc Tailteann, 3pm

Loch Garman v Laois – Páirc Uí Nualláin, 6pm

Dé Domhnaigh, 27 Meitheamh

Craobh Shinsir Iomána na Mumhan

An Clár v Port Láirge – Staid Semple, 3.30pm (Beo ar RTÉ)

Fág freagra ar 'Seans gur na Déisigh a bheidh ag tabhairt faoi Thiobraid Árann i gceann seachtaine'