Ba dheacair torthaí níos fearr a shamhlú ná mar a bhí ag na cúigí sna cluichí Eorpacha an deireadh seachtaine seo caite. Ceithre chluiche, ceithre bhua agus trí cinn acu siúd á n-imirt as baile, rud nach éasca am ar bith ach atá an-deacair go deo sa gcomórtas seo.
Anois beidh na cluichí ceannann céanna le n-imirt arís an deireadh seachtaine seo. Is iad na hUltaigh an chéad fhoireann a chuirfidh chun páirce Ar an Satharn a bheas na Laighnigh ag tabhairt faoi na Exeter Chiefs in athimirt den sárchluiche a chonaic muid idir an dá fhoireann seo seachtain ó shin. Níl aon dabht ann ach gur léirigh fir Átha Cliath an chúis go bhfuil siad i measc rogha na coitiantachta don chomórtas agus iad ag oscailt bearna deich bpointe (18 -8) ar fhoireann bharr an Premiership agus iadsan ag imirt sa mbaile. Níl cúis ar bith nach ndéanfadh na Laighnigh an rud céanna agus buntáiste an bhaile acusan. Sea, bua eile roimh Nollaig do na Laighnigh.
Dé Domhnaigh a bheas na Muimhnigh ag imirt arís i gcoinne na Leicester Tigers thall ar an Welford Road. Seans gurb é an cluiche seo an dúshláin is mó atá roimh aon chúige i mBabhta 4 de Chorn na gCuradh. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh cur leis an mbua iontach 33-10 a bhí acu an Satharn seo caite. Má éiríonn leo sin a dhéanamh, rud nach mbeidh ró-éasca agus na Sasanaigh ar thóir díoltais, beidh greim an fhir bháite acu ar an gcéad áit i nGrúpa 4 agus seans iontach acu dá réir ar áit sna cluichí ceathrú ceannais, fiú agus dhá chluiche fós le n-imirt sna réamhbhabhtaí.
Seans gur ar an mBóthar Beag a bheas an chraic an Satharn seo nuair a bheas na Connachtaigh sa gcoimhlint le Brive na Fraince. Rinne na Connachtaigh aiséirí iontach sa gcluiche seo seachtain ó shin nuair a bhí bua iontach 38 – 31 ar na Francaigh. Tá mise ag tuar nach bhfuil gá ar bith le haon aiséirí sa gcluiche seo, níl bheidh glacadh ag lucht leanta na gConnachtach le haon toradh seachas bua cuimsitheach, rud a tharlóidh.
Seans gur ar an mBóthar Beag a bheas an chraic an Satharn seo
Bhí deireadh seachtaine iontach ag na cúigiú sa Pro 14 an tseachtain seo caite agus is iad na foirne céanna atá á n-imirt arís acu

Fág freagra ar 'Seans gur ar an mBóthar Beag a bheas an chraic an Satharn seo'